Comparáid déanta idir Peig Sayers agus James Joyce i dtaispeántas nua

Deir Músaem Litríochta na hÉireann go bhfuil sé mar aidhm ag an taispeántas ‘an t-aitheantas atá tuillte aici a thabhairt do Pheig Sayers’ 

Comparáid déanta idir Peig Sayers agus James Joyce i dtaispeántas nua

Déantar comparáid idir Peig Sayers agus James Joyce i dtaispeántas nua i Músaem Litríochta na hÉireann faoi shaothar an scríbhneora chlúitigh Ghaeltachta.

Beidh an taispeántas ‘Into the Island’ le feiceáil sa mhúsaem i mBaile Átha Cliath as seo go deireadh na bliana. Tagraítear don ‘líofacht teanga as an ngnáth’ a bhí ag Peig Sayers, rud a bhí fíor freisin faoin bhfathach liteartha James Joyce, comhaoiseach léi. 

Deirtear freisin go raibh samhlaíocht iontach ag an mbeirt acu agus fuadar cruthaitheachta fúthu.

Cé go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, ní fhéadfadh saol na beirte a bheith níos éagsúla. Bhí Joyce lárnach i saol na healaíne agus na litríochta i gcathracha na hEorpa, ach is annamh a d’fhág Peig a teach ar an mBlascaod Mór sular fhill ar an míntír chun cónaí i nDún Caoin

Deir Anthony Nolan ó Mhúsaem Litríochta na hÉireann go bhfuil sé mar aidhm ag an taispeántas “an t-aitheantas atá tuillte aici a thabhairt do Pheig Sayers,” agus a “scéal mealltach” a insint sa taispeántas nua d’ábhar cartlainne ón gcnuasach béaloidis, lámhscríbhinní an scoláire Robin Flower agus míreanna pearsanta ó shaol Pheig. Tá taispeántas closamhairc ann chomh maith.

Leagann an taispeántas béim ar thábhacht an traidisiúin bhéil in Éirinn mar nasc leanúnach idir gnáthdhaoine agus a sinsear, gaol an phobail leis an timpeallacht nádúrtha chomh maith lena gcreideamh agus a ndearcadh ar an saol.

Deir Músaem Litríochta na hÉireann gurb í Sayers “an scéalaí ab fhearr i bpobal ina raibh flúirse scéalaithe maithe, ar an mBlascaod agus i nDún Chaoin”.

Bíonn Músaem Litríochta na hÉireann,  atá lonnaithe i dTeach Newman UCD ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, oscailte ón Máirt go Domhnach gach seachtain agus ar laethanta saoire bainc.

Is féidir tuilleadh eolais faoin taispeántas nó ticéid a cheannach ar shuíomh an mhúsaeim.

Fág freagra ar 'Comparáid déanta idir Peig Sayers agus James Joyce i dtaispeántas nua'

  • C Ó Floinn, Múscraí

    Cé go bhfuil ardmheas agam ar Pheig is seafóid amach is amach é í a chur i gcomparáid le J Joyce. Tá ‘líofacht teanga as an ngnáth’ agamsa féin tar éis cúpla pionta…