Comhartha sráide Gaeilge le plé arís agus imní ann go gcrochfaí ar halla Oráisteach é

Ghlac 55 comhairleoir leis an moladh go gcuirfí cás an chomhartha ar ais chuig an gcoiste agus staon triúr

Comhartha sráide Gaeilge le plé arís agus imní ann go gcrochfaí ar halla Oráisteach é

Tá athbhreithniú le déanamh ar chinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste comhartha sráide i nGaeilge a chrochadh mar go bhfuil sé ina imní go gcuirfí an comhartha ar halla Oráisteach.

Fuair an DUP tacaíocht ó gach taobh nuair a mhol siad go ndéanfaí plé arís ar an gcinneadh comhartha sráide nua Gaeilge a chur ar Shráid Clifton.

Léiríodh imní go bhféadfadh go roghnófaí Halla Oráisteach ar choirnéal na sráide sin mar an áit ab fhearr leis an gcomhartha nua a chur.

Dúirt comhairleoir de chuid an DUP, Brian Kingston, go raibh an halla Oráisteach i dteagmháil leis féin lena ndearcadh faoin gcomhartha a chur in iúl.

Dúirt Ciarán Beattie, comhairleoir de chuid Shinn Féin gur aithin a pháirtí an imní atá ar dhaoine faoin scéal go háirithe an imní go gcuirfí an comhartha ar halla an Oird Oráistigh nó an-ghar dó.

“Táimid sásta go gcuirfí an moladh seo ar ais chun tuilleadh plé a dhéanamh faoin gcás. Níorbh é mian aon duine riamh go mbrúfaí an Ghaeilge ar aon duine, dá bhuíochas. Táimid breá sásta dul ar ais agus féachaint ar an áit a gcuirfear an comhartha nó cibé an bhféadfaí a mhalairt de chomhartha a chur ina áit.”

Dúirt an Comhairleoir Fiona Ferguson, Pobal seachas Brabús, nár thuig sí féin i gceart cén scáth a bhí ar an Ord Oráisteach roimh chomhartha Gaeilge a bheith in aice lena halla.

“Ní dóigh liomsa gur gá d’aon duine mórán faitís a bheith air roimh chomhartha. Ar rud neamhbheo  a táimid ag caint, agus rud ar vótáil áitritheoirí an cheantair ar a shon.”

Dúirt an Comhairleoir Fred Cobain ón DUP nach ndeachas i gcomhairle le lucht an halla Oráistigh “go bunúsach toisc nach bhfuil bosca litreach acu”.

“Mura rabhthas i gcomhairle leosan bhí an próiseas lochtach. Tá sé de cheart ag gach duine ar an tsráid sin go rachfaí i gcomhairle leo,” a dúirt an Comhairleoir Cobain.

Ghlac 55 comhairleoir leis an moladh go gcuirfí cás an chomhartha ar ais chuig an gcoiste ionas go ngabhfaí i dteagmháil le lucht halla an nOráisteach. Staon triúr ball de chuid Phobal Seachas Brabús ón vóta.

Fág freagra ar 'Comhartha sráide Gaeilge le plé arís agus imní ann go gcrochfaí ar halla Oráisteach é'