Comharthaí dóchais do na Carmannaigh agus i gcontae an Chláir

Tá an briseadh lár téarma thart i sraith Allianz na hiomána atá ag tosú arís inniu, ach ar fhoghlaimíomar mórán sa chéad choicís den chomórtas? Bhuel tá Davy FitzGerald agus Loch Garman ag leanúint leo ag feabhsú  i mbliana. Tá corn an Bhreathnaigh sa mhála acu agus iad suite ar bharr roinn 1A na sraithe […]

Comharthaí dóchais do na Carmannaigh agus i gcontae an Chláir

Tá an briseadh lár téarma thart i sraith Allianz na hiomána atá ag tosú arís inniu, ach ar fhoghlaimíomar mórán sa chéad choicís den chomórtas? Bhuel tá Davy FitzGerald agus Loch Garman ag leanúint leo ag feabhsú  i mbliana. Tá corn an Bhreathnaigh sa mhála acu agus iad suite ar bharr roinn 1A na sraithe leis an gClár.  

Más féidir leis an Gearaltaigh radar thosaithe Loch Garman a dhíriú beidh siad dainséarach i mbliana. Tá a fhios agam go bhfuil sé luath sa bhliain ach bhí na Carmannaigh an-mhaith go dtí seo. Tá siad ag obair go tréan ar fud na páirce, iad eagraithe agus plean á leanúint acu. 

D’fhéadfá an chuid is mó de na buanna agus na lochtanna céanna a lua leis an gClár. Mar sin féin, feictear dom go bhfuil spleodar éigin ag baint leo. Tá saoirse ina gcuid imeartha nach raibh le feiceáil ó laethanta na bhfoirne buacacha sin faoi fiche a haon. Tá  Shane O’Donnell ar ais ar a sheanléim agus is imreoir láidir ábalta é Peter Duggan ar féidir brath air seilbh a bhuachan. Bheinn ag súil le bliain mhaith uathu.

Caithfidh go bhfuil bainisteoir na dTiobraid Árannach Michael Ryan é féin sásta go leor leis an gcéad dá thaispeántas óna fhoireann. Bhíodar maith go leor i gcoinne an Chláir sa chéad chluiche ach chuir siad chun páirce i gcoinne na nDéise seachtain ó shin agus slám mór athruithe déanta acu agus fós bhí cuma na maitheasa orthu, go háirithe sa dara leath. An painéal a neartú an phríomhsprioc don chraobhchomórtas i mbliana, agus tá gach bainisteoir ag iarraidh seans réasúnta a thabhairt do na himreoirí go léir le linn fheachtas na sraithe .

Maidir le Port Láirge, bhí sé thar a bheith soiléir ó agallamh Derek McGrath coicís ó shin go bhfuil siadsan dírithe beagnach go hiomlán ar a bpainéil a neartú don samhradh. Foireann nua ar fad beagnach a bhí acu sa dara cluiche sraithe. Cé nach bhfuil aon phointí acu go fóill, ceapaim go bhfuil McGrath sásta go leor le forbairt an phainéil.

Maidir le Corcaigh n’fheadarfós. Nílim róchinnte conas mar a bheidh siad faoi lár an tsamhraidh ach táim dóchasach go leor go mbeidh siad níos fearr nuair a bheidh an aimsir níos oiriúnaí don iomáint .  

Maidir leis an bhfoireann dheireanach i roinn a haon,  Cill Chainnigh, bhuel, is cinnte go bhfuil siad faoi míbhuntáiste de bharr an méid imreoirí tábhachtacha atá fós ar iarraidh orthu. Bheinn ag súil go mbeidh siad níos fearr amach sa samhradh ná mar atá léirithe acu go dtí seo.

Bhíos an-tógtha le taispeántais na gcúl báire sna cluichí a chonaic mé go dtí. Chonaic mé cúpla sábháil iontach i ngach cluiche i roinn a haon. Bhí Patrick Collins agus Eoin Murphy ar fheabhas sa chéad chluiche idir Corcaigh agus na Cait, mar a bhí Mark Fanning i gcoinne Chorcaí. Is fada an-mheas agam ar bháideoir na nDéise Stephen O’Keefe agus cé go raibh sé an-mhaith i gcoinne Thiobraid Árann ní raibh aclaí go leor do phoc pionóis Jason Forde. Rinne Dónal Touhy an Chláir agus Eoin Murphy dhá shábháil den scoth ina gcluiche féin seachtain ó shin ach, ait go leor, lig an dá bháideoir isteach cúl thar a bheith bog an duin , rud nach bhfeicimid rómhinic na laethanta seo .

Cluiche thar a bheith tábhachtach anocht i roinn 1b idir Luimneach agus Áth Cliath a chuirfidh tús anocht leis an gcomhrac.

Fág freagra ar 'Comharthaí dóchais do na Carmannaigh agus i gcontae an Chláir'