Cosaint déanta ag Ó Cuív ar ráiteas a chuir sé ar fáil d’abhcóide fhear a ciontaíodh as sceimhlitheoireacht a stiúradh

Dúirt Éamon Ó Cuív tráthnóna gur chuir sé ‘dréachtráiteas’ ar fáil d’abhcóide Seamus McGrane mar chuid den obair atá ar siúl le fada aige ar mhaithe le ‘grúpa áirithe easaontóirí poblachtánacha a bhogadh ar bhealach na síochána’

Cosaint déanta ag Ó Cuív ar ráiteas a chuir sé ar fáil d’abhcóide fhear a ciontaíodh as sceimhlitheoireacht a stiúradh

Tá cosaint déanta ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar a chinneadh ráiteas a chur ar fáil d’abhcóide an easaontóra phoblachtánaigh Seamus McGrane, ar cuireadh príosún 11 bliain go leith inniu air as stiúradh a dhéanamh ar sceimhlitheoireacht.

Is é McGrane, a raibh baint aige le plean chun pléascán a shéideadh le linn cuairt stáit Phrionsa Charles Shasana in 2015,  an dara duine riamh sa stát seo a ciontaíodh as stiúradh a dhéanamh ar sceimhlitheoireacht.

Dúirt Éamon Ó Cuív ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur chuir sé “dréachtráiteas” ar fáil d’abhcóide McGrane mar chuid den obair atá ar siúl le fada aige ar mhaithe le ”grúpa áirithe easaontóirí poblachtánacha a bhogadh ar bhealach nua agus ar bhealach na síochána”.

Dúirt sé gur chuir sé in iúl sa ráiteas gur thacaigh Seamus McGrane leis an bpróiseas sin agus gur eisigh an grúpa atá i gceist ráiteas le déanaí ag dearbhú go raibh “bealach nua agus a bealach síochána” á bheartú acu.

Dúirt Ó Cuív nach raibh sé sásta an ráiteas a dhréachtaigh sé a chur ar fáil go poiblí “ar mhaithe le cearta daoine eile a chosaint” ach thug an Teachta Dála Gaeltachta le fios go ndearna  sé “cur síos” ann ar an bpróiseas idirghabhála atá ar bun le dhá bhliain anuas maidir leis an ngrúpa easaontóirí a chur ar bhóthar na síochána.

Dúirt sé gur chas sé uair amháin “go luath” i mbliana le Seamus McGrane agus gur thuig sé “go raibh sé ag tacú leis an iarracht”. Dúirt sé gur dhréachtaigh sé an ráiteas d’abhcóide McGrane ar an 10 Deireadh Fómhair agus gur thuig sé an uair sin go raibh ráiteas ag teacht ón ngrúpa lenar bhain an t-easaontóir ag fógairt go raibh fúthu dul i muinín na síochána feasta.

Dúirt sé gurb é “nádúr na hoibre” a bhíonn ar bun aige le príosúnaigh ná go mbíonn sé ag plé le leithéidí McGrane agus gurb í an cineál céanna oibre a bhíodh ar bun le linn an phróisis síochána.

Dúirt Ó Cuív nach raibh “aon náire” air faoin obair a bhíonn ar bun aige i measc príosúnach agus go raibh a fhios ag an “saol fódlach” go mbíonn an obair sin ar siúl aige.

Thug sé le fios go raibh a fhios ag ceannaire a pháirtí Micheál Martin faoin obair sin, ach nach bhféadfadh sé a rá an raibh a fhios ag Martin gur chas sé le Seamus McGrane.

Dúirt Ó Cuív nach raibh “aon difear” idir Seamus McGrane agus príosúnaigh eile ar chas sé leo fad is a bhaineann leis an obair idirghabhála a bhíonn ar bun aige i measc easaontóirí poblachtánacha.

Bhí Éamon Ó Cuív ag freagairt ráiteas a thug an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Noel Rock tráthnóna inar dúirt sé go raibh an ‘litir’ a cuireadh ar fáil d’abhcóide Seamus McGrane “déistineach”.

Dúirt Rock go raibh sé “náireach amach agus amach” go mbeadh Ó Cuív ag maíomh go raibh McGrane ag tacú lena chuid iarrachtaí ‘ar son phróiseas na síochána’. Mhínigh Ó Cuív tráthnóna nach é ‘an próiseas síochána’ as ar tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta a bhí i gceist ach próiseas eile ar fad chun grúpa áirithe easaontóirí a thabhairt ar bhóthar na síochána.

D’fhiafraigh Rock arb amhlaidh gur chreid Ó Cuív gurb í ‘an fhís ar bhóthar na Damaisce’ a bhí feicthe ag McGrane.

“Does Deputy Ó Cuív believe that planning to murder a member of the British royal family is supporting peace?

“Is he trying to show us that this terrorist who has convictions dating back to the 1970s was having a road to Damascus conversion? Who is Deputy Ó Cuív trying to fool here? It is a disgusting attempt by a TD to try and influence our courts,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Ó Cuív ar ráiteas a chuir sé ar fáil d’abhcóide fhear a ciontaíodh as sceimhlitheoireacht a stiúradh'