Coinneofar súil ghéar ar chóisir lae breithe na Gilets Jaunes

Tá go leor sa bhFrainc a chuirfeadh an milleán ar ‘Le Président des Riches’ faoi gur éirigh leis an ngluaiseacht agóidíochta neartú

Coinneofar súil ghéar ar chóisir lae breithe na Gilets Jaunes

Tá na Gilets Jaunes, an grúpa agóidíochta frithrialtais sa bhFrainc ag comóradh bliain ar an bhfód an tseachtain seo. Tá sé i gceist ag an ngrúpa tabhairt faoi na sráideanna i bPáras arís.

Thosaigh na léirsithe sráide de bharr míshásaimh i measc an phobail faoi arduithe ar phraghas breosla agus costais arda maireachtála.

B’in í an iarraidh a mharaigh an mhuc dar le lucht oibre na Fraince agus iad faoi bhrú sách mór cheana féin, dar leo féin.

An rud nach raibh súil ar bith ag na húdaráis leis go leanfadh na hagóidí ar aghaidh seachtain i ndiaidh seachtaine agus go n-éireoidís níos glóraí agus fiú fuilteach. Ba ghearr go raibh sé ina chaint go raibh atmaisféar réabhlóideach trodach i measc an lucht agóide.

Cosmhuintir na Fraince ag éirí amach in aghaidh ‘Le Président des Riches’, mar a thugtar go minic ar Émmanuel Macron. Cuireadh cosc ar na hagóidí i dtús mhí na Nollag seo caite agus níl mórán dóchais ag lucht eagraithe an fheachtais go bhfaighidh siad cead cruinniú ar an Champs Élysée an tseachtain seo chugainn.

Maíonn an grúpa go bhfuil tábhacht ar leith le cead agóide ar an mBoulevard galánta i gcroílár Pháras de bharr a riachtanaí atá sé an saibhreas atá le feiceáil ansin a roinnt le pobal na tíre trí chéile.

Tá go leor sa bhFrainc a chuirfeadh an milleán ar Macron faoi gur éirigh leis an ngluaiseacht seo neartú. Ag tús mhí na Nollag seo caite nuair a bhí foréigean ar shráideanna Pháras, bhí Macron san Airgintín. An tseachtain seo, cothrom an ama ar tharla ionsaí marfach an Bataclan in 2015, is sa tSín a bhí an tUachtarán.

Tá staid éigeandála sa tír ón ionsaí sin i leith.

Bhí Macron ag caint an tseachtain seo ar fhiúntas NATO agus ag leanacht air leis an obair atá ar siúl aige le fada – á chur féin chun cinn mar cheannaire ar an Eoraip.

Reáchtáil sé comhdháil mhór idirnáisiúnta faoi chúrsaí comhshaoil an tseachtain seo. Ceist í sin a bhfuil práinn léi ach gur beag an mhaith í le déileáil leis an imní atá ar na daoine sin a bhunaigh gluaiseacht na Gilets Jaunes.

Ní gan údar a bhí caint go raibh atmaisféar réabhlóideach sa bhFrainc le bliain anuas. Gluaiseacht phobail frithbhunaíochta iad na Gilets Jaunes atá gníomhach ar fud na tíre ach nach bhfuil aon bhráite acu i saol na polaitíochta sa bhFrainc.

Tá scrios déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla, an Páirtí Sóisialach agus Les Républicains, agus lárnach sa chóras polaitíochta sa bhFrainc anois tá gluaiseacht Émmanuel Macron, La République en Marche, agus an Rassembléé National, an fronta náisiúnta mar a bhíodh.

Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an Rassembléé National agus cé go bhfuil borradh faoin ngluaiseacht ní léir go bhfuil pobal na Fraince sásta glacadh go hiomlán lena bhfealsúnacht. Níl acu ach seacht suíochán acu as an 577 suíochán sa gcomhthionól náisiúnta. Go deimhin, chruinnigh na mílte ar shráideanna na tíre Dé Domhnaigh ag cur in aghaidh an fhrith-Ioslamachais.

Le roinnt seachtainí is é atá á mholadh in ábhar bolscaireachta na Gilets Jaunes go n-ainmneofaí  duine a bheadh feiliúnach dóibh le cur chun cinn in aghaidh Macron i dtoghchán uachtaránachta 2021.

An éireoidh leis an moladh sin? An bhfuil aon bhealach eile lena chinntiú go dtabharfar dúshlán Macron seachas dul i muinín an Rassemblée Nationale?

Coinneofar súil ghéar ar a dtarlóidh cóisir lae breithe na Gilets Jaunes ar an Satharn.

Fág freagra ar 'Coinneofar súil ghéar ar chóisir lae breithe na Gilets Jaunes'