Tá na searmanais chuimhneacháin thart. Gach bliain go dtí seo bhíodh bigil ar an mbaile in ómós don naonúr is fiche a maraíodh i sléacht na hÓmaí fiche bliain ó shin. Ba é searmanas na Céadaoin seo thart an ceann deiridh de na cuimhneacháin bhliantúla ar an uafás. As seo amach déanfaidh gaolta comóradh go príobháideach ar a muintir a sciobadh uathu nuair a leag an Fíor IRA carrbhuama ollmhór i sráid phlódaithe ar cheann de na laethanta ba ghnóthaí sa mbliain. Is ar ócáidí móra – 25 bliain nó 30 bliain cur i gcás –a bheidh comóradh poiblí ann feasta.
Teastaíonn ó chuid de na teaghlaigh, leithéidí Kevin Skelton go dtabharfar suaimhneas do na mairbh, iad den bharúil nach bhfuil seans ar bith go gciontófar éinne as an sladmharú. Teastaíonn ó dhaoine eile, Michael Gallagher ina measc, go mbunófaí fiosrú poiblí thuaidh/theas faoin uafás, go háirithe faoi na líomhaintí go bhféadfaí an t-ionsaí a sheachaint murach gur deineadh faillí i dtaca le réamhaisnéis.
Ba é an t-éileamh sin agus na líomhaintí faoi fhaisnéis nár roinneadh leis an RUC ar an Ómaigh roimh an 15 Lúnasa 1998 faoi ndear an t-easaontas míchuibheasach a bhris amach cothrom an lae a tharla an t-uafás. Bhí na teaghlaigh ag triall ar uaigheanna ar maidin roimh an bhigil san iarnóin nuair a thosaigh an argóint.
Bhí ardmheas ag teaghlaigh na hÓmaí ar Nuala O’Loan mar Ombudsman na bPóilíní Sheas sí an fód dóibh, roinn sí eolas leo agus cháin sí fiosrú na bpóilíní ar an uafás. Dé Céadaoin, in agallamh ar BBC Radio Uladh, dúirt sí go gcreideann sí anois go raibh dóthain faisnéise ar fáil roimh an sléacht ar an Ómaigh chun beartais a dhéanamh le theacht salach ar ionsaí; níor roinn an Brainse Speisialta ná seirbhísí faisnéise an t-eolas, nó na luaidreáin, le ceannfort na bpóilíní ar an Ómaigh agus dá bhrí sin níor deineadh aon bheart chun an t-ionsaí a sheachaint. Dúirt an Bhanbharún O’Loan nárbh fhéidir léi é sin a rá go cinnte ina tuarascáil mar Ombudsman in 2001 ach gurb é a tuairim láidir anois é, bunaithe ar eolas a fuair sí i gcaitheamh na mblianta. Bhí sí meáite de go raibh ceisteanna le freagairt ag na húdaráis thuaidh agus theas agus gur fiosrú poiblí thuaidh/theas an t-aon bhealach chun an fhírinne a aimsiú.
Ar éigean gur iontas é nach raibh Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton sásta le caint an iarOmbudsman. Chuaigh seisean ar chlár eile ar an raidió chun a breithiúnas a bhréagnú. (Tá ráiteas oifigiúil ullmhaithe ag an PSNI le haghaidh cás cúirte a éistfear taobh istigh de bhliain ag rá nach raibh dóthain faisnéise ag póilíní chun stop a chur leis an ionsaí). Dúirt Hamilton go raibh Nuala O’Loan ag bréagnú a tuarascála féin ó 2001 gan aon fhianaise nua a sholáthar. Níl an PSNI i bhfabhar fiosrú poiblí agus tá an t-eiteachas tugtha ag an dá rialtas don éileamh.
Thairis sin chuir Hamilton i leith O’Loan go raibh a cuid cainte ar an lá áirithe sin tútach. Bhí sí ag baint suaitheadh as na gaolta arís eile, dar leis, ag cur lena dtráma. Is cosúil nár rith sé leis go raibh sé féin ar an ealaín chéanna. Iad beirt ionraic ach dhá ego mhóra ag sárú ar a chéile.
Bhí go leor den bharúil go raibh comhordú áirithe i gceist maidir le héileamh Nuala O’Loan. Ceapadh gur dócha go ndearna sí é i gcomhar le muintir na hÓmaí, nó bunaithe ar chomhairle uathu. Ní léir an fíor sin, ach tá a fhios go bhfuil athair Aidan Gallagher a maraíodh sa phléasc, Michael Gallagher, duine d’urlabhraithe na dteaghlach, cíocrach le fiosrú poiblí a bhaint amach.
Dúirt Kevin Skelton, ar maraíodh a bhean Philomena gur chuir an argóint ar lá an chuimhneacháin alltacht air. D’fhéadfadh Nuala O’Loan a ráiteas a dhéanamh lá ar bith, arsa an bhaintreach fir atá ina chathaoirleach ar ‘Families Moving On’. Cén fáth a ndearna sí inniu é? ‘Ní fhéadfadh sé a bheith níos míthráthúla,” ar sé.
Tá an-chuid ceisteanna gan freagairt faoin uafás féin, faoin tréimhse roimhe, faoin bhfiosrú easnamhach agus faoi na cásanna coiriúla ar theip orthu ach seans nárbh í an Chéadaoin sin an t-am ba thráthúla le dhul i mbun iomarbhá fúthu.
An fiú a bheith ag éileamh fiosrú poiblí trasteorann? Conas a dhéanfaí e? Chaithfí reachtaíocht speisialta a rith thuaidh agus theas lena bhunú. Agus ansin, an gcuirfí gach eolas ar fáil? Nó an dtiocfadh slándáil náisiúnta (sa dá dhlínse) salach air?
Tá sé thar am córas ceart a bhunú chun freagraí a sholáthar d’íospartaigh. Tá an tsiléig agus an tsáraíocht faoi oidhreacht na dTrioblóidí chomh seafóideach is atá sé náireach. Tá polaiteoirí, iarpharaimíleataigh agus paraimíleataigh seasta ag faire thar a ngualainn ar a chéile gan faic a dhéanamh. Agus is iad na daoine a d’fhulaing ar an Ómaigh agus sna mílte eachtra eile atá thíos leis.
Fág freagra ar 'Conspóid mhíthráthúil ar lá cuimhneacháin shléacht na hÓmaí'