‘Cosain do cheann! Seachain an clásal dobhriathartha sin!’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bíonn dornálaithe i mbun traenála chuile lá agus b’fhiú do scríbhneoir ar bith a sampla a leanacht

‘Cosain do cheann! Seachain an clásal dobhriathartha sin!’

Níos túisce i mbliana, nuair a bhí an t-ionad aclaíochta dúnta ag an gcoróinvíreas ar feadh roinnt mhaith míonna, chuir mé spéis sa dornálaíocht mar bhealach chun an ruaig a chur ar na calraí agus ar an leadrán.

Cheannaigh mé lámhainní ar líne, d’íoslódáil aip a mhúineann na gluaiseachtaí bunúsacha duit, rinne dianstaidéar ar fhíseáin a bhí múinteoir dornálaíochta an-dathúil ar YouTube, agus thosaigh ag cleachtadh os comhair an scátháin.

Tá cosúlachtaí móra idir an scáthdhornálaíocht agus an scríbhneoireacht. Caithfidh tú misneach a bheith agat chun aghaidh a thabhairt ar d’aistíl, ar do chiotacht agus ar do thallann theoranta féin os comhair an scátháin.

Ar an gcaoi chéanna, teastaíonn misneach uait chun aghaidh a thabhairt orthu os comhair an leathanaigh bháin.

Misneach agus disciplín.

Ní fiú tabhairt faoin dornálaíocht ná faoin scríbhneoireacht mura bpiocfaidh tú suas na lámhainní, nó an peann, nach mór chuile lá.

Léirigh mo thaithí os comhair an scátháin dom, arís eile, gur matán atá san intinn agus gur féidir í a thraenáil ar nós matáin ar bith eile.

Ní raibh aon taithí agam ar an dornálaíocht, agus cé go bhfuil dúil mhór agam san aclaíocht ní hionann sin is a rá go bhfuil bua ar leith agam i gcúrsaí spóirt.

Ní bhíonn gastacht ná grástúlacht ag baint le mo chuid gluaiseachtaí agus bíonn deacracht ar leith agam treoracha (‘Smitín! Smitín! Trasdorn! Céim chun tosaigh! Dorn aníos! Cosain do cheann! Coinnigh do ghlúine lúbtha!’) a phróiseáil i m’aigne agus iad a chur ar aghaidh go dtí mo ghéaga.

Ar ámharaí an tsaoil, is féidir an firín beochana a mhúineann na gluaiseachtaí san aip dhornálaíochta a mhoilliú síos an oiread sin gur éirigh liomsa, fear 45 bliain d’aois, mo chuid féin a dhéanamh díobh de réir a chéile.

Bhí mé ag scáthdhornálaíocht le mí nó mar sin nuair a thuig mé nach gá gluaiseachtaí ar bith a phróiseáil i d’aigne ón uair a stóráiltear iad i gcuimhne an choirp, an chuid sin den intinn a rialaíonn cuid mhór dá ndéanaimid go huathoibríoch: anáil a tharraingt, bia a chogaint, siúl.

Cleachtadh laethúil (nach mór) an t-aon rud a chinnteoidh go stórálfar gluaiseachtaí nua i gcuimhne an choirp.

Agus scéal á insint aige lena dhoirne ní mór don dornálaí súil a choinneáil ar a chéile comhraic, ar a análú, ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid coisíochta féin, agus ar ndóigh ar rialacha an chluiche – agus é sin ar fad ag an am céanna.

Agus scéal á insint aige ar pháipéar ní mór don scríbhneoir súil a choinneáil ar charachtair agus ar phlota, ar a shláinte mheabhrach féin, ar litriú agus ar rialacha gramadaí – agus é sin ar fad ag an am céanna.

Bíonn dornálaithe i mbun traenála gach uile lá lena chinntiú go bhfeidhmeoidh a ngéaga nach mór go huathoibríoch agus iad sa chró dornálaíochta. B’fhiú do scríbhneoir ar bith a sampla a leanacht má theastaíonn uaidh a bheith chomh lúfar céanna ar an leathanach bán.

Fág freagra ar '‘Cosain do cheann! Seachain an clásal dobhriathartha sin!’'

  • alan titley

    Ceann iontach eile ó Alex. Tuigim dó. An áit is uaigní ar domhan is ea an cró dornálaíochta. Dheineas beagán mé féin, mar throid m’athair ar son na hÉireann (mar dhornálaí). Trí bhabhta a bhí agamsa. Chailleas ceann, bhaineas ceann, agus ní cuimhin liom an ceann eile…