Comhartha mór ‘Béal Feirste’ curtha in airde lasmuigh de halla na cathrach

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar mhaithe le tuairimí daoine a fháil faoin bpolasaí Gaeilge atá beartaithe a thabhairt isteach

Comhartha mór ‘Béal Feirste’ curtha in airde lasmuigh de halla na cathrach

Bhí eagraíochtaí teanga i mbun agóide i mBéal Feirste inniu agus “polasaí láidir Gaeilge” á éileamh acu ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun ag an gcomhairle faoi láthair ar mhaithe le tuairimí daoine a fháil faoin bpolasaí Gaeilge atá beartaithe a thabhairt isteach.

D’eagraigh Fóram na nGael Bhéal Feirste léirsiú lasmuigh de Halla na Cathrach chun daoine a spreagadh lena dtuairimí a roinnt leis an gcomhairle. Cuireadh comhartha mór ‘Béal Feirste’ in airde mar chuid den agóid chun aird a tharraingt ar an scéal go raibh comhartha aonteangach mór ‘Belfast’ in airde ag an gcomhairle le sé mhí.

Chuir na heagraíochtaí teanga a gcuid aighneachtaí faoin bpolasaí nua isteach go dtí Halla na Cathrach.

Ag labhairt ag an agóid, dúirt Cuisle Nic Liam, ball d’Fhóram na nGael i mBéal Feirste:

Tá deis iontach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste coiscéim stairiúil a thabhairt chun tosaigh trí pholasaí láidir Gaeilge a aontú sna seachtainí beaga atá amach romhainn,” a dúirt Cuisle Nic Liam, ball d’Fhóram na nGael.

Tá an dréachtpholasaí atá foilsithe acu measartha maith ach is mian linn tuilleadh a chur leis, idir sheirbhísí agus áiseanna. Ceal polasaí Gaeilge, bíonn troid ollmhór de dhíth gach uair a mbíonn áis, ionad  nó acmhainn nua de chuid na Comhairle le hoscailt.

“I mbeagán focal, is fíor-annamh a chuirtear an Ghaeilge san áireamh i mórobair na Comhairle, agus bíonn sé faoi phobal na Gaeilge an cás a dhéanamh gach uile uair chun soláthar teanga a bhrú isteach.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, go bhfuilborradh ollmhór” faoin nGaeilge. “Mar phobal, agus mar cháiníocóirí, ba cheart go mbeadh cothrom na Féinne ónár gcuid údarás poiblí, ach sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis bródúil agus mórtasach mar gheall ar láidreacht na teanga sa chathair. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go mbíonn Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar thús cadhnaíochta maidir le polasaí fiúntach forásach a aithníonn agus a chuireann an teanga chun cinn ar fud na cathrach.”

D’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a ndréachtpholasaí Gaeilge mí Lúnasa. Táthar ag glacadh le haighneachtaí ón bpobal go dtí an 28 Samhain.

Fág freagra ar 'Comhartha mór ‘Béal Feirste’ curtha in airde lasmuigh de halla na cathrach'