Coimhlint iontach idir an réalt óg Adam Screeney agus an All Star Mikey Butler romhainn i gCraobh Iomána Laighean

Imreofar babhtaí leathcheannais na craoibhe sinsir i gCúige Laighean inniu agus súil le cluiche maith idir Gaeil Uí Lochlainn agus Cill Chormaic-Cill Achaidh

Coimhlint iontach idir an réalt óg Adam Screeney agus an All Star Mikey Butler romhainn i gCraobh Iomána Laighean

Leanfaidh an iománaíocht ar aghaidh i gCúige Laighean inniu agus caithfidh go bhfuil sceitimíní ar an lucht tacaíochta agus dóchas agus muinín ag imreoirí na gceithre chlub atá fágtha ina seasamh.

Mar atá luaite agam anseo cheana, is mór an rud go bhfuil Seamróga Bhaile Héil, a raibh ceithre chraobh chúige as a chéile buaite acu, as an áireamh i mbliana. Ag an bpointe seo, agus ceithre fhoireann fágtha san iomaíocht, d’fhéadfadh aon cheann acu Craobh Laighean a bhuachaint.

I gcluiche leathcheannais amháin tá an dream atá ina rogha na coitiantachta anois, Gaeil Uí Lochlainn as Cill Chainnigh agus iad ag imirt in aghaidh ionadaithe Uíbh Fhailí, Cill Chormaic-Cill Achaidh.

Cé gurb iad Gaeil Uí Lochlainn rogha na coitiantachta, ní déarfainn ar chor ar bith nach bhfuil seans ag Cill Chormaic-Cill Achaidh sa cheann seo. Léirigh siad an-spiorad agus díocas ina mbua i gcoinne Naomh Éanna coicís ó shin. Le cabhair dhá chúl taobh istigh de 90 soicind, rugadar greim ar an gcoimhlint agus chríochnaigh siad go tréan. Tá réalt óg acu in Adam Screeney agus roinnt imreoirí óga maithe eile acu agus ní dóigh go mbeidh faitíos orthu roimh bhoic mhóra Chill Chainnigh. Táim ag súil leis an gcoimhlint idir Screeney agus gaiscíoch na gCat agus buaiteoir All Star, Mikey Butler.

Ina gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne Stua Laighean (nár imir le trí seachtaine déag roimhe sin), fuair na Gaeil lán a mboilg de agus ní fhéadfá a rá go raibh an bua cinnte acu go dtí gur scóráil an t-ionadaí Luke Hogan cúl déanach. Tá an-taithí i measc chúlaithe na nGael agus triúr acu a bhí ag tosú do Chill Chainnigh i mbliana, Butler, buaiteoir All Star eile Huw Lawlor agus Paddy Deegan. Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir iad agus Cill Chormaic-Cill Achaidh ag an deireadh ach dá mbeadh orm euro a chur ar cheann acu, is dócha go mbeadh sé ar na Gaeil. Beidh an cluiche á thaispeáint ar TG4.

Sa chluiche leathcheannais eile a bheidh ar siúl i bPort Laoise, beidh seaimpíní Bhaile Átha Cliath, Na Fianna agus Nás na Ríogh as Cill Dara.

Ní bhfuair na Fianna tada bog in aghaidh Ráth Fhearna na hIarmhí sa chluiche deireanach agus is cúl déanach a chinntigh an bua dóibh. Maidir le Nás na Ríogh, ní raibh ach cúl idir iad féin agus Camros ó Laois ina gcluiche ceathrú ceannais.

Tá an cumann as Cill Dara ar mhuin na muice sa dá chód na laethanta seo agus a gcuid peileadóirí cáilithe do chluiche ceannais an chúige cheana féin. Tá triúr acu ar an dá phainéal. Amhail an cluiche eile ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne sa gceann seo ach oiread. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh ag iománaithe Nás le tamall de bhlianta agus ní dóigh liom go mbeidh aon drogall orthu tabhairt faoi na Fianna.

Tá na Fianna ag feabhsú de réir a chéile freisin ach is i mbliana a rinne siad an beart i gcraobh Bhaile Átha Cliath agus b’in agus gan teacht acu ar an imreoir idirchontae Dónal Burke. Bhí cuma na maitheasa orthu i gcluiche ceannais an chontae agus iad rómhaith ar fad do Bhaile Baodáin. Tá Burke sínte ó Mheitheamh, nuair a ghortaigh sé teannán na hioscaide go dona. Níor imir sé faic ó shin agus tá amhras ann an mbeidh sé in ann aon pháirt a imirt inniu ach an oiread.

Dá uireasa, tá sé deacair tuar a dhéanamh ar an gcluiche ach pé dream a bhuafaidh é, bheidh stair cruthaithe acu agus an cluiche ceannais bainte amach acu den chéad uair riamh.

Fág freagra ar 'Coimhlint iontach idir an réalt óg Adam Screeney agus an All Star Mikey Butler romhainn i gCraobh Iomána Laighean'