Ní thabharfar aon tosaíocht do chainteoirí Gaeilge sa gcéad scéim tithíochta ar Cíos De Réir Costais atá á forbairt sa nGaeltacht.
Deir an Roinn Tithíochta go mbeadh athrú sa dlí ag teastáil chun a leithéid de choinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar scéimeanna eile amach anseo.
Ag labhairt dó le Tuairisc faoin ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht le gairid, dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go raibh maoiniú tugtha aige don gcéad fhorbairt tithíochta ar cíos de réir costais sa nGaeltacht riamh.
Ach is léir nach gá gur cainteoirí Gaeilge a bheadh iontu siúd a bheidh ina gcónaí sna tithe nuair a thógtar iad.
D’fhógair an Roinn Tithíochta maoiniú €3 milliún don Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta, Tuath Housing, níos luaithe i mbliana chun 14 teach ar cíos de réir costais a thógáil i mBearna i gcontae na Gaillimhe. Tá na tithe le tógáil i dTroscaigh Thoir ar an mbóthar idir Bearna agus Maigh Cuilinn agus súil ann go mbeidh siad réidh sa dara ráithe den bhliain seo chugainn.
Cé go bhfuil an fhorbairt seo lonnaithe sa nGaeltacht, ní bheidh aon dualgas ann méid áirithe de na tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Faoi Phlean Forbartha Chomhairle Contae na Gaillimhe 2022-2028, ní foláir coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar ar a laghad 80% de thithe i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige ina bhfuil dhá theach nó níos mó. Níl an clásal feidhme teanga sin i bhfeidhm do cheantar Bhearna, áfach.
Dúirt an Roinn Tithíochta nach bhféadfaí coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar aon chaoi, fiú dá mbeadh tithíocht faoin scéim cíos de réir costais le tógáil i gCois Fharraige nó i gceantar Gaeltachta eile.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc gur ar chrannchur a thugtar amach na tithe faoin scéim sin agus nach bhféadfaí tithe a chur ar leataobh do dhuine áirithe nó do ghrúpa áirithe.
Dúradh nach mór do gach conradh tionóntachta faoin scéim tithíochta ar cíos de réir costais a dhéanamh le tionónta a sásaíonn a líon tí na coinníollacha cáilitheachta ar fad. Sa gcás go mbíonn an t-éileamh níos mó ná an soláthar tithíochta a bhíonn ar fáil, is amhlaidh a ritear crannchur do na hiarrthóirí incháilithe ar fad lena chinntiú gur go randamach a phiocfar ord na n-iarratasóirí a bheidh á meas mar thionóntaí, a dúradh.
“Faoin reachtaíocht mar atá i bhfeidhm faoi láthair, níl aon fhoráil ann faoina bhféadfaí tithíocht ar cíos de réir costais a thabhairt do ghrúpaí ná do dhaoine faoi leith.
“Mar sin féin, tá an Roinn ag scrúdú an bealach a ndéantar tithíocht a dháileadh i láthair na huaire agus conas a d’fhéadfaí an próiseas sin a fheabhsú, agus aon leasú ar an reachtaíocht a bheadh riachtanach san áireamh. Tá súil ag an Aire go mbeidh sé in ann na leasuithe atá riachtanach ar an reachtaíocht a chur chun cinn mar chuid de Chlár Reachtaíochta an Fhómhair 2024.”
Tá sé i gceist ag an scéim tithíocht ar cíos de réir costais tithe cónaithe ar cíos inacmhainne a chur ar fáil do dhaoine ar mheánioncam. Tá an scéim dírithe ar dhaoine nach bhfuil cáilithe do thithíocht shóisialta ach a bhfuil deacrachtaí acu cíos a íoc ar chóiríocht phríobháideach.
Ní mór go mbeadh an cíos le haghaidh tithe ar cíos de réir costais ar a laghad 25% faoi bhun na ngnáthchíosanna margaidh i gceantar. Ceann de na coinníollacha a chaithfear a chomhlíonadh le cur isteach ar an scéim, go mbeadh glanioncam bliantúil an teaghlaigh níos lú ná €66,000 i mBaile Átha Cliath agus faoi €59,000 i ngach áit eile sa tír.
giorria
Ba cheart agóid a dhéanamh faoi seo.
Pádraic
An fiú a bheith ag caint ar choinníoll teanga i mBearna? Is beag Gaeilge atá fágtha ann. Ach caithfear an dlí a athrú le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid i gceantair eile Ghaeltachta!
Pól Ó Braoin
Níl aon ghaeltacht ansin… nó ní raibh nuair a chuaigh mé ar cuairt ann.
JP
Tuar cait agus féasóig ar an sean-nath seo ag na Ranna Stáit trí chéile fén dtaca seo, agus b’ladh bréan lofa uaidh;
‘NÍ FÉIDIR LINN….’ ‘NÍ FÉIDIR LINN.’
Laincisí agus constaicí síoraí seasta acu agus orthu…ó is iad atá innúil ar na constaicí céanna a áireamh nuair is í ár dteanga náisiúnta atá idir camáin.
Dá mba Cheantar Caomhnaithe Speisialta nó Páirc Náisiúnta a bheadh sa treis nó feithid bheag bhreac éigint “atá i mbaol” (frog loscann, mar shampla) dhéanfaí cáiréis an-ghéar go deo timpeall orthu.
Chuirfí an saol ina stad is ina sheasamh ar a son.
Dhéanfaí san.
“Tá athrú meoin i leith na Gaeilge ag teastáil” adúirt Aire Rialtais le déanaí. Scaothaireacht bhaoth bhladrúil aríst eile ón mbarr anuas.
Cá bhfuil an t-athrú meoin á léiriú anseo?
Ní mór an Ghaeilge a áireamh mar THEANGA náisiúnta atá le cosaint AGUS le forbairt, a aithint gur tábhachtaí an Ghaeilge go mór ná aon cheann acu sin réamhluaite, gurb í dlúth agus inneach an chomhshaoil teanga í sa tír seo, fuinneog luachmhar ár muintire ar an saol agus ar an gcomhshaol, i bhfad Éireann níos luachmhaire ná aon chnádán faon-bhreac ‘atá i mbaol’.
Nó an tábhachtaí?