FÍSEÁN: ‘Amach Anocht’ – Amhrán nua leis na ceoltóirí rap KNEECAP

Tá an dara hamhrán curtha amach ag KNEECAP, beirt rapairí óga a tharraing aird mhór agus roinnt conspóide anuraidh lena gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’

FÍSEÁN: ‘Amach Anocht’ – Amhrán nua leis na ceoltóirí rap KNEECAP

Tá físeán agus amhrán úr ‘Amach Anocht’ eisithe ag na ceoltóirí rap conspóideacha Feirsteacha KNEECAP

Seo an dara hamhrán le KNEECAP, beirt rapairí óga a tharraing aird mhór agus roinnt conspóide anuraidh lena gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’ mar gheall ar eascainí agus tagairtí d’úsáid drugaí a bheith ann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt Moglaí Bap gur bhain siad  “an-sult” as a bheith ag gabháil den fhíseán úr, ina bhfuil sé féin agus a leathbhádóir Mo Chara “i mbun spraoi” ina gceantar dúchais, Iarthar Bhéal Feirste.

“Bhain muid sult mór as an amhrán a chumadh agus an físeán a chur le chéile,” ar sé.

“Má thaitníonn sé linn agus le daoine thart orainn, sin is tábhachtaí. Níl muid róbhuartha faoi cad é a shíleann daoine faoi,” a dúirt Moglaí Bap.

Léiriú iad an díséad dalba ar “ghlúin óg éagsúil” de chainteoirí Gaeilge agus ar a bhféiniúlacht atá “idir dhá chultúr”, dar le Moglaí Bap.

“Cluinfidh tú achan rud ag teacht ónár mbéal – Gaeilge, Béarla, drochGhaeilge – ní bheadh a fhios agat cad é a thiocfas amach,” ar sé.

D’éirigh leo ‘Amach Anocht’ a dhéanamh a bhuíochas d’fheachtas bailiúcháin airgid a seoladh ag tús na bliana.

Gheall an banna do lucht tacaíochta an fheachtais “go mbeadh gach amhrán chomh conspóideach lena chéile agus nach mbeadh cead ag aon amhrán a bheith ar RTÉ 2FM GO DEO!”.

Deir lucht KNEECAP, a bhuaigh dhá ghradam ag Gradaim Cheoil NÓS i mbliana – ‘Físeán na Bliana’ agus ‘Núíosach na Bliana’ – go bhfuil sé i gceist acu dhá amhrán eile a chur amach an samhradh seo, chomh maith le ‘téip mheasctha’ a mbeidh 8 n-amhrán le cloisteáil uirthi, ‘C.E.A.R.T.A’ agus ‘Amach Anocht’ ina measc.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Amach Anocht’ – Amhrán nua leis na ceoltóirí rap KNEECAP'

  • Concubhar

    Céist agam ar leitheoirí Tuairisc: Ag tús na bliana bronnadh gradaim Nós agus i measc na mbuaiteoirí bhí an amhrán ‘Déan é’ le Sruth na Maoile. Bhuaigh an amhrán sin ‘Amhrán na Bliana’. Mar dhuais bhí taifead nua le déanamh ar an amhrán agus bhí sé le bheith ar sheinnliosta 2FM – an rud is annamh is iontach d’amhrán Ghaeilge. D’eirigh leis an amhrán sin sa chomórtas a rinne moltóirí ó 2FM moltóireachta air in ainneoin go raibh amhráin eile – C.E.A.R.T.A. le Kneecap ina measc – san iomaíocht. Ar chuala éinne agaibh Déan é le Sruth na Maoile ar 2FM ó shin? Ba mhaith liom a cheapadh gur seinnfeadh é níos mó ná uair amháin – nó arbh cur i gcéill an rud ar fad?