Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas

Ag Sinn Féin a bhí na trí shuíocháin i gcontaetha Thír Eoghain agus Fhear Manach. Tá ceann de na toghcheantair sin, Fear Manach agus Tír Eoghain Theas, ina thoghcheantar imeallach…

Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas

Fear Manach /Tír Eoghain Theas

Sa toghcheantar seo in 2010 ní raibh de bhearna idir an té a bhain an suíochán agus an té a tháinig sa dara háit ach ceithre vóta. Tar éis athchomhairimh agus achomhairc ní raibh eatarthu ach vóta amháin. Ba í Michelle Gildernew, Sinn Féin, an buaiteoir agus fuair sí an ceann is fearr ar éigean ar an aontachtach neamhspleách, Rodney Connor. Ní hiontas go mbítear ag súil le coimhlint an-ghéar anseo.

Bhain Gildernew an suíochán den chéad uair in 2001 nuair a d’éirigh Ken Maginnis an UUP as. Móramh 53 vóta a bhí ag bean Shinn Féin ar an UUP an uair sin. Choinnigh sí an suíochán ó shin cé is moite de dhá bhliain idir 2015 agus 2017 nuair a bhí sé ag Tom Elliott, iarcheannaire an UUP, a raibh tacaíocht aige ón DUP freisin. Bíonn margadh idir aontachtaithe anseo go seasta ó 2005.

Bhí farasbarr 530 vóta ag Elliott ar Gildernew in 2015 ach fuair sí an ceann is fearr air arís in 2017 le 875 vóta.

Is idir an bheirt acu atá an choimhlint arís an babhta seo. Tá an DUP ag tacú le Elliott, shínigh Arlene Foster a pháipéir ainmniúcháin agus thionlaic sí Elliot agus a fhoireann go dtí oifig na dtoghchán chun clárú. Sheas gach dream aontachtach eile i leataobh freisin. Tá iarrthóirí ag an SDLP, Alliance agus ag an Lucht Oibre neamhspleách.

Is ag an toghcheantar seo atá an teorainn is faide ar fad agus é buailte le contae Dhún na nGall, contae Liatroma, contae an Chabháin agus contae Mhuineacháin. Ceantar mór talmhaíochta agus turasóireachta é inar vótáil móramh mór in aghaidh an Bhreatimeachta. Chaith 68% vóta sa reifreann agus 58.6% acu a bhí ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach. Bhí Elliott i bhfabhar an Bhreatimeachta aimsir an reifrinn ach b’fhearr lena pháirtí fanacht san AE ná glacadh le socrú Boris Johnson, a deir sé.

Deir Michelle Gildernew gurb é an Breatimeacht an t-aon cheist sa cheantar don toghchán seo agus go mbeidh tacaíocht aicise fiú ó fheirmeoirí aontachtacha atá ina choinne. A mhalairt de phort atá ag Tom Elliott a mhaíonn nach é an Breatimeacht an phríomhcheist mar go bhfuil daoine buartha faoin ngéarchéim sa chóras sláinte, an folús in Stormont agus díchoiriúlú an ghinmhillte.

Tá bunvóta thart ar 2,500 ag an SDLP sa cheantar. Bíonn Alliance faoi bhun aon mhíle ach súil acu le vótaí frith-Bhreatimeachta aontachtacha a bhailiú, más beagán féin iad. Tá beagán tacaíochta ag an neamhspleách/Lucht Oibre ó fuair sóisialach suíochán ar an gComhairle i bhFear Manach i mbliana.

Tá sé de bhua ag Gildernew gur bhain sí an suíochán níos minice ná Elliott le hocht mbliana déag anuas. Braithfidh cinniúint na beirte ar an tinreamh.

Na hiarrthóirí

Matthew Beaumont, Alliance
Tom Elliott, UUP
Adam Gannon, SDLP
*Michelle Gildernew, Sinn Féin [ag cosaint a suíocháin]
Caroline Wheeler, Neamhspleách

76,140 atá ar chlár na vótóirí

 

Fág freagra ar 'Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas'