Comóradh an Chéid i dTuaisceart Éireann – údar ceiliúrtha?

Ní raibh seans riamh ann go mbeadh náisiúnaithe toilteanach an chríochdheighilt a chomóradh, ní áirím í a cheiliúradh. Ar shíl éinne a mhalairt?

Comóradh an Chéid i dTuaisceart Éireann – údar ceiliúrtha?

Leascheannaire Shinn Féin Michelle O'Neill. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ar shíl éinne a mhalairt? Easaontas idir ceannairí faoi chomóradh céad bliain Thuaisceart Éireann, a dúradh sna ceannlínte. Scéal mór nuachta a bheadh ann dá mbeadh siad ar aon tuairim. Scéal ‘talamhchreathach’ fiú.

Cibé ní faoi phoblachtánaithe nó náisiúnaithe a bheith toilteanach páirt a ghlacadh i seimineáir nó díospóireachtaí faoi bhunú stáit a raibh siad dubh dóite ina choinne, ní raibh seans ariamh go mbeidís toilteanach an chríochdheighilt a chomóradh, ní áirím í a cheiliúradh.

Ghlac poblachtánaithe leis an gcoinníoll i gComhaontù Aoine an Chéasta go bhfanfadh an Tuaisceart san Ríocht Aontaithe a fhad is a bheadh tromlach ina fhabhar (prionsabal na tola) ach ní hionann sin is a rá gurb í sin a rogha.

Teastaíonn ó aontachtaithe de gach branda an chloch mhíle a cheiliúradh ar ndóigh. Bheadh sé fíor-aisteach mura dteastódh. Ba í an cheist le tamall an bhféadfadh Stormont é sin a dhéanamh. Bhí leithéidí Jim Allister ón TUV, nach mbíonn aon leisce air iarrachtaí a dhéanamh an DUP a chur i bponc, ag éileamh go n-eagrófaí imeachtaí oifigiúla sa Tionól. I bhfianaise an chórais in Oifig an Fheidhmeannais mar a bhfuil Arlene Foster agus Michelle O’Neill ar comhchéim (d’ainneoin na teidil) agus iad in ann laincis a chur ar a chéile, bhí a fhios ag cait an bhaile go mbeadh ceiliúradh Tionóil nó Feidhmeannais dodhéanta.

Deir Arlene Foster gur féidir comóradh a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach neamh-mhaslach de réir an chleachtais a bhí i bhfeidhm d’imeachtaí eile an chéid ó 2012 i leith, ina measc Éirí Amach 1916, Cúnant na nDílseoirí, An Chéad Chogadh Mór agus An Chéad Dáil.

Níl aon rud le ceiliúradh, arsa Michelle O’Neill.

Bunaíodh Tuaisceart Éireann ar sheicteachas agus claonroinnt toghlaigh chun tromlach aontachtach a bhuanú – ní fhéadfainn a leithéid a cheiliúradh choíche, arsa O’Neill. Loic an chríochdheighilt ar an bpobal agus ar an eacnamaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, dar léi.

Féach chugainn an slánaitheoir Boris Johnson ar a each bán Déardaoin. Bunófar Fóram an Chéid agus Painéal Comhairleach, a dúirt sé. Ní minic a luaitear caolchúis leis an bPríomh-Aire Johnson ach ba chosúil gur aithin sé a íogaire agus a bhí an scéal seo.

D’admhaigh sé nach údar gairdis ag gach éinne é bunú Thuaisceart Éireann. Thuig sé nach n-aontódh náisiúnaithe a d’fhulaing idirdhealú faoin réimeas aontachtach gur chóir urraim a thaispeáint ach mheas sé gurbh fhiú do gach dream foghlaim ó léargas an taoibh eile.

Bhí caint le tamall ar mholtaí le haghaidh lá saoire speisialta, féilte sráide, stampaí ceiliúrtha, ócáid mhór chuimhneacháin in Stormont leis an mBanríon Eilís agus na sluaite de mhaithe agus móruaisle ón mBreatain Mhór. Bhí na moltaí is ardnósaí agus is mó a chothódh conspóid ag teacht ón TUV agus mionghrúpaí eile. Ach oiread le heachtraí ó dheas den teorainn atá le tabhairt chun cuimhne sna blianta seo romhainn, ní mór a bheith cáiréiseach.

Cé go bhfuil leascheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill, diongbháilte nach ndéanfaidh poblachtánaithe ceiliúradh ar bhunú an stáit ó thuaidh, tá sí i bhfabhar ceisteanna faoin gcríochdheighilt a phlé. Glacfaidh an SDLP freisin páirt i ndíospóireachtaí nó grúpaí oibre.

Is cosúil le paradacsa é ach níl bliain an chéid chomh dúshlánach do náisiúnaithe is atá sé d’Arlene Foster. Caithfidh sí a thaispeáint dá páirtí féin, cuid acu a bhí bainteach le ceannairc ina coinne le gairid, agus d’aontachtaithe agus dílseoirí eile go gcinnteoidh sí go mbeidh comóradh cuí ann. Buntáiste do Michelle O’Neill é go mbeidh sí in ann a rá nach raibh baint ná páirt aici féin le comóradh a eagrú, gurb í Sráid Downing agus Whitehall a rinne amhlaidh. Ach beidh brú ar cheannaire an DUP, an Chéad-Aire, a thabhairt le fios go bhfuil cead ag aontachtaithe a bheith glórach spleodrach ina gceiliúradh ar ‘a stát féin’ agus an Ríocht Aontaithe.

Deis a bheidh i mbliain an chéid chun táirgí, tírdhreach agus muintir Thuaisceart Éireann a cheiliúradh, a dúirt an státrúnaí Brandon Lewis amhail is gur sórt aonach trádála a bhí ar a intinn aigesean. Tabharfaidh sé seans dúinn an Tuaisceart a chur chun cinn mar ionad turasóireachta, áit bhreá le haghaidh infheistíochta ina bhfanann daoine óga sa bhaile chun a gcuid tallann a úsáid go dearfach, a dúirt Lewis. N’fheadar cén fáth a gceapann sé go bhfanann an óige sa bhaile, bítear ag gearán go seasta faoi dhísciú cumais (brain drain) na ndaoine a fhágann le dul ar ollscoil agus nach bhfilleann.

B’fhéidir gur treoir a bhí i ráiteas an Státrúnaí don bhFóram nua nó don bPainéal Comhairleach. Is cinnte nach é sin an cineál comórtha a raibh aontachtaithe ag caint air.

Níl sé ag teacht ach oiread leis na searmanais chuimhneacháin thuaidh agus theas a chonacthas le hocht mbliana anuas. Nó b’fhéidir nach raibh dealramh ar bith le caint Brandon Lewis, cá bhfios. Mí na Nollag a bheidh an chéad dáta mór againn ach le mí na Bealtaine atá an comóradh mór á lua. Is deas an féirín do lucht scige agus aorach go bhfuil easaontas fiú faoi na dátaí ba cheart a roghnú d’aon chomóradh.

Fág freagra ar 'Comóradh an Chéid i dTuaisceart Éireann – údar ceiliúrtha?'

  • Paul Laughlin

    As Doire mé. Ní náisiúnaí mé, is saoránach Éireannach mé! Ar eagla nach bhfuil sé sin tuigthe déarfaidh mé arís é. Níl son fheidhm leis an chríochdheighilt anois. Tá athrú de dhith orainn!

  • Seán

    Beidh mise ag cur ribín dubh ar mo bhratach náisiúnta i gcuimhne na críochdheighilte agus an fhoréigin a spreag sé.