Coláiste Chonnacht Teoranta faoi leachtú ach gan aon bhaol don choláiste samhraidh ársa

Is ar iarratas ó stiúrthóirí Choláiste Chonnacht Teoranta atá an comhlacht le leachtú ach leanfar leis an gcoláiste samhraidh aitheanta a bunaíodh ar an Spidéal i 1910

Coláiste Chonnacht Teoranta faoi leachtú ach gan aon bhaol don choláiste samhraidh ársa

Tá leachtaitheoir ceaptha do Choláiste Chonnacht Teoranta, an comhlacht ar leis Coláiste Chonnacht an coláiste samhraidh aitheanta ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe atá ar cheann de na coláistí Gaeilge is faide ar an bhfód.

Is ar iarratas ó stiúrthóirí an chomhlachta, Chris agus Seán Ó Neachtain, atá an comhlacht le leachtú.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge an chéad Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh i 1906 chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí Gaeilge agus aistríodh é go dtí an láthair ar an Spidéal sa bhliain 1910. I measc na scoláirí a d’fhreastail ar an choláiste, tá Pádraig Mac Piarais agus Éamon de Valera.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seán Ó Neachtain nach raibh “aon bhaint” aige féin ná ag a bhean le reáchtáil an choláiste a thuilleadh.

“Tá stiúrthóirí eile tagtha chun cinn anois ach ní bheidh aon athrú ar an gcoláiste samhraidh. Bhí baint agamsa le Coláiste Chonnacht le blianta blianta fada ach tá mé imithe ar scor anois.

“Ní féidir athrú a dhéanamh ar rud atá ar bun le breis agus céad bliain. Beidh an coláiste ann i gcónaí mar go bhfuil traidisiún fada ag an gcoláiste a théann siar go 1910,” a dúirt Seán Ó Neachtain, ar iarfheisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil é.

Is í Denise Ryan ón chomhlacht cuntasaíochta Ryan McGinity i nGaillimh atá curtha i mbun an leachtaithe.

Léiríonn cáipéisí de chuid Choláiste Chonnacht Teoranta a cuireadh faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí i lár na míosa seo caite go raibh sócmhainní €107,900 ag an chomhlacht agus gan aon fhiachas le híoc.

Cláraíodh Coláiste Chonnacht Teoranta mar chomhlacht breis agus 30 bliain ó shin, ach roimhe sin bhí an coláiste samhraidh á reáchtáil ar láthair Choláiste Chonnacht faoi úinéirí éagsúla.

Tugtar le fios sna cáipéisí gurb iad stiúrthóirí an chomhlachta féin a bheartaigh an comhlacht a leachtú.

Léiríonn cuntais Choláiste Chonnacht Teoranta le roinnt blianta anuas go raibh caillteanas airgid i gceist in 2013 agus in 2014 ach go ndearnadh brabús €50,676 in 2015 agus €118,307 sa bhliain 2016. In 2017, bhí glansócmhainní arbh fhiú €113,917 iad ag an chomhlacht.

Níl figiúirí ar fáil do 2018 ach amháin go bhfuil sé deimhnithe ag an chomhlacht go bhfuil os cionn €100,000 de shócmhainní aige faoi láthair.

Thug Ó Neachtain le fios do Tuairisc.ie go raibh an coláiste samhraidh faoi úinéireacht nua ach ní raibh sé sásta a rá cé a bhí i mbun an choláiste anois.

Táthar ag glacadh faoi láthair ar shuíomh Choláiste Chonnacht le hiarratais do chúrsaí samhraidh 2020.

Fág freagra ar 'Coláiste Chonnacht Teoranta faoi leachtú ach gan aon bhaol don choláiste samhraidh ársa'