Conspóid faoi phóstaer KNEECAP dá ‘Farewell to the Union Tour’

I bpóstaer poiblíochta KNEECAP léirítear ceannaire an DUP agus Príomh-Aire na Breataine ar bharr tine chnámh, a bhfuil an chuma uirthi gur i gceantar an New Lodge in iarthar Bhéal Feirste atá sí

Conspóid faoi phóstaer KNEECAP dá ‘Farewell to the Union Tour’

Tá cosaint déanta ag an ghrúpa KNEECAP as Béal Feirste ar phóstaer poiblíochta dá gcamchuairt nua ina bhfuil ceannaire an DUP agus Príomh-Aire na Breataine le feiceáil agus iad ceangailte de roicéad ar bharr tine chnámh. 

Sa phóstaer, léirítear ceannaire an DUP Arlene Foster agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar bharr tine chnámh, a bhfuil an chuma uirthi gur i gceantar an New Lodge in iarthar Bhéal Feirste atá sí.

Tá an bheirt rapairí atá sa ghrúpa, Móglaí Bap agus Mo Chara, a tógadh le Gaeilge i mBéal Feirste, le feiceáil sa phóstaer agus greim ag duine acu ar bhuama peitril.

Cáineadh an póstaer ar na meáin shóisialta agus dúirt duine amháin go raibh KNEECAP ag teacht i dtír ar “fíorthráma” a d’fhulaing daoine le linn na dtrioblóidí.

I ráiteas a chuir KNEECAP amach faoin phóstaer conspóideach, a scaipeadh ar leathanaigh shóisialta an ghrúpa an tseachtain seo, dúradh nach bhfuil sa phóstaer ach “dea-phíosa ealaíne”.

“Baineann an póstaer leis an chéad chamchuairt ag KNEECAP i Sasana agus in Albain.

“Bhí muid ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár gcomrádaithe i Sasana agus in Albain a bhfuil orthu cur suas leis na Tóraithe lofa, agus leis an slad atá á dhéanamh acu ar an lucht oibre.

‘Farewell to the Union Tour’ atá á thabhairt ag an ngrúpa ar an chamchuairt nua. 

Dúirt KNEECAP nach miste leo má chuireann na póstaer isteach ar dhaoine, a fhad is a théann siad chuig na ceolchoirmeacha atá beartaithe acu i nGlaschú, Londain agus Learpholl mí Feabhra seo chugainn.

Ní hé seo an chéad uair go bhfuil conspóid tarraingthe ag KNEECAP orthu féin.

Anuraidh bhí tuairiscí faoi na rapairí Feirsteacha sna meáin i ndiaidh dóibh a bheith díbeartha den stáitse ag ceolchoirm sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Rinne an DUP cáineadh ar an bhanna roimhe sin mar gheall go raibh ‘Brits Out’ á bhéiceadh ón stáitse ag lucht KNEECAP ag ceolchoirm san Empire Music Hall i mBéal Feirste.

Chuir Facebook cosc trí lá ar leathanach KNEECAP tar éis don bhanna físeán den eachtra a chur suas.

Bhí conspóid freisin i gceist leis an chéad amhrán a d’eisigh an grúpa ‘C.E.A.R.T.A’.

Reáchtáil an grúpa feachtas ar na meáin shóisialta ag tús na bliana seo caite nuair a baineadh ‘C.E.A.R.T.A’ ó sheinnliosta RTÉ 2 FM mar gheall ar eascainí agus tagairtí d’úsáid drugaí a bheith ann.

Gheall an banna an t-am sin “go mbeadh gach amhrán chomh conspóideach lena chéile agus nach mbeadh cead ag aon amhrán a bheith ar RTÉ 2FM go deo”.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi phóstaer KNEECAP dá ‘Farewell to the Union Tour’'

  • Seán Fennell

    Cnocán de chnapán, míol mór de mhíoltóg…is maith leis na dilseoirí agus protastúnaigh na tínte cnámha, cuireann siad postaeir agus bratacha Éireannacha agus poblachtanacha orthu gach bliain, a bhíonn i bhfad níos measa ná an cartún poiblíochta seo. Lasann siad Lundy gach bliain i nDoire fosta, níl anseo ach greann agus poiblíochta, gliceas KNNEECAP iad féin a chur i lár an aonaigh. Dála an scéil, tá an Lóiste Úr i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a thaifead Rhianna míreanna don fhísean I found love in a Hopeless place, publicity stunt eile. Maith sibh leaids