Comhairle Bhardasach Chonamara – an bhfuil leas ar bith déanta aici do Chonamara agus d’Árainn?

Bíonn cruinnithe ‘Chonamara’ á reáchtáil istigh in Oifigí na Comhairle Contae i nGaillimh. Sin agat léargas ar an gcóras rialtais áitiúil i gConamara….

Comhairle Bhardasach Chonamara – an bhfuil leas ar bith déanta aici do Chonamara agus d’Árainn?

Oifigí na Comhairle Contae i nGaillimh

Ní raibh mórán cairdis riamh idir muintir Chonamara agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Ceapadh sna bólaí siar agus ar oileáin Árann freisin, gur mhó an luí a bhí ag an gComhairle Contae i gcónaí le hoirthear na Gaillimhe agus go rabhadar ar nós cuma liom faoi chúrsaí Chonamara agus na Gaeltachta. Bhí, agus tá fós, na drochbhóithre (i gcomórtas le ceantair eile i nGaillimh) ar cheann de na cúiseanna a bhí leis an dearcadh sin.

Chuir na deacrachtaí agus an costas atá ag baint le cead pleanála do thithe dealg eile i gcroíthe mhuintir Chonamara le deich mbliana fichead. Leagtar an milleán sin ar an gComhairle Contae.

In aimsir na heagraíochta pobail ‘Cumhacht’ sna 1980idí bhítí ag éileamh gur cheart go mbeadh Comhairle Contae dá chuid féin ag Conamara. Dúradh gur contae difriúil ar fad é ó thaobh gnéithe aiceanta, bealaí maireachtála, traidisiúin agus teanga de. Dhéantaí athmhúscailt ar an éileamh sin anois agus arís ó shin. Cluas bhodhar a tugadh dó.

Ach, nuair a leag Phil Hogan, an Coimisinéir Talmhaíochta san Eoraip anois, a lámh féin ar an gcóras Rialtas Áitiúil in Éirinn sé bliana ó shin, shocraigh sé go mbeadh córas rialtais áitiúil ann a bheadh níos gaire don phobal sna contaetha éagsúla ar fud na tíre. Comhairlí Bardasacha a tugadh ar nan gcóras nua seo. Ceapadh amach ceann acu faoin teideal ‘Comhairle Bhardasach Chonamara’.

Bheadh naonúr Comhairleoirí Contae sa limistéar seo, sa taobh tíre ar fad ó imeall thiar chathair na Gaillimhe siar go Tower Cheann Gólaim agus siar go Ceann Léime ó thuaidh agus oileáin Árann istigh leis freisin.

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus toghadh naonúr Comhairleoirí Contae i mí na Bealtaine 2014 do ‘Chomhairle Bhardasach Chonamara’. Ní Comhairle Contae a bhí ann ach ba chóras rialtais áitiúil é a bhí aitheanta ag an Stát. Ba é an rud ba ghaire é do Chomhairle Contae a chonacthas i gConamara ó bunaíodh an stát. Cén chaoi ar éirigh leis agus cén leas a rinne sé ó shin, agus é ag teannadh gar do dheireadh na chéad tréimhse anois?

Bhí fíor-dhrochthús ag Comhairle Bhardasach Chonamara chomh fada agus a bhain sé le Conamara agus leis an nGaeltacht de, agus ceann de na cúiseanna a bhí leis sin ná an bealach ar thit na suíocháin. Níor toghadh ach beirt i bhfíorGhaeltacht Chonamara – Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil) agus Seosamh Ó Cualáin (Neamhspleách). Ní hé go bhfuil mé ag déanamh beagán de Thomás Ó Curraoin as Bearna atá in Ghaeilgeoir breá dúchasach ach nach bhfuil lonnaithe i nGaeltacht láidir Chonamara.

Rinneadh praiseach uilig den scéal, chomh fada agus a bhain sé le Conamara, nuair a socraíodh gur in Uachtar Ard a bheadh lárionad Chomhairle Bhardasach Chonamara. Ba iad tromlach na gComhairleoirí a chinn é sin.

Ba é an leagan amach a bhí ag Tim Robinson – scríbhneoir, staraí agus gníomhaí timpeallachta – nach raibh tú i gConamara mura raibh amharc agat ar na Beanna Beola. Creideann an seandálaí Micheál Ó Giobúin gur siar ón Teach Dóite agus as Indreabhán siar atá Conamara. Pé ar bith áit a bhfuil na línte seo is cinnte go mbeadh sé deacair Uachtar Ard a chur san áireamh ann in aon chor. An fear óstáin a bhuail ‘The Connemara Gateway’ ar an Óstán in Uachtar Ard, bhí tuiscint mhaith aige ar an tíreolaíocht sna bólaí sin.

