Comhairle Chontae na Gaillimhe gan ‘fís ná paisean’ don Ghaeltacht – lucht forbartha ‘An Cuan’ sa Spidéal

Dhiúltaigh an Chomhairle Contae d’iarratas Baile Éamoinn Teoranta ar óstán ceithre réalta a fhorbairt sa Spidéal i gConamara

Comhairle Chontae na Gaillimhe gan ‘fís ná paisean’ don Ghaeltacht – lucht forbartha ‘An Cuan’ sa Spidéal

Tá sé curtha i leith lucht pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe go léiríonn a gcinneadh diúltú d’fhorbairt óstáin sa Spidéal nach bhfuil “fís ná paisean” acu don Ghaeltacht.

Tá an cáineadh géar seo ar an gComhairle déanta i ráiteas cuimsitheach ó Bhaile Éamoinn Teoranta, an comhlacht ar eitigh an Chomhairle cead pleanála dó chun óstán ceithre réalta, darbh ainm Óstán an Chuain, a thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

Mhaígh Rónán Bairéad ó Baile Éamoinn Teoranta go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil “cultúr” sa Chomhairle “cúiseanna le hiarratais a dhiúltú” a chuartú agus go bhfuil “an dearcadh diúltach” seo “ag déanamh an-dochar i gceantar Chonamara go háirithe”.

Dúirt Bairéad go dtuigeann muintir Chonamara “go rímhaith” go bhfuil “deacrachtaí agus ceisteanna móra” ann maidir le cúrsaí pleanála sa cheantar agus go bhfuil “seantaithí acu ar iarratais phleanála a bheith á ndiúltú”.

Dhiúltaigh an Chomhairle Contae don iarratas ar roinnt cúiseanna, ina measc airde, méid agus scála an óstáin, a deir an Chomhairle a chuirfeadh as do thírdhreach an bhaile. Diúltaíodh chomh maith don iarratas mar gheall ar na hocht dteach a bhí le tógáil mar chuid den fhorbairt agus mar gheall go raibh líon na spásanna páirceála os comhair an óstáin iomarcach.

Tugtar freagra ar na ceisteanna sin ar fad sa ráiteas atá curtha amach ag Baile Éamoinn Teoranta. Deirtear chomh maith gur “buille marfach cinnte don togra ar fad” a bheadh ann dá gcuirfí i bhfeidhm na laghduithe atá á n-éileamh ag an gComhairle Contae mar nach bhféadfaí sa chás freastal ceart a dhéanamh ar an bpobal agus nach gnó inmharthana a bheadh ann. Maítear go gciallódh a leithéid de laghdú ar an bhforbairt nach mbeadh linn snámha, ionad aclaíochta, sauna ná spá san óstán.

Dúirt Rónán Bairéad ó Bhaile Éamoinn Teoranta nach raibh ach trí rogha fágtha ag an gcomhlacht anois: éirí as an togra ar fad; achomharc in aghaidh chinneadh na Comhairle a dhéanamh chuig An mBord Pleanála; nó tosú arís ar athdhearadh na forbartha, rud a chuirfeadh “moill mhór” uirthi agus “a bheadh an-chostasach”.

Dúirt Rónán Bairéad go mbeifí gur mhaith leo dul i gcomhairle le muintir Chonamara sula ndéanfaí aon chinneadh maidir lena bhfuil i ndán don fhorbairt.

Dúirt Siobhán Bairéad ó Bhaile Éamoinn Teoranta le Tuairisc.ie tráthnóna gur theastaigh uathu óstán a thógáil a bheadh ina áis mhealltach do thurasóirí agus don phobal agus go bhféadfaí chomh maith soláthar a dhéanamh do leithéidí Oireachtas na Gaeilge agus Comórtas Peile na Gaeltachta.

“Níl muid chun cinneadh ar bith a dhéanamh as seo go ceann tamaillín go bhfeicfidh muid céard a cheapann muintir na háite. Is riosca mór é athdhearadh a dhéanamh air mar bheadh orainn tuilleadh airgid a chaitheamh air, agus tá an t-uafás airgid agus ama caite againn leis cheana féin le go ndéarfaí ‘no’ linn arís.

“Ní éireoidh le hóstán mura bhfuil linn snámha agus sauna ann sa lá atá inniu ann. An cineál rud atá uathu [an Chomhairle] ní shin an rud atá ag teastáil don cheantar agus bheifeá imithe as gnó taobh istigh de dhá bhliain. Bheadh Ceol na Mara eile, agat go bunúsach,” a dúirt Siobhán Bairéad le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Comhairle Chontae na Gaillimhe gan ‘fís ná paisean’ don Ghaeltacht – lucht forbartha ‘An Cuan’ sa Spidéal'

  • Carraig

    Seasaigí an fód. Dhéanfadh sé an-mhaitheas don gceantar.

  • Laoise

    Táim an-sásta nach mbeidh carrchlós dá thógáil díreach trasna ón trá. Mhillfeadh sé an bealach isteach chuig an sráidbhaile. Déan athdhearadh air le gairdín chun tosaigh agus carrchlós taobh thiar.

  • Cáit na gCnoc

    Dá mbeadh dearadh níos deise ann, ag tógáil isteach an tírdhreach agus breis crainnte nádúrtha bheadh sé seo iontach ar fad don cheantair. Tá dearadh i bhfad níos samhlaíoch,dúshlánach ag teastáil don óstán seo. Is fiú dúinn tacú le lucht gnó Gaeltachta le Gaeilge, a bhfuil suim acu sa gcultúir áitiúil agus sa bpobal áitiúil. Deis fostaíochta don cheantair a bheadh ann do mhuintir na háite. Ag an am céanna, caithfidh muid a bheith aireach agus cúramach faoi áilleacht an achmhainn nádúrtha timpeallachta atá thart orainn sa cheantar, agus gan í a mhilleadh ar son an ‘ubh órga’ . Is í an áilleacht seo agus an cultúir Gaeltachta a dhéanann bailte beaga cósta na Gaeltachta eisceachtúil ó ‘stráicí saoire na hEorpa. Guím gach rath orthu agus ná cailleadh siad misneach.