Corcaigh v Cill Chainnigh agus na cluichí móra eile ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Tá tús ag teacht le Sraith Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo agus caitheann Tuairisc.ie súil ar na cluichí móra eile

Eoin Larkin (Cill Chainnigh) le seilbh an tsliotair i gcluiche i gcoinne Chorcaigh i 2013. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Eoin Larkin (Cill Chainnigh) le seilbh an tsliotair i gcluiche i gcoinne Chorcaigh i 2013. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tráthnóna inniu atá an cluiche is mó den chéad bhabhta den tSraith Iomána Allianz.

Beidh curaidh na Mumhan agus curaidh Chúige Laighean ag imirt faoi na soilse i bPáirc Uí Rinn anocht agus  Corcaigh agus Cill Chainnigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Bhain go leor den chaint faoin gcluiche seo le cén chuma a bheidh ar fhoireann Chill Chainnigh. Mar a tá fhios againn, d’éirigh cúigear, David Herity, JJ Delaney, Brian Hogan, Tommy Walsh agus Aidan Fogarty, as an imirt sna seachtainí tar éis Chluiche Ceannais na hÉireann.

Níl fáil ag Brian Cody ar imreoirí Bhaile hÉil ach oiread, mar go bhfuil siad cáilithe do Cluiche Ceannais na gClub ar Lá Fhéile Phádraig. I measc na n-imreoirí a bheidh ag imirt an lá sin, tá Henry Shefflin, TJ Reid, Joey Holden, chomh maith le Michael agus Colin Fennelly.

Cuir san áireamh an triúr eile atá gortaithe faoi láthair – John Power, Richie Power agus Eoin Larkin – agus níl fáil ag Cody ach ar 50% den phainéal a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh.

Lena chois sin, níl aon chluichí iomaíocha imeartha ag an bhfoireann i mbliana tar éis dóibh tarraingt amach as Corn Bhreathnach de bharr bhás tobann John Ryan, athar chaptaen na bliana anuraidh, Lester.

Maidir leis na Corcaígh, ardú meanman dóibhsean ab ea an scéala ag deireadh na craoibhe go bhfuil Aidan Walsh chun díriú ar an iomáint amháin i mbliana. Beidh Jimmy Barry Murphy sásta go leor leis na taispeántais a thug a fhoireann uathu i gCorn Waterford Crystal i mí Eanáir. Shroich Corcaigh an cluiche ceannais sa chomórtas sin, ach fuair Luimneach an ceann is fearr orthu tar éis dóibh buanna maithe a fháil in aghaidh An Chláir, CIT agus Ollscoil Luimnigh.

hiad na cluichí idirchontae amháin atá ina gcluichí móra an deireadh seachtaine seo ach an oiread. Ar an Satharn agus ar an Domhnach, cáileoidh dhá fhoireann do Chluiche Ceannais Peile na gClub an mhí seo chugainn. Tráthnóna Dé Sathairn, buailfidh seaimpíní na Gaillimhe, Cora Finne, ar churaidh na hÉireann i 2014, Naomh Uinsionn as Baile Átha Cliath.

Is cluiche é ina mbeidh dhá stíl imeartha dhifriúla ag teacht le chéile, na Gaillimhigh mar a bheadh foireann idirchontae sa mhéid is go ndéanann siad athchúrsáil ar an liathróid. Ar an taobh eile, tá Naomh Uinsionn níos oscailte, ag brath ar scil imreoirí cosúil le Diarmuid Connolly agus Tomás Quinn chun deiseanna a chruthú.

Sa chluiche leathcheannais eile ar an Domhnach, beidh Kieran Donaghy agus Na Stacaigh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Sleacht Néill chun deis a fháil imirt i bPáirc an Chrócaigh ar 17 Márta.

Dé Sathairn, 14 Feabhra

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

Corcaigh v Cill Chainnigh, Páirc Uí Rinn, 7i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Luimneach v Port Láirge, Páirc na nGael, 7i.n.

Laois v Uíbh Fhailí, Portlaoise, 7i.n.

Craobh Peile Sinsear na hÉireann – Cluiche Leathcheannais

Cora Finne (Gaillimh) v Naomh Uinsionn (Baile Átha Cliath), Tulach Mhór, 2i.n.

Craobh Peile Idirmheánach na hÉireann – Cluiche Ceannais

Ard Fhearta (Ciarraí) v Naomh Crón (Ros Comáin), Páirc an Chrócaigh, 4.45i.n.

Craobh Peile Sóisear na hÉireann – Cluiche Ceannais

John Mitchell’s (Learpholl) v Brosnach (Ciarraí), Páirc an Chrócaigh, 3i.n.

Dé Domhnaigh, 15 Feabhra

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

Gaillimh v An Clár, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Baile Átha Cliath v Tiobraid Árann, Páirc Pharnell, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Loch Garman v Aontroim, Páirc Loch Garman, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A

An Iarmhí v Londain, Páirc Uí Chíosóg, 12i.n.

Ciarraí v Doire, Páirc Aibhistín de Staic, 1i.n.

Ceatharlach v Cill Mhantáin, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

Dún na nGall v Maigh Eo, Leitir Ceannain, 2i.n.

An Dún v Ard Mhacha, Páirc Esler, 2i.n.

An Mhí v Cill Dara, Baile Átha Troim, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3A

Tír Eoghan v Muineachán, An Ómaigh, 2i.n.

Fear Manach v Fine Gall, Páirc Brewster, 2i.n.

Ros Comáin v An Lú, Áth Liag, 2i.n.

Craobh Peile Sinsear na hÉireann – Cluiche Leathcheannais

Na Stacaigh (Ciarraí) v Sleacht Néill (Doire), Portlaise, 4i.n.

Craobh Iomána Idirmheánach na hÉireann – Cluiche Ceannais

Kilburn Gaels (Londain) v Ó Donnabháin Rosa (Aontroim), Páirc an Chrócaigh, 3.45i.n.

Craobh Iomána Sóisear na hÉireann – Cluiche Ceannais

Droichead Binéid (Cill Chainnigh) v Fullen Gaels (Lancashire), Páirc an Chrócaigh, 2i.n.