Cody, an máistir, i gcoinne Shefflin, an printíseach

Cill Chainnigh agus an Ghaillimh an cluiche mór i gCúige Laighean an deireadh seachtaine seo agus anois nó riamh is ea é do Chorcaigh i gCúige Mumhan

Cody, an máistir, i gcoinne Shefflin, an printíseach

Deireadh seachtaine iomána eile thart agus ceann eile buailte linn. Agus dhá bhabhta craoibhe imeartha, is léir go bhfuil seaimpíní 2020 agus 2021, Luimneach, ar ais ar a seanléim agus iad thar a bheith eagraithe agus fisiciúil go dtí seo, ainneoin feachtas lag sraithe a bheith acu. Agus iad gan Séamus Flanagan, Kyle Hayes, Peter Casey – triúr d’imir ó thús i gcluiche ceannais na hÉireann  in 2021 – agus stiúrthóir na foirne, Cian Lynch, a d’imigh den pháirc agus é gortaithe i ndiaidh deich nóiméad i gcoinne Port Láirge, bhíodar fós thar a bheith cumasach agus láidir.

Níl aon dabht  ach gurb iad rogha láidir na coitiantachta i gcónaí iad do chraobh 2022. Mar sin féin, caithfidh sé go raibh lucht bainistíochta na nDéise sásta go leor le cuid den taispeántas óna bhfoireann. Bhí cuid mhaith a bhí dearfach ina gcuid imeartha ag amannta áirithe sa chluiche sin Dé Sathairn seo caite.

Tá babhta iomlán craoibhe ar siúl i gCúige Laighean amárach agus fiúntas agus tábhacht ag baint leis na torthaí go léir. aAus ceithre phointe acu, rachaidh Cill Chainnigh chuig Staid an Phiarsaighchun dúshlán na foirne baile a thabhairt, dream a bhfuil trí phointe acu. I ndiaidh an chomhscóir agus an taispéantais mheasartha a bhí acu i gcoinne Loch Garman, bhí an Ghaillimh i bhfad níos fearr i gcoinne na hIarmhí.

Chuir siad trí chúl is 36 cúilín ar chlár na scór agus iad gan Conor Whelan. Bhí Cill Chainnigh go mór in uachtar ina gcluiche-sean freisin agus dhá chúl is 34 cúilín a scóráil siad i gcoinne Laoise, Chuir siad seacht n-iarracht déag ar fóraoil agus bhí cúpla seans eile ar chúil acu chomh maith. 

Seo cluiche amárach a bheidh thar a bheith tábhachtach don dá chontae. Cody (an máistir) i gcoinne Shefflin (an printíseach) a bheidh mar sórt seó tánaisteach againn sa choimhlint seo, idir an dá chontae is láidre sa chúige, d’fhéadfaí a rá. Is deacair a rá cé a bhuafaidh anseo. 

D’éirigh go maith le Cill Chainnigh sa tsraith agus déarfainn go bhfuil Brian Cody sásta go leor le cúrsaí go dtí seo. Ní dóigh liom gur féidir an rud céanna a rá faoin nGaillimh. Tá bainisteoir ann ar a chéad bhliain. Tá siad gan Joe Canning agus anois tá Conor Whelan ag streachailt le gortú, ach tá meascán maith den taithí agus denóige acu ó thaobh a gcuid imreoirí de. Beimid níos eolgaisí faoin dá chontae i ndiaidh an chluiche seo .

Tá gach pointe tábhachtach agus caithfidh Loch Garman a gcluiche a bhuachaint agus a oiread scóranna agus is féidir a chur ar clár na scór i gcoinne Laoise.Is féidir an rud céanna a rá faoi Áth Cliath i gcoinne contae na hIarmhí agus Cill Chainnigh agus an Ghaillimh fós le n-imirt acu. Seans go mbraithfidh cáiliú ar an difríocht sna scóranna, rud a chiallaíonn go bhfuil tábhacht le gach scór a ghéilltear agus a fhaightear.

Anseo sa Mhumhain, níl ach cluiche amháin ar siúl agus Corcaigh sa bhaile (i nDurlas Éile!) i gcoinne an Chláir, a bheidh lán de mhuinín i ndiaidh an taispéantais mhaith a thugadar, go háirithe sa chéad leath, i gcoinne Thiobraid Árann seachtain ó shin. Chuir Shane O Donnell agus Peter Duggan (beirt nach raibh ann anuraidh) go mór leis an bhfoireann agus gan ach poc den sliotar eatarthu anuraidh; gach seans go mbeidh coimhlint ghéar, theann anseo arís i mbliana.

Tá cuid mhaith cáineadh déanta cois Laoi ar chúlaithe Chorcaí agus iad ró-oscailte is róscaoilte ar fad. Tá mórán cáineadh déanta freisin ar an stíl imeartha agus na himreoirí ag iarraidh a bheith róthomhaiste agus róchúramach ar fad le dáileadh na liathróide.

Tá athruithe ag teastáil (mar a scríobh me coicíos ó shin), ar an bpáirc imeartha agus taobh amuigh di, nó gach seans go mbeidh deireadh leis an turas agus leis an séasúr tráthnóna amárach. Tá Corcaigh mar rogha ag na gheallghlacadóirí. Ní thuigim é sin. Níl mórán ‘form’ ag Corcaigh a thugann aon bhuntáiste dóibh.

Cluiche craoibhe ceart arís. Braithfidh na haon rud ar conas mar a bheidh ar an lá.

Fág freagra ar 'Cody, an máistir, i gcoinne Shefflin, an printíseach'