Thug urlabhraí ó Shinn Féin le fios do Tuairisc.ie go gcuirfear tús le próiseas comhairliúcháin ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann roimh dheireadh mhí Eanáir.
D’fhógair an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín an próiseas comhairliúcháin agus ceist á freagairt aici i dTionól Stormont inniu. Fógrófar sonraí an phróiseas comhairliúcháin an tseachtain seo chugainn, a dúirt urlabhraí Shinn Féin.
Chuir an CTR Róise Ní Thoirealaigh (SF) as Iarthar Bhéal Feirste fáilte roimh an scéala.
“Tá diúltaithe ag Rialtas na Breataine coimitmint a thug siad ag Cainteanna Naomh Aindriú d’Acht Gaeilge a chomhlíonadh go fóill. Is gá cearta Gaeilgeoirí a chosaint i reachtaíocht oifigiúil. Is seans é an comhairliúchán seo ag daoine Acht Gaeilge a scrúdú. Feicfidh siad nach bhfuil an tAcht ina bhagairt ag duine ar bith agus gur leis an phobal iomlán an Ghaeilge,” a dúirt sí.
Bhí Acht Gaeilge ina cnámh spairne ag na cainteanna traspháirtí a bhí ar siúl sa Tuaisceart roimh an Nollaig.
Bhí sé go mór i mbéal an phobail le cúpla mí anuas tar éis don Chomhalta Gregory Campbell ceap magaidh a dhéanamh den éileamh agus é ag caint sa Tionól i mí na Samhna. Spreag caint an Chomhalta léirsithe pobail agus litreacha ó eagrais éagsúla Ghaeilge.
D’fháiltigh POBAL, atá ag feachtasaíocht ar son Acht Teanga le fada an lá, roimh an scéala inniu.
Bhí POBAL ar cheann de na cúig eagras is tríocha a chuir a n-ainm leis an litir a seoladh chuig Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann, Theresa Villier MP, a d’éiligh Acht Teanga don Tuaisceart.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, “Mar cheannródaithe ar Acht na Gaeilge le 9 mbliana anuas, d’fháilteodh POBAL roimh ghníomh dearfach ar bith i dtreo reachtú Acht na Gaeilge láidir, ceart-bunaithe taobh istigh d’achar ama aontaithe.”
Mhol Muller cinneadh an Aire ach mheabhraigh sí go ndearnadh comhairliúcháin roimhe seo.
“Molann muid díograis agus suim an Aire ar an cheist seo. Caithfear a admháil, áfach, go raibh sraith de chomhairliúcháin oifigiúla ar siúl cheana féin ar an cheist seo. Is léir, mar sin, go mbeidh pobal na Gaeilge ar bís le fáil amach cad é an mheicníocht nua atá aimsithe ag an Aire le cinntiú go reachtlófar an tAcht an t-am seo. Beidh POBAL ag bualadh leis an Aire go luath leis na ceisteanna seo, agus ábhar eile a phlé léi,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach.
Bhí dhá phróiseas comhairliúchán faoi Acht Teanga ann cheana, ceann i 2006 agus ceann eile i 2007. Dar le POBAL, léirigh 98% dóibh siúd a ghlac páirt sna próisis tacaíocht do mholtaí POBAL.
Thug Janet Muller le fios do Tuairisc.ie gur scríobh POBAL chuig Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, le linn na gcainteanna traspháirtí, ach gur “shéan Oifig Thuairsceart Éireann na dualgais maidir le hAcht Gaeilge a ghlac rialtas na Breataine air féin i gComhaontú Chill Rímhinn.
Dúirt sí freisin gur “léir go gcaithfidh rialtas na Breataine féin beart a dhéanamh de réir a bhriathair”.
Concubhar
Fáilte roimh an nuacht seo ar ndóigh. Ach seo an 3ú comhairliucháin, ar a laghad, ar a leithéid…