Maidin Dé Sathairn, ag 10am am na hIodáile, a bheidh sochraid an Phápa Proinsias.
An Cairdinéal Giovanni Battista Re, Déan Choláiste na gCairdinéal, a bheidh i mbun liotúirge na sochraide taobh amuigh de Bhaisleac Naomh Peadar.
Ina dhiaidh sin tabharfar corp an Phápa, a bhásaigh inné agus é 88 bliain, go dtí Baisleac Santa Maria Maggiore, an áit a raibh an Pápa ag iarraidh go gcuirfí é.
Agus am na sochraide á fhógairt ag údaráis na Vatacáine cuireadh amach chomh maith pictiúir den Phápa i gcónra oscailte.
Tá róba dearg air sna pictiúir, mítéar dearg ar a cheann agus coróin Mhuire ina lámha aige.
Tabharfar corp an Phápa go dtí Baisleac Naomh Peadar maidin amárach, áit a gcoimeádfar an chónra go dtí Dé Sathairn le deis a thabhairt don phobal ómós a thabhairt dó.
Ceann de na cinntí deireanacha a rinne an Pápa ná deasghnátha casta móiréiseacha na sochraide pápaí a dhéanamh níos simplí.
Go traidisiúnta trí chónra a bhíonn ag an bpápa, ceann déanta as adhmad cufróige, ceann déanta as luaidhe agus ceann déanta as leamhán. De ghnáth cuirtear trí chónra pápa isteach ina chéile sula gcuirtear é i bpluaiseanna na Vatacáine thíos faoi Baisleac Naomh Peadar.
Cónra adhmaid amháin, líneáilte le sinc, a bheidh ag an bPápa Pronsias agus ní ardófar ar sheastán é mar a tharlaíodh le cónraí pápaí roimhe seo.
Tá cúig lá oifigiúla dobróin fógartha ag Rialtas na hIodáile.
Nuair a chuirfear an Pápa Dé Sathairn beidh 15-20 lá ag Déan Choláiste na gCairdinéal na cairdinéil a thionól chuig comhthionól cairdinéal, conclave, a roghnóidh go rúnda an chéad phápa eile.
Dheimhnigh an Pápa ina thiomna deiridh gur mhaith leis go gcuirfí é i mBaisleac Santa Maria Maggiore sa Róimh agus dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh go ndéanfaí “aon mhaisiú ar leith” ar a thuama.
I mBaisleac Naomh Peadar a cuireadh go leor pápaí roimhe seo agus níor cuireadh aon phápa i mBaisleac Santa Maria Maggiore ó 1669.
D’iarr an Pápa Proinsias, a bhásaigh inné agus é 88 bliain, go mbeadh an leagan Laidine dá ainm pápach – Franciscus – mar inscríbhinn ar a thuama.
Mhínigh sé ina thiomna deiridh an chúis gur mhaith leis go gcuirfí i mBaisleac Santa Maria Maggiore é.
“Agus an bhraistint agam go bhfuil mo sheal nach mór tugtha agam sa saol seo, agus mé an-dóchasach faoin mbeatha shíoraí, ba mhaith liom na rudaí deireanacha atá uaim a leagan amach, rudaí a bhaineann leis an áit go gcuirfear mé agus leis sin amháin.
“Le linn mo shaoil agus le linn mo mhinistreachta mar shagart agus easpag, chuir mé mé féin i gcónaí faoi chúram Mháthair Dé, an Mhaighdean Bheannaithe.
“Dá bharr sin, iarraim go gcuirfear mo chorp –nó go dtiocfaidh lá an Aiséirí – i mBaisleac Pápach Santa Maria Maggiore.”
Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh deireadh lena “aistear sa saol seo” san áit chéanna a théadh sé ag paidreoireacht go minic chun buíochas a ghabháil le Muire as aire a thabhairt dó.
“Go gcúití Dia mar is ceart gach duine a thug grá dom agus a leanann orthu ag guí ar mo shon. An fhulaingt a bhaint leis an gcuid dheireanach de mo shaol ofrálaim don Tiarna í ar mhaithe le síocháin sa domhan agus bráithreachas idir daoine.”
Fág freagra ar 'Corp an Phápa Proinsias ina luí faoi ghradam stáit go dtí go dtionólfar a shochraid Dé Sathairn'