Comhrá gutháin a mhair nach mór uair an chloig ag Varadkar agus Johnson

Phléigh an bheirt cheannairí tráthnóna an comhaontú aistarraingthe, an cúlstop agus an comhlimistéar taistil

Comhrá gutháin a mhair nach mór uair an chloig ag Varadkar agus Johnson

Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le fios don Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna nach gcuirfeadh an Breatimeacht isteach ar an gComhlimistéar Taistil.

Bhí comhrá fóin a mhair nach mór uair an chloig ag an Taoiseach le Johnson tráthnóna.

Seo an dara comhrá fóin idir an bheirt cheannairí ó ceapadh Johnson ina Phríomh-Aire. Bhí an chéad chomhrá acu sé lá ó ceapadh Johnson ina phríomh-aire.

Tá ráite ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh siad deireadh le saoire gluaiseachta do shaoránaigh an AE díreach i ndiaidh an Bhreatimeachta ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine leis an Taoiseach tráthnóna go gcoimeádfadh saoránaigh na hÉireann na cearta gluaiseachta atá acu faoin gComhlimistéar Taistil, socrú a rinneadh sula raibh an dá thír ina mbaill den AE. 

Bhí an méid céanna ráite cheana ag Rialtas na hÉireann.

Dúirt Johnson le Varadkar tráthnóna nach nglacfaí i bparlaimint Westminster leis an gcomhaontú aistarraingthe mar atá agus go gcaithfí fáil réidh leis an gcúlstop agus teacht ar shocrú nua. 

Dúirt an Taoiseach leis gurb é seasamh an AE nach mbeifí ag déanamh aon leasú ar an gcomhaontú agus gur den riachtanas an cúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus cosaint a thabhairt don tsaortrádáil ar oileán na hÉireann.

Dúirt an bheirt cheannairí go leanfaidís orthu ag obair ar mhaithe le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

De réir an chur síos a rinne Rialtas na hÉireann ar an gcomhrá gutháin tráthnóna, tá sé i gceist ag Leo Varadkar agus Boris Johnson bualadh le chéile go luath an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Comhrá gutháin a mhair nach mór uair an chloig ag Varadkar agus Johnson'