Coimisiún na Scrúduithe Stáit ‘sásta’ le páipéir Ghaeilge chonspóideacha

Tá go leor múinteoirí Gaeilge den tuairim go bhfuil na páipéir shamplacha nua don Ghaeilge sa tsraith shóisearach ródheacair, róchasta agus rófhada

Coimisiún na Scrúduithe Stáit ‘sásta’ le páipéir Ghaeilge chonspóideacha

Tá ráite ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil siad “sásta” le “struchtúr agus le hábhar” na bpáipéar samplach Gaeilge don tsraith shóisearach ar foilsíodh an tseachtain seo iad.

Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá idir iontas, dhíomá agus fhearg ar mhúinteoirí ar fud na tíre faoi na páipéir shamplacha nua agus tá na céadta trácht fágtha ar na meáin shóisialta ag múinteoirí Gaeilge chun a míshástacht a chur in iúl fúthu.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit go raibh siad “muiníneach” go gcabhródh na páipéir shamplacha nua le daltaí agus le múinteoirí agus go háirithe leosan a bheidh ar an gcéad dream a dhéanfaidh an scrúdú nua Gaeilge in 2020.

Coimisiún na Scrúduithe Stáit  sásta, a dúradh, go bhfuil na páipéir shamplacha ag teacht go hiomlán leis na leasuithe atá déanta ar an gcóras agus leis na  torthaí foghlama a leagadh síos mar chuid den chur chuige nua.

Dúradh go mbíonn fáilte ag Coimisiúin na Scrúduithe Stáit roimh aon aiseolas faoi na páipéir shamplacha a fhoilsíonn siad agus dúradh go ndéantar aon aiseolas a mheas féachaint an gcuideodh sé le scrúduithe eile a fhorbairt amach anseo.

Is é an t-údar gearáin is mó atá ag lucht cáinte na bpáipéar samplach go bhfuil an scrúdú ródheacair, róchasta agus rófhada do dhaltaí agus go leagtar béim i bhfad rómhór ann ar an litríocht seachas ar an gcumarsáid.

Dúirt múinteoirí Gaeilge eile gur “scannal” a bhí sa scrúdú nua, gur “ceap magaidh” a bhí ann agus gur údar “éadóchais” é.

Dúirt roinnt múinteoirí gurbh amhlaidh go gcuirfeadh an scrúdú nua lagmhisneach ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí agus go n-iompódh sé daltaí i gcoinne na Gaeilge nó go spreagfadh sé iad le díolúine a lorg ó staidéar na teanga.

Ach tá cosaint láidir déanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar na páipéir shamplacha.

“Ach oiread leis na ‘fíorscrúduithe’ caitear go leor dua lena chinntiú go mbíonn ardchaighdeán ag baint leo [na páipéir shamplacha] agus lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach dá n-aidhm.”

Dúradh go ndéanann saineolaithe sna hábhair éagsúla scagadh ar na páipéir shamplacha sula bhfoilsítear iad chun a chinntiú go bhfuil an t-ábhar iontu oiriúnach agus ag teacht leis na spriocanna foghlama atá leagtha síos don ábhar atá i gceist.

Idir an dá linn, tá foireann Ghaeilge Choláiste Ráth Tó i gcontae na Mí ar an dream is déanaí a bhfuil a míshástacht curtha in iúl acu faoi chur chuige nua na scrúduithe.

I litir a sheol baill foirne an choláiste sin chuig an Aire Oideachais Joe McHugh, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC), An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), dúradh gur “buile marfach” don Ghaeilge a bheadh sna scrúduithe nua agus nach raibh aon chuid acu dírithe ar an dá scil “is tábhachtaí” – an chaint agus an idirghníomhaíocht.

Dúirt múinteoirí Choláiste Ráth Tó go raibh “drogall” orthu na páipéir scrúduithe shamplacha a thaispeáint do na daltaí fiú. Dá bhfeicfeadh na daltaí na páipéir is amhlaidh go mbeadh “imní” agus “buairt” orthu agus go mbeadh “easpa muiníne” acu. Anuas air sin, chothófaí “fuath” don teanga, a dúradh sa litir.

An scrúdú Gaeilge T2 don tsraith shóisearach an scrúdú is mó atá ag cothú conspóide, is é sin an scrúdú Gaeilge a bheidh á dhéanamh ag formhór daltaí na tíre.

Tá scrúdú T1 ar fáil anois chomh maith do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile.

Cuireadh deireadh leis an scrúdú cainte roghnach a bhíodh ar fáil don Teastas Sóisearach mar chuid de na leasuithe a rinneadh ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí.

Déanfar scileanna cumarsáide a thástáil feasta le cur i láthair a dhéanfaidh daltaí sa seomra ranga.

Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a dhéanfadh é.

Rinne eagraíochtaí teanga agus lucht gaeloideachais cáineadh láidir ar an gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú.

Fág freagra ar 'Coimisiún na Scrúduithe Stáit ‘sásta’ le páipéir Ghaeilge chonspóideacha'

  • Mairéad

    Céard faoin scrúdú Gaeilge T1 dírithe ar na Gaeltachtaí? Ní focal ó na scoileanna le cloisteáil in son áit sin.