Comhghuaillíocht na Feamainne Buí ag seasamh an fhóid

Thosaigh an chomhghuaillíocht i Maine ag déanamh staidéir ar úinéireacht na feamainne agus bhí orthu a dhul siar go dtí 1641 lena gcuid taighde

Comhghuaillíocht na Feamainne Buí ag seasamh an fhóid

Cúis iontais nár tugadh aird níos mó sa tír seo ar an gcoimhlint a bhí sna cúirteanna i stát Maine i Meiriceá faoi chearta bainte feamainne. Úinéirí talún agus an comhlacht Acadian Seaplants Limited a bhí in árach a chéile faoin bhfeamainn bhuí. Seo iad an comhlacht as Halifax in Albain Nua (Nova Scotia) a bhfuil Arramara Teoranta i gCill Chiaráin acu.

Dhíol Údarás na Gaeltachta Arramara leo nuair nach raibh a ndóthain airgid ag an Údarás leis an gcomhlacht a fhorbairt i gceart. Bhí airgead an Údaráis gearrtha go dúid ag rialtas Fhianna Fáil ag an am. Go deimhin bhí an chontúirt ann ar feadh tamaill go rachadh Arramara i léig ar fad.

Tá Acadian Seaplants Limited ar an gcomhlacht feamainne is mó sa domhan. Tá ceithre mhonarcha acu in Albain Nua, foireann eolaithe ag obair ar tháirgí nua agus iad ag onnmhairiú ar fud an domhain.

Gheall siad don Údarás go ndéanfaidís forbairt mhór ar Arramara ar choinníoll amháin. Ba é sin go mbeadh soláthar leanúnach feamainne ar fáil acu i gcónaí.

Shíl siad i dtosach go mbeidís in ann ceadúnas a fháil ón rialtas le réimsí feamainne a bhaint ar an gcósta seo ach ba ghearr go bhfuair siad amach nach raibh na pobail cois cósta sásta leis sin.

Dúirt siadsan go raibh cearta traidisiúnta acu agus go gcaithfí aird a thabhairt ar na cearta sin.

Bhunaigh siad eagraíocht leis na cearta a chosaint. Tá John Bhaba Jeaic Ó Conghaile as Leitir Mealláin ar dhuine de na ceannairí atá orthu.

Soiléiríodh luath go leor gur leis an stát formhór na feamainne buí in Éirinn. Ag na tiarnaí talún a bhíodh sí fadó ach sa mbliain 1933 thug Fianna Fáil dlí isteach a chuir faoi cheannas an stáit í.

Tá an méid sin soiléir go maith ach céard faoi na daoine a bhfuil réimse feamainne ar an fóilió acu? Is cosúil go bhfuil úinéireacht dhleathach acu sin.

Ach anonn linn go Maine aríst anois. Bhí Acadian Seaplants Limited ag baint na feamainne buí as éadan ansin go dtí gur sheas eolaí darb ainm Robin Haddlock Seeley rompu. Bhí tráchtas dochtúireachta déanta aicise ar fhaochain agus thug sí a haghaidh ar Chuan Cobscook i Maine le tuilleadh taighde a dhéanamh orthu.

Rinne sí teach ar bhruach na farraige agus bhí an cuan féin ina chineál saotharlainne aici. Ansin sa mbliain 1999 tháinig cabhlach báid bheaga le Acadian Seaplants go Cuan Cobscook le dhul ag baint feamainne buí.

Bhain sin stangadh as bean na bhfaochan. Dhearbhaigh sí go raibh siad ag scrios na feamainne a raibh na faochain ag brath uirthi.

D’eagraigh sí féin agus a cairde eagraíocht ar a dtug siad Comhghuaillíocht na Feamainne Buí. Srian a chur ar an méid den fheamainn bhuí a bhí á baint a bhí uathu i dtosach. Rinne siad dul chun cinn, mar sa mbliain 2007 leagadh amach seacht réimse déag i gCuan Cobscook agus achtaíodh nach bhféadfaí a bhaint ach 17% den fheamainn i réimse ar bith acu.

Thosaigh an Chomhghuaillíocht ansin ag déanamh staidéir ar úinéireacht na feamainne. Bhí orthu a dhul siar go dtí 1641 lena gcuid taighde. Ba leis na Sasanaigh Maine an uair sin. Bhí polaiteoirí an ama ag iarraidh trádáil na mara a neartú agus d’aistrigh siad úinéireacht ar na háiteanna a raibh an fheamainn bhuí ón rí go dtí úinéirí talún.

D’fhág siad bealach éalaithe sa dlí mar sin féin a thug cead don phobal “fishing, fowling and navigation” a dhéanamh.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, d’éirigh le Comhghuaillíocht na Feamainne 500 úinéir talún a eagrú agus an dlí a chur ar Acadian Seaplants Limited.

Ba í an chosaint ba mhó a bhí ag Acadian Seaplants Limited gur “ag iascach” na feamainne a bhí siad as na báid. Ar aon nós, a dúirt siad, ní i bhfostú den talamh ach i bhfostú de na carraigeacha a bhíonn an fheamainn bhuí.

Argóintí a bhí iontu seo nach ndeachaigh i bhfeidhm ar an mBreitheamh Harold Stewart II. Rialaigh seisean gur leis an húinéirí talún an fheamainn.

Rinne Acadian Seaplants Limited achomharc ach theip aríst orthu. Fágadh an fheamainn bhuí ag na húinéirí talún.

Tá neart feamainne ag dul isteach go dtí monarcha Arramara i gCill Chiaráin i gcónaí. Na húinéirí talún atá againn anseo tá cuid acu ag baint leo ar an seanbhealach. Tá cúpla bád ag Acadian Seaplants Limited ar an gcósta seo freisin.

B’fhiú a bheith i láthair an lá a ndéarfaidh ardoifigeach as Acadian Seaplants Limited le John Bhaba Jeaic gur “ag iascach” na feamainne atá siad!

Fág freagra ar 'Comhghuaillíocht na Feamainne Buí ag seasamh an fhóid'

  • Kevin O Hara

    Alt spéisiúil a Sheosamh, úsáideadh an foclaíocht céanna “ag iascaireacht na feamainne” liom an seachtain seo chaite.