Bhí an Cheathrú Rua agus Carna ar na háiteanna eile a bhí luaite mar phríomhionaid riaracháin Chomhairle Bhardasach Chonamara.

Thug Seán Ó Tuairisg vóta don Cheathrú Rua, thug Tomás Ó Curraoín agus Seosamh Ó Cualáin tacaíocht do Charna, níor vótáil Thomas Healy beag ná mór agus thug an chuid eile (Séamus Walsh, Thomas Welby, Niamh Byrne, Noel Thomas agus Eileen Mannion) tacaíocht d’Uachtar Ard.

Cé gur beag difríocht a rinne roghnú an phríomhionaid don chóras ar bhonn praiticiúil, bhí síceolaíocht agus polaitíocht spéisiúil i gceist leis an gcinneadh. Bhí a dteanga bheag caite ag Comhairleoirí ag fógairt ‘tacaíochta’ do cheantair imeallacha agus don Ghaeltacht. Bhí an deis acu anois an príomhionad a roghnú go domhain i dtíreolaíocht Chonamara, nó ar imeall thiar Chonamara.

Buille tábhachtach siombalach a bheadh ann, ar an gcaoi sin, dá dtapófaí an deis. Níor tapaíodh.

Sa mullach air sin uilig, tharla sé nach raibh tóin ná ceann leis an socrú mar nach bhféadfaí mórán focal ar bith a thuiscint sa seanteach cúirte a roghnaíodh mar ionad cruinnithe in Uachtar Ard de bharr macalla a bheith ann. Tréigeadh an áit uilig. Is é atá ag tarlú anois, an chuid is mó den am, ná go mbíonn cruinnithe ‘Chonamara’ á reáchtáil istigh in Oifigí na Comhairle Contae i nGaillimh. Sin againn anois an córas rialtais áitiúil i gConamara.

Taobh amuigh de na beartais sin, b’fhéidir go raibh na Comhairleoirí roinnt réchúiseach faoi cheist na mbóithre. Is beag amhras ach gurb iad Grúpa Feachtais an N59 a dhúisigh dáiríre ceist an phríomhbhóthair as Gaillimh chun an Chlocháin agus amach go dtí an Líonán.

Chuile sheans go raibh na Comhairleoirí ag fágáil na ceiste sin faoi chúram na bainistíochta agus na bhfeidhmeannach sa gComhairle Contae. Mar shampla, ní raibh aon amharc ar chor ar bith ar chuid de na Comhairleoirí, gan trácht ar iad a bheith ag labhairt, ag Éisteachtaí an Bhoird Pleanála a bhain leis an stráice bóthair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.

Glactar leis go raibh sé deacair ag na Comhairleoirí a theacht ar shocrú faoi fhorbairt an R336, bóthar an chósta. Tá gealltanas tugtha anois ag ceannasaí bóithre na Comhairle go mbeidh moladh ar fáil ó shaineolaithe faoin gcosán is fearr i dtús na bliana seo chugainn. Ceist chasta a bheidh ansin do na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán na Comhairle Contae i gConamara Theas.

Is beag lorg atá fágtha ar na ceantair imeallacha mar thoradh ar na hathruithe ar an gcóras rialtais áitiúil i gConamara.

Ba dhíol mór spéise é nár ceadaíodh pingin ar bith don bhóthar, an R340, in iarthar Chonamara don chéad bhliain eile, d’ainneoin go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta ina ngéarchéim in Iorras Aintheach agus sa gcuid sin den Ghaeltacht.

Ar ndóigh, abróidh Comhairleoirí, agus an fhírinne acu, go raibh an t-airgead gann agus gur beag eile a d’fhéadfaí a dhéanamh, pé ar bith scéal é. Ach, ar baineadh leas ar bhealach samhlaíoch nó éifeachtach ar bith, ar mhaithe le Conamara agus Árainn, as an struchtúr seo ar a dtugtar an Chomhairle Bhardasach?

Nó an raibh an seanchóras de choistí neamhoifigiúla a bhíodh ag na Comhairleoirí Contae taobh thiar den Choirib chomh maith céanna, sular leag Phil Hogan lámh orthu? 

Fág freagra ar 'Comhairle Bhardasach Chonamara – an bhfuil leas ar bith déanta aici do Chonamara agus d’Árainn?'