D’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha Gaelacha ar na stoirmeacha a thiocfaidh go hÉirinn as seo go ceann bliana.
I gcomhar lena chéile a shocraíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre liosta na n-ainmneacha do stoirmeacha agus tá ainmneacha 2024/ 2025.
Conall, Darragh agus Naoise na hainmneacha Gaeilge atá ar liosta nua na stoirmeacha.
Hugo, Izzy, Poppy agus Vivienne na hainmneacha eile atá ar liosta na hÉireann, a roghnaíodh ó liosta 500 moladh a rinne daltaí bunscoile.
Is iad na hainmneacha eile ar an liosta, Ashley, Bert, Éowyn, Floris, Gerben, James, Kayleigh, Lewis, Mavis, Otje, Rafi, Sayuri, Tilly agus Wren.
Is in 2015 a thosaigh Met Éireann agus Oifig Met na Breataine ag obair i dteannta a chéile ar liosta na n-ainmneacha a chur le chéile agus tháinig Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre isteach leo in 2019.
De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’.
Ní bhaintear úsáid as aon ainm a thosaíonn le Q, U, X, Y nó Z.
Má bhíonn stoirm a bhuaileann talamh in Éirinn ainmnithe ag tír éigin eile roimhe sin cloítear leis an ainm sin.
Mar shampla, thug an Lárionad Náisiúnta Hairicíní i Meiriceá Ophelia agus Lorenzo ar stoirmeacha a bhuail Éire le blianta beaga anuas.
Tugtar ainm ar aon stoirm a mheastar a d’fhéadfadh a rian á fhágáil ar tír, nó ar ghaotha móra a n-eisítear foláireamh stádas ‘oráiste’ nó ‘dearg’ ina dtaobh.
Fág freagra ar 'Conall, Darragh agus Naoise na hainmneacha Gaeilge ar liosta do stoirmeacha 2024-2025'