COGG agus BOOÉ ag súil le spreagadh agus cabhair a thabhairt do mhúinteoirí ag ócáid i Luimneach

Deir lucht a heagraithe go mbeidh Fóram Feasa Beo ina hócáid ‘spreagúil idirghníomhach’ do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge

COGG agus BOOÉ ag súil le spreagadh agus cabhair a thabhairt do mhúinteoirí ag ócáid i Luimneach

Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge (COGG) ag súil múinteoirí a spreagadh agus “ceiliúradh” a dhéanamh “ar an bhfoghlaim, comhoibriú agus nuálaíocht” sa teagasc trí Ghaeilge ag ócáid a bheidh ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo.

Beidh Fóram Feasa Beo, atá á eagrú ag COGG i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI), ar siúl i nGaelcholáiste Luimnigh i lár na cathrach an Satharn beag seo, an 20 Meán Fómhair.

Deir lucht a heagraithe go mbeidh an chomhdháil ina “hócáid spreagúil idirghníomhach” ina soláthrófar “tacaíocht agus seans le haghaidh líonrú luachmhar” do mhúinteoirí atá ag teagasc trí Ghaeilge ó cheann ceann na tíre.

Tá an ócáid á heagrú mar thoradh ar an tionscnamh ‘Fóram Feasa’ a cuireadh ar bun ar líne sa bhliain 2020. Tá múinteoirí ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus aonaid Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla ag teacht le chéile ar líne le cúig bliana anuas ag cruinnithe de chuid Fhóram Feasa le “dea-chleachtas a roinnt agus iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí curaclaim i spás comhoibríoch agus tacúil”.

Tá súil ag COGG agus ETBI go dtiocfaidh múinteoirí sin “ó gach cearn den tír” le páirt a ghlacadh sa mhórócáid an deireadh seachtaine seo. Beidh ceardlanna ann le “saineolaithe a bhfuil seantaithí” acu in ábhair éagsúla, beidh deis ag na múinteoirí acmhainní nua don teagasc trí Ghaeilge a thriail agus a fháil saor in aisce, agus deis acu aithne a chur ar mhúinteoirí eile a bhíonn ag teagasc na n-ábhar céanna trí Ghaeilge.

Cuirfear tús leis an ócáid ag 11:00am le pléphainéal faoi ‘Croí Inniúlachtaí san Oideachas lán-Ghaeilge’ faoi chathaoirleacht an Dr TJ Ó Ceallaigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí 15:30 agus beidh lón ar fáil saor in aisce do na rannpháirtithe.

Beidh eolas á roinnt ag an ócáid faoi riachtanais bhreise oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, faoin bhFoghlaim Chomhtháite Ábar agus Teanga (CLIL), agus faoi na hacmhainní clóite agus digiteacha atá ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí.

Seolfar clár seachtainiúil ‘Fóram Feasa’ don scoilbhliain nua ag an ócáid freisin, clár a thosóidh ar líne gach tráthnóna Déardaoin ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh.

Dúirt urlabhraí de chuid eagraithe na hócáide go raibh COGG agus ETBI “tiomanta do thodhchaí gheal don oideachas lán-Ghaeilge, ag cur acmhainní, smaointe agus inspioráid ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile T1 ar fud na tíre”.

Fág freagra ar 'COGG agus BOOÉ ag súil le spreagadh agus cabhair a thabhairt do mhúinteoirí ag ócáid i Luimneach'