Conamara agus Corca Dhuibhne faoin meánráta náisiúnta do chásanna Covid-19

Tá ardú tagtha ar an meánráta náisiúnta don seachtú seachtain as a chéile ach tá ceithre cheantar Gaeltachta faoina bhun

Conamara agus Corca Dhuibhne faoin meánráta náisiúnta do chásanna Covid-19

Cé gur tháinig titim ar líon na gcásanna den Covid-19 i mbreis is leath de na toghcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas, tá ráta scaipthe an víris os cionn 1,000 i naoi gcinn den 13 ceantar Gaeltachta.

Tá ardú tagtha ar an meánráta náisiúnta don seachtú seachtain as a chéile. Ráta 1,268 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a deimhníodh idir an 9-22 Samhain, ardú beagnach 10% ar fhigiúr na seachtaine roimhe sin.

I nGaeltacht na Gaillimhe tá dhá cheantar ina bhfuil an ráta scaipthe níos ísle ná an meánráta náisiúnta.

Tháinig ardú beag ar líon na gcásanna i gConamara Theas le seachtain anuas, ó 140 go dtí 143, agus ráta 670 luaite leis an gceantar i láthair na huaire. Titim beagnach 15% a bhí i gceist i gConamara Thuaidh sna figiúirí is deireanaí agus ráta 791 ann. 136 cás a deimhnithe a bhí sa cheantar le coicís anuas.

As na toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, is é Dún Garbhán an ceann is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19. Idir an 9-22 Samhain, cláraíodh 321 cás nua sa cheantar, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, agus ráta scaipthe 1,566 atá ann.

Sna ceantair Ghaeltachta eile i gCúige Mumhan, tháinig ardú ar na figiúirí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. D’ardaigh líon na gcásanna i Múscraí, ó 437 cás go dtí 479 cás agus ráta 1,276 atá ann dá bharr. Titim a bhí i gceist sa dá cheantar i gCiarraí.

I gCorca Dhuibhne, bhí titim beagnach 10% ar líon na gcásanna, ó 135 go dtí 123, agus ráta 867 luaite leis an gceantar. I Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, thit líon na gcásanna nach mór 20% ó 337 go dtí 273. Ráta 1,089 atá anois sa cheantar.

I nDún na nGall, tá ráta os cionn 1,000 sna trí thoghcheantar Gaeltachta sa chontae, cé gur tháinig laghdú ar an ráta i bpéire acu le seachtain anuas.

I ndeisceart an chontae, ráta 1,038 atá anois i gceantar Bhaile Dhún na nGall tar éis do 275 cás den víreas a bheith deimhnithe ann le coicís anuas, suas ó 232 an tseachtain seo caite.

I gceantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, thit líon na gcásanna beagnach 10% ó 275 go dtí 249 agus ráta 1,041 anois sa cheantar. Ó thuaidh i gceantar Bhaile na nGallóglach, 196 cás agus ráta 1,423 atá luaite leis an gceantar, laghdú 17% le seachtain anuas.

Is i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead fós atá an ráta scaipthe is ísle sa tír – 468 – agus gan ach 59 cás cláraithe sa cheantar idir an 9-22 Samhain. Tá an ráta scaipthe i gceantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, breis is trí oiread níos airde ná sin – 1,534 – agus 282 cás a deimhníodh sa toghcheantar le cúpla seachtain anuas.

I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ardú beagnach 30% a tháinig ar líon na gcásanna, ó 318 go dtí 411, agus ráta 1,318 sa cheantar.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, thit an ráta ó 1,580 go 1,550 agus cláraíodh 502 cás nua ansin.

Fág freagra ar 'Conamara agus Corca Dhuibhne faoin meánráta náisiúnta do chásanna Covid-19'