Comórtas aistriúcháin buaite den tríú huair as a chéile ag dalta as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal

Is í Déithín Ní Fhátharta as Indreabhán a bhuaigh an comórtas aistriúcháin atá á reáchtáil ag an Aontas Eorpach le hocht mbliana déag anuas 

Comórtas aistriúcháin buaite den tríú huair as a chéile ag dalta as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal

Tá an comórtas aistriúcháin ‘Juvenes Translatores’ buaite den tríú huair as a chéile ag dalta de chuid Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige.

Is í Déithín Ní Fhátharta as Indreabhán a bhuaigh an comórtas aistriúcháin atá á reáchtáil ag an Aontas Eorpach le hocht mbliana déag anuas. Bhuaigh Fionnán Ó Coisdealbha agus Mailtilde Warsop ón scoil sin an comórtas céanna in 2024 agus in 2023.

Tugadh ‘moladh speisialta’ do thriúr eile ó Choláiste Chroí Mhuire as a n-iarracht sa chomórtas – b’in iad Caoilte Canny, Tomás Ó Neachtain, agus Ella Nic Dhomhnaill. Tugadh moladh speisialta do bheirt Éireannach eile a chuir isteach ar an gcomórtas – Faith Nic Aogáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach agus Lucie Walsh ó Ardscoil San Lughaidh i mBaile Átha Cliath.

Ghlac 53 dalta ó ceithre scoil déag in Éirinn páirt sa chomórtas a mbíonn daltaí meánscoile ar fud an Aontais Eorpaigh páirteach ann. Bhí 3,070 dalta ó 713 scoil sna 27 ballstát san iomaíocht i mbliana agus roghnaigh said 144 péire teangacha. Bhí an Béarla ar cheann de na teangacha ba choitianta a roghnaíodh ach bhí daltaí ann a rinne aistriúcháin idir an tSlóivéinis agus an Danmhairgis, an Pholainnis agus an Phortaingéilis, agus an Rómáinis agus an Fhionnlainis.

Is iad aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh a roghnaigh na buaiteoirí, agus bhí buaiteoir amháin ann i ngach tír. Tugadh moladh speisialta do os cionn 340 dalta as an “obair iontach” a rinne said don chomórtas.

Bronnfar na duaiseanna ar na haistritheoirí óga ag searmanas speisialta a reáchtálfar sa Bhruiséil ar an 10 Aibreán. Gabhfaidh Déithín Ní Fhátharta anonn agus casfaidh sí leis na buaiteoirí ó na tíortha eile agus leis na haistritheoirí a bhíonn ag obair sa Choimisiún.

Is é is aidhm don Juvenes Translatores, a reáchtáladh den chéad uair in 2007, “foghlaim teangacha a chur chun cinn sna scoileanna agus blaiseadh de ghairm an aistritheora a thabhairt do dhaoine óga”. Is comórtas é do dhaltaí sinsearacha meánscoile, atá ar a laghad 17 mbliana d’aois.

Fág freagra ar 'Comórtas aistriúcháin buaite den tríú huair as a chéile ag dalta as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal'

  • AND

    Comhghairdeas leis na scoláirí agus lena múinteoir Gaeilge!

    Éacht déanta arís ag Coláiste Chroí Mhuire!

  • JP

    Ba cheart aitheantas ar leith a thabhairt don scoil sin trí chéile agus ní hamháin do na hoidí Gaeilge.
    Maith sibh a dhaltaí,a oidí, a Leas-Phríomhoide agus a Phríomhoide.