Conas a chuirfear daoine sna tithe folmha?

Tá 300,000 teach folamh ar fud Phoblacht na hÉireann agus 7000 acusan i nGaillimh.

Conas a chuirfear daoine sna tithe folmha?

‘Ní dhíolfar na tithe mar nach dteastaíonn an t-airgead ó na húinéirí. Tá an baile thíos leis.’ An Comhairleoir Contae, Andrew Reddington, a dúirt é sin ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe le laethanta beaga anuas. Baile Átha Cinn sa taobh ó thuaidh den chontae a bhí i gceist aige. Tá eolas maith aige ann mar is as an gceantar sin an Comhairleoir Reddington.

“Teach ní bhfaighfeá ar ór ná ar airgead in Áth Cinn anois,” a deir Andrew Reddington. “San am céanna, tá flúirse foirgneamh ann folamh agus díomhaoin. Níl an dá rud ag teacht go ciallmhar lena chéile,” a deir sé.

Ach níl i gcás Átha Cinn ach sampla amháin den lear tithe nach bhfuil cónaí iontu anonn agus anall i gcontae na Gaillimhe. Seo cúpla sampla:

Tuaim – 150 teach folamh

Béal Átha na Sluaighe – 124 teach folamh

Baile Locha Riach – 115 teach folamh

An Clochán i gConamara – 41 teach folamh

Ar fud chontae na Gaillimhe uilig, taobh amuigh de theorainneacha na cathrach, tá 7000 doras dúnta agus bolta orthu. Sa gcathair féin tá 444 teach fágtha folamh.

300,000 teach atá folamh ar fud Phoblacht na hÉireann.

Tá na céadta macasamhail d’Áth Cinn ar fud na tíre. An féidir na tithe folmha seo a chur i dtreo na ndaoine atá ag iarraidh dídine nó an bhfuil fonn ar pholaiteoirí agus ar Chomhairlí Contae agus Cathrach tabhairt faoin gceist seo?

Rinneadh go leor plé ar an gceist ag cruinnithe na n-údarás áitiúil i nGaillimh le roinnt laethanta. Tá ceantair Ghaeltachta istigh i réimse an dá údarás, an Chomhairle Contae agus an Chomhairle Cathrach.

An Comhairleoir David Collins as tuaisceart na Gaillimhe ba thúisce a chuaigh in éadan na ceiste ag cruinniú na Comhairle Contae agus bhí na staitisticí ar bharr a theanga aige. Teastaíonn buíon sa gComhairle Contae, a deir seisean, le dul in éadan cheist na dtithe atá folamh. Dúradh leis nach raibh ann ach duine amháin a bhí ag plé leis an gceist seo ach go raibh iarracht ar bun le méadú suntasach a dhéanamh ar fhoireann na rannóige tithíochta ar fad.

Sa gComhairle Cathrach, dúirt an Méara, Colette Connolly, go raibh cruachás tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe an lá ar thóg sise suíochán ann in 2004 agus go bhfuil an cruachás sin ann go fóill. Mheas sí go raibh 15,000 duine sa gcathair ar thóir tithe sóisialta ón gComhairle Cathrach anois. Bunaithe ar bhreis agus 4,000 iarratas ar thithe agus tuairim is triúr nó ceathrar in aghaidh an tí (ar an meán) a bhí an uimhir sin ach dúirt an feidhmeannach sinsearach, Dermot Mahon, gur duine amháin a bhí i gceist i gcuid mhaith de na hiarratais. Ach glacann sé leis go bhfuil cruóg ann agus táthar ag súil gur féidir tuilleadh de na tithe folmha a thabhairt ar ais sa gcóras.

