Coir fuatha a bhí i loitiméireacht ar an nGaeilge ar chomhartha bóthair – póilíní

Tá eolas á lorg ag an PSNI faoi eachtra inar scriosadh an Ghaeilge de chomhartha bóthair i gceantar Bhóthar an Chéide sa Bhaile Úr i ndeisceart Ard Mhacha

Coir fuatha a bhí i loitiméireacht ar an nGaeilge ar chomhartha bóthair – póilíní

“Coir fuatha” a bhí i gceist le heachtra inar deineadh dochar do chomhartha bóthair dátheangach, a deir póilíní an Tuaiscirt.

Tá eolas á lorg ag an PSNI faoin eachtra inar scriosadh an Ghaeilge den chomhartha bóthair i gceantar Bhóthar an Chéide sa Bhaile Úr i nDeisceart Ard Mhacha.

Dúirt Barra Ó Muirí, comhairleoir de chuid Shinn Féin gur léir gur “amadáin” ar “masla” acu an Ghaeilge a fheiceáil a loit an comhartha ag cur fáilte roimh dhaoine go dtí an ceantar. Chaithfeadh daoine níos mó meas a bheith acu ar a chéile, a dúirt Ó Muirí.

“In ainneoin na hoibre pobail den chéad scoth a bhíonn ar siúl sa bhaile, in ainneoin na hinfheistíochta a dhéantar i dtograí trasphobail agus in ainneoin gurb í an bhliain 2021 atá againn, tá dream ann i gcónaí ar mhaith leo go bhféachfaí ar an mBaile Úr mar phobal atá scoilte. Mo náire iad!

“Níor chóir sa lá atá inniu ann go bhféachfadh aon duine sa tsochaí ar theanga nó creideamh nó cúlra eitneach duine eile mar mhasla nó mar bhagairt. Is fearr ná sin muid!”

Deir an PSNI gur dócha gur ag an deireadh seachtaine a tharla an loitiméireacht agus gur ‘coir fuatha’ a bhí sa damáiste coiriúil a deineadh.

Fág freagra ar 'Coir fuatha a bhí i loitiméireacht ar an nGaeilge ar chomhartha bóthair – póilíní'