Comhaontaithe ar na bacáin ó thuaidh, ach comhaontaithe iad a chuirfidh leis an scoilt

Tá na hAontachtaithe ag caint ar líon na dtoghcheantar ina ndearnadh margadh cheana a mhéadú le haghaidh an olltoghcháin

Comhaontaithe ar na bacáin ó thuaidh, ach comhaontaithe iad a chuirfidh leis an scoilt

An seift sheicteach í nó plean pragmatach? Nós seanbhunaithe ag aontachtaithe is ea socrú a dhéanamh nach ngabhfadh a bpáirtithe in iomaíocht le chéile i dtoghcheantair ina dtabharfadh scoilt eatarthu deis do náisiúnach an suíochán a bhaint. An cárta oráisteach á imirt, a deirtear. Is minic margadh den sórt céanna iarrtha ag Sinn Féin ar an SDLP, a thug an t-eiteachas dóibh ar an mbonn gur beart seicteach, treibheach é.

Céard a dhéanfar an t-am seo? Tá na hAontachtaithe ag caint ar líon na dtoghcheantar ina ndearnadh margadh cheana a mhéadú le haghaidh an olltoghcháin ar an 8 Meitheamh. Ar an taobh náisiúnach, thug lucht an SDLP droim láimhe arís le “socrú seicteach”. Dúirt Colum Eastwood, ceannaire an SDLP nach raibh a pháirtí toilteanach margadh a dhéanamh le páirtí amháin chun an treibh eile a choinneáil amach. Ba chosúil, áfach, go raibh casadh beag nua ar a bport, iad ag caint ar bhealach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an vóta in aghaidh an Bhreatimeachta – sin iad SDLP, Sinn Féin, Alliance agus Comhaontas Glas.

Dhá lá sular ghéill Státrúnaí na Breataine don realpolitik nuair a chuir sé síneadh eile leis na cainteanna i Stormont i bhfianaise thoghchán Westminster, thosaigh an chaint faoi chomhaontuithe don gheábh seo. Léirigh cartún Ian Knox an scéal go beacht; fear cráite, James Brokenshire, ar an nguthán ag saoiste nach bhfuil aon aird aici air, é ag rá ‘beidh áthas ort a chloisteáil gur bhris aontas amach – más féidir aontas a ghlaoch ar mhargaidh réamhthoghcháin’.

Dhá bhliain ó shin, rinne an DUP agus an UUP margadh réamhthoghcháin i gceithre thoghcheantar imeallacha féachaint lena chinntiú go dtoghfaí aontachtach mar fheisire Parlaiminte. Sheas an DUP i leataobh ar mhaithe leis an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus san Iúr/Ard Mhacha. D’éirigh leis an margadh i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas mar a bhfuair Tom Elliott an ceann is fearr ar Michelle Gildernew, Sinn Féin. San Iúr/Ard Mhacha theip ar Danny Kennedy an suíochán a bhaint de Shinn Féin. Bhí an lá leis an DUP sa dá cheantar inar sheas an UUP i leataobh, Oirthear Bhéal Feirste mar a bhfuair Gavin Robinson an suíochán ar ais ó Naomi Long, Alliance, agus Tuaisceart Bhéal Feirste áit ar choinnigh Nigel Dodds a shuíochán.

Sa mhullach ar na ceithre thoghcheantar sin, tá aontachtaithe i mbun margála faoi Bhéal Feirste Theas agus an Bhanna Uachtair. Choinnigh Alasdair McDonnell a shuíochán i mBéal Feirste Theas in 2015 le móramh beag bídeach tar éis feachtas an-bhrocach ina aghaidh. I dtoghchán an Tionóil an mhí seo caite ba é an DUP an páirtí ba mhó le 20.8% de na vótaí agus bhí an SDLP sa dara háit le 19.4%.

Bhí os cionn 10% de vótaí aontachtacha eile sa cheantar sa Mhárta, 9% díobh ag an UUP, agus cabhair mhór don DUP a bheidh ann má dhéantar margadh. Bhí an UUP in ainm is a bheith in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann anuraidh ach tá glactha acu leis an toradh. Mar sin féin bhí sciar mór den vóta ag páirtithe frith-Bhreatimeachta sa toghcheantar seo an mhí seo caite; 19.4% an SDLP, bhí 17.7% ag Sinn Féin, 13% ag Alliance agus 9.9% ag an gComhaontas Glas, nó 60% ar fad.

D’fhágfadh margadh sa Bhanna Uachtair gurb iad an DUP a bheadh ag baint buntáiste sa chuid is mó de na toghcheantair aontaithe agus an UUP ar an ngannchuid ach is é an DUP atá i dtús áite. B’fhéidir mar quid pro quo go dtabharfaí rith an ráis, gan iomaíocht, do Danny Kinahan UUP in Aontroim Theas áit ar bhain sé an suíochán den DUP in 2015 ach ina meastar go bhfuil brú air an t-am seo.

Tá an DUP ag iarraidh a chur ina luí ar vótóirí gur toghchán faoi chaomhnú na Ríochta Aontaithe é an ceann seo. Ní fheileann sé don DUP díriú ar sheasamh an pháirtí sa reifreann Eorpach ná aird a tharraingt ar a leagan amach a dhéanann neamhshuim de thoil an phobail abhus. Tá páirtithe neamh-aontachtacha deimhin de gur reifreann é ar an mBreatimeacht. Bealach chun an móramh frith-Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann a chosaint, a deir siad agus chun scread a ligint ar Westminster go gcaithfear éisteacht.

Deighilt eile le cois na n-easaontas traidisiúnta is ea an Breatimeacht agus gan de chomhaontú ar na bacáin ach an cineál comhaontaithe a threisíonn an scoilt.

Fág freagra ar 'Comhaontaithe ar na bacáin ó thuaidh, ach comhaontaithe iad a chuirfidh leis an scoilt'