Corcaigh ag dul sa bhearna bhaoil sa pheil agus san iomáint

Tabharfaidh iománaithe Chorcaí aghaidh ar Ghaillimh sa chluiche dícháilithe i Roinn 1A tráthnóna. Níos luaithe, beidh na peileadóirí ag dul sa ghleo i dTrá Lí agus a bhfuil i ndán dóibh sa chomórtas idir dhá cheann na meá

Mark Ellis (Corcaigh) ag iarraidh breith ar Jonathan Glynn (Gaillimh) sa chraobh i 2015. INPHO/Cathal Noonan
Mark Ellis (Corcaigh) ag iarraidh breith ar Jonathan Glynn (Gaillimh) sa chraobh i 2015. INPHO/Cathal Noonan

Gaillimh v Corcaigh, Páirc an Phiarsaigh, 4.45i.n.

Níor bhuaigh Gaillimh ach cluiche amháin i sraith na bliana seo, in aghaidh Chorcaí sa chéad bhabhta, agus beidh orthu an bua a fháil arís i bPáirc an Phiarsaigh tráthnóna má tá siad chun a n-áit i Roinn 1A a choinneáil bliain eile.

Bheadh sé dian ar fhoireann Micheál Donoghue dá bhfaighidís ísliú céime i mbliana agus gan ach dhá chluiche caillte acu go dtí seo, go háirithe nuair a chaill Corcaigh gach cluiche a bhí acu. Ag an bpointe seo, áfach, is cuma faoi na cluichí a imríodh roimhe seo agus pé dream a bhuafaidh inniu, beidh an chreach leo.

Mura n-éiríonn le foireann Kieran Kingston, bainisteoir Chorcaí, athrú mór chun feabhais a dhéanamh, tá sé deacair a shamhlú go dtiocfaidh na Muimhnigh slán ón gcath seo. Seachas an cluiche inar sheas siad an fód in aghaidh Chill Chainnigh, tá lagthaispeántais tugtha uathu ag Corcaigh sa tsraith, go háirithe ó thaobh na cosanta de. Tá níos mó scóranna géillte acu ná aon fhoireann eile sa tSraith Náisiúnta Iomána agus is cinnte go mbeidh Gaillimh ag iarraidh leas a bhaint as an laige sin.

Tá fadhbanna san ionad sin ag na Gaillimhigh iad féin de bharr gortuithe. Tá Fergal Moore, Johnny Coen, Daithí Burke agus Pádraig Mannion uile ag streachailt le cúpla seachtain anuas. Beidh fáil arís ag Corcaigh ar Sheamus Harnedy, fear a chruthaigh deacrachtaí do na Gaillimhigh níos luaithe sa bhliain sular gortaíodh é agus beidh na Muimhnigh ag iarraidh go dtabharfaidh an tosach spreagadh dá chomrádaithe.

Is iad Joe Canning agus Niall Burke a rinne an chuid is mó den scóráil nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mí Feabhra agus is orthusan a bheidh Gaillimh ag brath arís inniu. Bhí sárbhliain ag Cathal Mannion, Jason Flynn agus Conor Whelan i measc na dtosaithe anuraidh, ach níl an oiread sin gaisce déanta acu fós.

É sin ráite, bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh ar Chorcaigh le roinnt blianta anuas agus gach seans gurb é an scéal céanna a bheidh ann arís tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Kieran Donaghy (Ciarraí), Alan O'Connor agus Jamie O'Sullivan (Corcaigh) i gcluiche ceannais na Mumhan 2016. INPHO/Donall Farmer
Kieran Donaghy (Ciarraí), Alan O’Connor agus Jamie O’Sullivan (Corcaigh) i gcluiche ceannais na Mumhan 2016. INPHO/Donall Farmer

Ciarraí v Corcaigh, Páirc Aibhistín de Staic, 2i.n.

Agus an babhta deireanach den tSraith Peile Náisiúnta sroichte againn, is iad Baile Átha Cliath amháin atá cinnte d’áit sna cluichí leathcheannais. Ba cheart go mbainfeadh Ros Comáin agus Ciarraí áit ina dteannta de bharr dhifríocht na scór ach tá a bhfuil i ndán don cheithre fhoireann eile, Dún na nGall, Maigh Eo, Corcaigh agus Muineachán, idir dhá cheann na meá. Is féidir leo uile áit a bhaint amach sna cluichí leathcheannais ach tá siad uile i mbaol a ndíbeartha ó Roinn 1 chomh maith.

As na foirne sin, is ag Corcaigh agus Dún na nGall atá an deis is fearr áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais. Faoi láthair, tá Dún na nGall go mór chun cinn ar Chorcaigh ó thaobh difríocht na scór agus 24 pointe eatarthu. Tá Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar Mhuineachán, áfach, foireann a bhfuil bua ag teastáil uathu chun fanacht i Roinn 1, agus beidh Corcaigh ar a ndícheall ag iarraidh tuisle a bhaint as Ciarraí i dTrá Lí.

Sin go díreach a tharla dhá bhliain ó shin i bPáirc Aibhistín de Staic, nuair a bhí farasbarr deich bpointe ag Corcaigh in aghaidh a sean-naimhde. Bhí bua mór acu ar Chiarraí arís anuraidh, nuair a bhuaigh siad ar fhoireann Éamonn Fitzmaurice leis an scór 3-17 in aghaidh 2-9.

Agus an bua faighte acu ar Mhuineachán agus an Dún le cúpla seachtain anuas, tá Corcaigh ag dul sa treo ceart arís tar éis dóibh trí chluiche as a chéile a chailleadh, ach an babhta seo tá foireann atá ar ais ar an mbóthar cinnte.

I ndiaidh dhá bhabhta den tsraith, bhí an chuma ar Chiarraí go mbeadh siad i mbaol ísliú céime a fhailm ach tá ceithre chluiche as a chéile anois buaite acu agus iad ag dul ó neart go neart. Níor tháinig foireann Fitzmaurice ar ais le chéile go dtí lár mhí Eanáir agus breathnaíonn sé anois gurbh í sin ba chúis lena dteip in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus Ros Comáin.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí.

Fág freagra ar 'Corcaigh ag dul sa bhearna bhaoil sa pheil agus san iomáint'