An DUP chun cinn in Aontroim Theas ceal margadh teaicticiúil

Ní féidir leis an DUP talamh slán a dhéanamh dá suíochán in Aontroim Theas i dtoghchán na seachtaine seo chugainn, ach tá Jeffery Donaldson slán sábháilte i nGleann an Lagáin

An DUP chun cinn in Aontroim Theas ceal margadh teaicticiúil

Ag an DUP a bhí na ceithre shuíochán i gContae Aontroma ó 2017. I dtoghchán obann na bliana sin chuir siad Aontroim Theas lena stór: ní féidir leo talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad é i dtoghchán an seachtaine seo chugainn. Crith talún ó thaobh na polaitíochta de a bheadh ann dá gclisfeadh Jeffrey Donaldson.

Aontroim Theas

Síneann an toghcheantar ar bhruach thoir Loch nEathach, ó bhruachbhailte Bhéal Feirste ó thuaidh thar bhaile Aontroma i dtreo Dhroichead Thuama. Bhí an suíochán ag an UUP ar feadh na mblianta, ach é anonn is anall idir an UUP agus an DUP i gcaitheamh an chéid seo ar fad.

Bhain Willie McCrea an DUP an suíochán i bhfothoghchán in 2000. Chaill sé é san olltoghchán an bhliain dár gcionn nuair a bhain David Burnside é don UUP ach bhuaigh McCrea ar ais é in 2005 agus choinnigh é in olltoghchán 2010. In 2015 bhain Danny Kinahan an UUP é ach chaill sé é in 2017 nuair a mhéadaigh Paul Girvan sciar an DUP den vóta go mór agus móramh 3,200 vóta aige ar Danny Kinahan. Áirítear gur toghcheantar imeallach é toghlach ina bhfuil an bhearna thart ar 3,000 nó níos lú agus tá Danny Kinahan UUP ag maíomh go bhfuil seans maith aige an ceann is fearr a fháil ar Paul Girvan DUP.

Is é an DUP an páirtí is mó sa cheantar agus dhá shuíochán Tionóil acu. Tá ceann ag an UUP, ceann ag Sinn Féin agus ceann ag Alliance. Áiríodh go bhféadfadh comhghuaillíocht de na páirtithe in aghaidh an Bhreatimeachta Girvan a chloí, ach theip ar iarrachtaí chun a leithéid a aontú. Tá Kinahan ar son fanacht san Aontas Eorpach, a deir sé, ach is mian leis go gcuirfí toradh an reifrinn i bhfeidhm fad is nach ar na coinníollacha a d’aontaigh Boris Johnson é. Ní raibh Alliance toilteanach a bheith páirteach in aontas de lucht frith-Bhreatimeachta anseo ná in áit ar bith agus dá dheasca tá ceathrar san iomaíocht le Girvan, iarrthóirí ón UUP, Sinn Féin, an SDLP agus Alliance.

Mura mbíonn titim mhór ar vóta an DUP ba cheart go mbeadh Girvan slán, is é sin mura ndéanann roinnt mhaith de lucht tacaíochta na n-iomaitheoirí eile cinneadh vótáil go teaicticiúil d’iarrthóir amháin.

Na hIarrthóirí

John Blair, Alliance

*Paul Girvan, DUP [ag cosaint a shuíocháin]

Declan Kearney, Sinn Féin

Danny Kinahan, UUP

Róisín Lynch, SDLP

71,560 vótóir atá ar an gclár

Gleann an Lagáin

Ó dheas agus soir ó dheas ó Aontroim Theas, is é Lios na gCearrbhach príomhbhaile Ghleann an Lagáin agus síneann an toghcheantar ó dheas i gcontae an Dúin, go dtí Droim Bearach agus an Droim Mór. Seo é dúnáras polaitiúil Jeffrey Donaldson an DUP. Bhain sé an suíochán an chéad uair i 1997 mar fheisire de chuid UUP agus mhéadaigh sé a vóta nuair a d’aistrigh sé go dtí an DUP mar agóid in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus roinnt na cumhachta le Sinn Féin.

Thug seisear as gach deichniúr, geall leis, vóta do Donaldson san olltoghchán in 2017 (59.6%). Bhí sé 19,000 vóta chun tosaigh ar an iarrthóir ba ghaire dó. Is deacair toradh ar bith a shamhlú ach aoire an DUP in Westminster a bheith slán sábháilte, fiú má bhíonn an tinreamh íseal.

Tá seachtar san iomaíocht ach an chosúlacht ar an scéal gur ag faire ar an gcéad choimhlint eile atá a bhformhór.

Na hIarrthóirí

Robbie Butler, UUP

*Jeffrey Donaldson, DUP

Sorcha Eastwood, Alliance

Ally Haydock, SDLP

Gary Hynds, Caomhaigh Thuaisceart Éireann

Alan Love, UKIP

Gary McCleave, Sinn Féin

75,945 vótóir atá ar an gclár

Fág freagra ar 'An DUP chun cinn in Aontroim Theas ceal margadh teaicticiúil'