Connachta in ard a maitheasa (agus an tábla)

Filleann na cúigí go léir ar chomórtas an Pro 12 an deireadh seachtaine beag seo.

Robbie Henshaw, ag ceiliúradh bua i gcoinne Chúige Laighean.©INPHO/Dan Sheridan
Robbie Henshaw, ag ceiliúradh bua i gcoinne Chúige Laighean.©INPHO/Dan Sheridan

 

Cé go raibh buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean i mbabhta a Ceathair de Chorn na gCuradh an Satharn seo caite, ní raibh ach an t-aon phointe amháin le cois acu thar Harlequins ag deireadh an ochtú nóiméad imeartha agus bhí an t-ádh glan orthu go raibh an méid sin féin acu.

Filleann siad féin agus na cúigí eile ar fad ar chomórtas an Pro 12 an deireadh seachtaine beag seo.

Sa mbaile arís san RDS atá Cúige Laighean ar an Aoine seo agus iad i gcoinne Chúige Chonnacht, foireann nach bhfuil ach áit amháin taobh thiar díobh, sa 6ú háit ar thábla an Pro 12.

Ní mórán cleachtaidh atá ag fir an Iarthair ar a bheith chomh hard seo ar thábla aon chomórtais.

Is cinnte go raibh baint ag an mbua aon phointe amháin (Cúige Chonnacht 10 –Cuige Laighean 9) a bhí ag Cúige Chonnacht ar an mBóthar Beag ar an 9 Meán Fómhair leis an seasamh seo ar an tábla.

Is cinnte, dá bhrí sin, go mbeidh na Laighnigh ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart agus go mbeidh siad ar a míle dícheall an lámh in uachtar a fháil ar na cuairteoirí. Is tástáil iontach a bheas sa gcluiche seo agus tabharfaidh sé léargas ceart dúinn ar an dul an cinn atá déanta ag an dá fhoireann seo ó thús an tséasúir.

As baile sa mBreatain Bheag atá Cúige Uladh (4ú háit ar an tábla) i gcoinne Ospreys (2ú háit), ach tá an dá fhoireann ar comhscór maidir le pointí aimsithe, pointe is tríocha an taobh.

Chas na foirne seo ar a chéile sa bPro 12 ceithre seachtaine ó shin, ach is ag na hUltaigh a bhí buntáiste an bhaile agus an bua freisin (Cúige Uladh 25 – Ospreys 16) an lá sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh sin leis an teannas agus an tsuim sa gcluiche seo.

Cuimhnigh freisin nach mbeidh Cúige Uladh ná ag na Ospreys i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh dul chun cinn sa bPro 12, an t-aon chomórtas fágtha ag an dá fhoireann seo, ina spreagadh mór ag an dá fhoireann seo.

Níor tharla an mhíorúilt a bhí ag teastáil ó na Muimhnigh agus iad as baile i gcoinne Chlermont an deireadh seachtaine seo caite. Mar sin féin d’éirigh leo pointe amháin a fháil, rud a fhágann go bhfuil seans fós acu na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn na gCuradh a bhaint amach, sin má éiríonn leo naoi bpointe a aimsiú i mbabhtaí a Cúig agus a Sé den chomórtas i mí Éanáir.

Ar Albain a bheas a dtriall an Satharn seo le tabhairt faoi Ghlaschú, ceann de na foirne is fearr sa gcomórtas. Tá Glaschú sa tríú háit ar thábla an Pro 12, dhá áit níos ísle ná Cúige Mumhan.

Mar sin féin, níl siad ach pointe amháin taobh thiar díobh. Fágann sin go bhfuil údar ag lucht leanta rugbaí a bheith ag súil le cluiche iontach ó dhá fhoireann a bheas ag iarraidh deacrachtaí a tháinig chun solais le linn bhabhta a Ceathair de Chorn na gCuradh a shárú.

Fág freagra ar 'Connachta in ard a maitheasa (agus an tábla)'