Coimhlint chinniúnach dhrámatúil idir Sinn Féin agus an SDLP sa bhFeabhal

Beidh dianchoimhlint idir Elisha McCallion Shinn Féin agus ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, sa bhFeabhal ach ní hamhlaidh a bheidh i nDoire Thoir

Coimhlint chinniúnach dhrámatúil idir Sinn Féin agus an SDLP sa bhFeabhal

An Feabhal

Ba é an toradh ba dhrámatúla san olltoghchán in 2017 é nuair a bhain Sinn Féin suíochán an Fheabhail. Bhí Elisha McCallion 169 vóta chun cinn ar iarcheannaire an SDLP, Mark Durkan, an bhearna ba lú sa tuaisceart sa toghchán sin.

Bhí a fhios roimh ré go raibh an SDLP i mBéal Feirste Theas agus san Dún Theas faoi bhrú ach ní raibh aon choinne le briseadh an pháirtí i ndúnáras John Hume. Bhí Sinn Féin sa tóir ar an suíochán le fada agus iarrachtaí déanta ag iarrthóirí éagsúla dá gcuid é a fháil. Bhí an páirtí mar chat an dá eireaball faoi chaithréim McCallion.

Buille trom do Shinn Féin a bheadh ann an suíochán atá á chosaint ag McCallion a chailliúint ach tá ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, ar a dhícheall ag iarraidh é a bhaint ar ais dá pháirtí. Coimhlint chinniúnach, dhrámatúil don dá pháirtí.

Sa bhFeabhal a bhí an vóta ab airde sa Tuaisceart in aghaidh an Bhreatimeachta, ochtar as gach deichniúr beagnach – 78.3%. Ní hiontas gurb í sin príomhcheist an toghcháin ach tá daoine buartha freisin faoin ngéarchéim sa tseirbhís sláinte, faoin mbrú ollmhór ar an gcóras oideachais agus faoin dífhostaíocht, bochtanas agus easpa deiseanna i nDoire agus ar an Srath Bán.

Tá Eastwood ag rá gur feisire é féin a bheadh i láthair in Westminster agus é á chur i leith Shinn Féin aige go ndearna siad faillí sa toghcheantar lena neamhfhreastal ar an bParlaimint. Maíonn McCallion go raibh tionchar ag Sinn Féin ar chúrsaí sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath agus gur chur amú ama é freastal ar Westminster.

Deir an phobalbhreith is deireanaí gur beag atá idir an bheirt. Mar chruthúnas ar a ghéire is atá an iomaíocht, tá 4,022 vótóir breise cláraithe sa bhFeabhal le mí – an líon is mó in aon cheantar. Vótáil 65% den phobal in 2017 agus beidh an tinreamh tábhachtach Déardaoin.

Rás dhá chapall is ea é gan dabht ach tá cúigear eile san iomaíocht freisin agus seans go mbeidh éifeacht ag beirt acu ar an toradh. Tá spéis ar leith sa tacaíocht a gheobhaidh Aontú, féachaint an ó Shinn Féin nó ón SDLP is mó a mheallfaidh siad vótóirí atá in aghaidh an ghinmhillte. Deirtear freisin go dtugann roinnt aontachtaithe, lucht an UUP go háirithe, tacaíocht don SDLP sa cheantar seo, ach go bhfuil amhras ann an dtarlóidh sé sin an t-am seo toisc gur sheas an SDLP i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh ar mhaithe le John Finucane ó Shinn Féin agus mar ghníomh in aghaidh an Bhreatimeachta.

Na hIarrthóirí

Colum Eastwood, SDLP
Rachael Ferguson, Alliance
Darren Guy, UUP
Shaun Harkin, Pobal Seachas Brabach
*Elisha McCallion, Sinn Féin [ag cosaint a suíocháin]
Anne McCloskey, Aontú
Gary Middleton, DUP

Líon na ndaoine atá cláraithe –  74,346

Doire Thoir

Tá ocht mbliana déag caite ag Gregory Campbell an DUP ina fheisire Parlaiminte do Dhoire Thoir, an ceantar a shíneann ó aerfort Dhoire soir chun na Banna, bailte Léim an Mhadaidh agus Cúil Raithin san áireamh. Is cosúil go dtig le Campbell talamh slán a dhéanamh de go mbeidh téarma eile aige. Bhí 48% den vóta aige in 2017 agus thógfadh sé titim thubaisteach ar thacaíocht an DUP chun é a chur dá chois. Tá dhá shuíochán Tionóil sa cheantar ag an DUP, ceann ag Sinn Féin, ceann ag an SDLP agus an ceann eile ag Claire Sugden, an tAontachtach neamhspleách a fhaigheann vótaí UUP den chuid is mó. Tá bearna mhór idir Campbell agus an t-iarrthóir ba ghaire dó an uair dheiridh, Dermot Nicholl ó Shinn Féin a fuair 26% den vóta.

Níl an Breatimeacht chomh lárnach sa bhfeachtas anseo is atá sna ceantair cois teorann agus i mBéal Feirste ach tá caint air. Tá caint freisin ar iompar an DUP in Westminster i leith an Bhreatimeachta agus ar a dtacaíocht do na Tóraithe a chuir déine i bhfeidhm. Tá daoine corraithe freisin faoi shláinte agus oideachas agus an folús in Stormont.

Na hIarrthóirí

*Gregory Campbell, DUP [* ag cosaint a shuíocháin]
Richard Holmes, UUP
Cara Hunter, SDLP
Chris McCaw, Alliance
Seán McNicholl, Aontú
Dermot Nicholl, Sinn Féin


Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas

Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas

Sinn Féin is láidre i gcónaí i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

An DUP chun cinn in Aontroim Theas ceal margadh teaicticiúil

Cuma na maitheasa ar Lockhart agus Brady

Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin

An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds

Géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP

Fág freagra ar 'Coimhlint chinniúnach dhrámatúil idir Sinn Féin agus an SDLP sa bhFeabhal'