Níl séanadh ag duine ar bith sna húdaráis áitiúla i gcontae na Gaillimhe ach go bhfuil deacracht ollmhór ó thaobh tithíochta ar leic an dorais. Ní féidir a shéanadh, ach an oiread, go bhfuil fuílleach tithe ann atá folamh agus a chuirfeadh poll maith san éileamh sin dá mbeadh fáil ar chuid acu féin. Ach, mar a dúirt an Comhairleoir Andrew Reddington as Áth Cinn, tá daoine ann nach bhfuil aon chall dóibh scaradh leis na tithe, ná leis na suíomhanna tógála, mar go bhfuileadar teann sa bpóca. Ach, tá níos mó ná sin i gceist.

Tá sé de chead ag daoine maoin phríobháideach a bheith acu agus seasann an ceart sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla (infreastruchtúr, bóithre nua srl). Lena chois sin, tá cúiseanna praiticiúla agus pearsanta eile ag daoine le snaidhm a choinneáil ar mhaoin phríobháideach. B’fhéidir go bhfuil siad ag cuimhneamh ar leas a bhaint as an teach lá níos faide anonn. B’fhéidir go bhfuil siad ag coinneáil greim ar thithe agus ar mhaoin lena dtabhairt dá gclann nó dá ndaoine muinteartha amach anseo. B’fhéidir scaití eile go bhfuil na tithe á n-áireamh ag daoine mar ‘chiste pinsin’ le díol ach a dtiocfaidh an t-am sin. D’fhéadfadh maoin a bheith curtha san áireamh mar bharántas in aghaidh iasachtaí nó, agus ní rud neamhghnách é seo nó d’fhéadfadh maoithneachas a bheith i gceist. Mar sin, cén chaoi a bhfaighfí tithe agus maoin ó dhaoine nach bhfuil ag iarraidh scaradh leo?

Tá údaráis áitiúla – Gaillimh san áireamh – ag tairiscint tithe folmha a cheannach agus mura mbíonn an teideal úinéireachta soiléir tá na húdaráis sásta an úinéireacht sin a shoiléiriú trí ordú éigeantach. Dhíolfadh na húdaráis áitiúla na tithe sin arís, sin nó ligfí amach ar cíos iad ar shocrú fadtéarmach. Le gairid a tosaíodh ar an iarracht seo agus ní féidir breithiúnas a thabhairt ar an toradh fós. Ar ndóigh, tá caint ann ar cháin a mhéadú ar phíosaí talún taobh istigh de na criosanna tógála i mbailte móra freisin. Tá an “daingean agus an ceann” á mheas.

Más é an daingean é, agus má chuirtear isteach go suntasach ar chearta maoine príobháidí, bheadh sé chomh dóigh go dteastódh beartas dlí a bhainfeadh leis an mBunreacht.

Ach, tá Comhairleoirí i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe a chreideann nach n-oibreoidh rud ar bith ach an bealach daingean – cáin throm nó a leithéid – má táthar le seilbh a fháil ar thithe folmha atá in úinéireacht phríobháideach.

Tá Andrew Reddington as ceantar Átha Cinn ar dhuine acu. “Caithfear beartais a chur ag obair a chuirfidh croí agus teaghlaigh sna tithe folmha,” a deir seisean.

Fág freagra ar 'Conas a chuirfear daoine sna tithe folmha?'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Dar le Bunreacht na hÉireann, Airteagal 43 (1) , tá ceart ag duine maoin príobháideach a bheith aige ach deireann 43(2) gur féidir leis an Stáit srianta a chur ar an gceart sin ar leas na ndaoine i gcoitinne más gá é a dhéanamh. Táimid in aimsir na crúóige anois maidir le tithíocht.

    Tá an reachtaíocht ann chun é a dhéanamh – mar shampla an tAcht um Tithíócht 1966 roinn 76 – chun Ordú Ceannach Éigeanta a chur i bhfeidhm agus bhí neart dlíthe eile a chuir na Breatanaigh i bhfeidhm roimh 1922 fiú amháin a bhfuil ann fós. Tá na huirlisí ann ach caithfidh an fonn bheith ann iad a úsáid.