Conor Murphy aistrithe ó dheas – céim straitéiseach nó bogadh go dtí an taobhlíne?

Bhain an plean go mbogfadh fear dheisceart Ard Mhacha ó dheas geit as daoine ina pháirtí féin chomh maith le daoine lasmuigh de

Conor Murphy aistrithe ó dheas – céim straitéiseach nó bogadh go dtí an taobhlíne?

Ón lá ar fhógair Conor Murphy, Aire Eacnamaíochta Stormont, go seasfadh sé i dtoghchán an tSeanaid bhí a fhios go dtoghfaí é. Bhí na huimhreacha ag Sinn Féin don ngnó. Oíche Dhomhnaigh, maidin Dé Luain fógraíodh an toradh. Ba í an cheist –cén fáth an t-aistriú.

Bhain an plean go mbogfadh fear dheisceart Ard Mhacha ó dheas geit as daoine ina pháirtí féin chomh maith le daoine lasmuigh de. Aire sinsearach in Stormont ab ea é, príomh-idirbheartaí Shinn Fein ach tá sé ag imeacht tráth a bhfuil obair dhúshlánach fós le déanamh ag an bhFeidhmeannas.

Dúirt sé féin agus uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald go raibh sé ag dul chuig an Seanad chun feachtas an aontais a chur chun cinn. Dúirt sé Dé Luain go dtabharfadh sé dearcadh an tuaisceartaigh chuig Teach Laighean. Chuir sé fainic ar an rialtas gan neamhaird a dhéanamh ar cheist athaontú na hÉireann. Tá an feachtas athaontaithe ag bailiú nirt, ar sé, agus súil aige cur leis. Léiriú ar thiomantas Shinn Féin d’ionadaíocht ar mhuintir na hÉireann uilig, arsa an páirtí. Céim nádúrtha ar a chúrsa polaitiúil í, arsa Murphy. Chuideodh a thaithí leis an díospóireacht faoi athaontú na hÉireann a fhorbairt.

Tá taithí fhairsing aige, cáilíochtaí a ceapadh a bheith tábhachtach don bhfiontar in Stormont. Chaith sé ocht mbliana ina chomhairleoir áitiúil. Toghadh ina Theachta Tionóil é i 1998, bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta. Chaith sé deich mbliana ó 2005 mar fheisire Parlaiminte don Iúr agus Ard Mhacha sular fhill sé lán-aimseartha ar Stormont. Bhí sé ina aire i dtrí cinn de ranna Stormont. Chomh maith lena rannpháirtíocht i ngach gné den chóras polaitiúil abhus – áitiúil, réigiúnach agus Westminster – bhí sé ar fhoireann idirbheartaíochta an pháirtí ag amanta cinniúnacha – i gCill Rímhinn, i gCaisleán Chromghlinne agus Caisleán Leeds.

I bhfianaise an chúlra sin nach aisteach an plean é a bheith ina chúlbhinseoir san teach is lú cumhachta san Oireachtas? Shéan Conor Murphy gur cúrsaí sláinte is cúis leis an athrú cúrsa. Bhuail mionstróc é anuraidh ach bhí sé ar ais i mbun oibre taobh istigh d’achar gearr.

Bhí míshuaimhneas faoin aistriú i measc chúpla ball den pháirtí a dúirt leis an iriseoir seo nach mbeadh ciall le cúis ar bith eile ach cúrsaí sláinte. Thuigfeadh lucht tacaíochta an chúis sin ach dá uireasa bhí roinnt i bponc. Ba é a bport sin gur mó i bhfad a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don togra uile-Éireann mar aire eacnamaíochta Stormont, freagrach as ábhair a bhfuil diminsean uile-Éireann ag baint leo – forbairt an gheilleagair; fuinneamh, agus turasóireacht.

Ní bheidh taithí chomh fairsing ag a chomharba, Caoimhe Archibald, dá fheabhas í. Go bunúsach fágfaidh a imeacht bearna níos mó in Stormont ná an ról a bheas sé in ann a imirt san Oireachtas.

Mhaígh cuid de lucht cáinte Shinn Féin gur easpa tiomantais do Stormont a léirigh an cinneadh. Liosta le háireamh iad na ceisteanna a d’eascair as an mbeart. An ar mhaithe le hatheagar ar an bpáirtí a rinneadh é? An bhfuil lucht an Tuaiscirt míshásta leis an mbainistíocht i mBaile Átha Cliath? Nó an bhfuil an freagra chomh simplí leis an míniú a thug Conor Murphy féin?

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Conor Murphy aistrithe ó dheas – céim straitéiseach nó bogadh go dtí an taobhlíne?'

  • An Teanga Bheo

    Saor ghluaiseacht san Aontas Eorpach a deirtear agus Breatimeacht ann