Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme

Aon duine a bhíonn amuigh faoin aer ba chóir dóibh iad féin agus a bpáistí a chosaint ar sceartáin mar is iadsan a scaipeann galar Lyme

Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme

Inniu lá feasachta Ghalar Lyme ag Lárionad Faire um Chosaint Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá comhairle phraiticiúil eisithe ag an Lárionad chun an galar seo a sheachaint.

Aon duine a bhíonn taobh amuigh, bíodh siad ag obair nó ag déanamh caitheamh aimsire, ba chóir dóibh iad féin agus a bpáistí a chosaint ar sceartáin mar is iadsan a scaipeann galar Lyme.

Is cuma an ag campáil, ag rothaíocht, ag spaisteoireacht, ag feirmeoireacht nó ag ithe picnic in aon áit a bhfuil féar ag fás a bhíonn daoine an samhradh seo níor cheart dóibh deis a thabhairt do sceartán plaic a bhaint astu ná greim a fháil ar a gcraiceann.

Níl gach sceartán aicídeach agus má bhaintear amach an sceartán laistigh de chúpla uair an chloig, is beag seans go bhfaighfear an galar Lyme. Tarraing amach an sceartán ar fad, go háirithe a bhéal, le pionsúirín agus nigh an craiceann le huisce agus gallúnach. Coinnigh súil ar an spota ansin ar feadh cúpla seachtain ar fhaitíos go dtiocfadh gríos.

Tá sceartáin forleathan ar fud na tíre, sa gcathair chomh maith le faoin tuath agus is ón earrach go dtí an fómhar is gnóthaí iad. Fuil an duine, an ainmhí agus na n-éan an cothú a bhíonn ag an sceartán agus seo an tráth den bhliain is minice a bhuaileann an galar seo daoine.

Sa gcomhairle a chuireann an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte ar fáil, iarrtar ar dhaoine priocadh na sceartán a sheachaint trí bhríste cosa fada a chaitheamh, hata a chaitheamh agus an ghruaig a chrapadh isteach faoi, sprae éarthach d’fheithidí a chur orthu (sprae a bhfuil DEET ann is fearr), craiceann, gruaig agus aon fhilleadh teolaí sa gcraiceann a sheiceáil gach tráthnóna má bhíonn duine taobh amuigh i rith an lae, aon sceartán a bhíonn le feiceáil ar an gcraiceann agus ar éadach a phiocadh díobh agus i gcás aon imní ba cheart dul chuig an dochtúir.

Priocfaidh sceartán aon chuid den cholainn ach is fearr leis na cosa agus na lámha. Cloigeann agus muineál páistí is minice a ionsaíonn an sceartán agus ba chóir iad a chosaint agus a chlúdach.
Gríos nó bruth mar a bheadh Bullseye ar an gcraiceann an comhartha is coitianta go bhfuil galar Lyme ar dhuine agus ní minic a bhíonn sé tromchúiseach ach mura ndéantar cúram de d’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh don chóras néarógach, an croí agus na hailt.
Má fheictear fáinne grís ar an gcraiceann, ba chóir dul chuig an dochtúir agus d’fhéadfadh go molfadh sé cúrsa antaibheathach. Tá pictiúir den ghríos seo ar shuíomh gréasáin an HPSC.

Fág freagra ar 'Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme'