Cnuasach gearrscéalta le foilsiú ag an iartheachta dála Pádraig Mac Cormaic

Cur síos ar eachtraí ó shaol atá imithe atá i ‘A Long Way to Cavan’, an dara leabhar ó pheann Mhic Cormaic

15/6/2010. Fine Gael Crisis. Fine Gael's Padraic McCormack, arriving at the Dail for the meeting to discuss Enda Kennys Leadership. Photo Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

“Ba dheacair a theacht ar airgead agus muid ag fás aníos sna caogaidí,” a deir Pádraic Mac Cormaic i gceann de na scéalta atá ina leabhar nua ‘A Long Way to Cavan’.

“Níor chuimhnigh muid ar thoitíní ná ar alcól agus, ar aon nós, ní bheadh muid in achmhainn iad a cheannacht.  ‘Drugs were unheard of’”, a deir sé.

Ocht gcinn fhichead de scéalta atá sa leabhar atá le foillsiú an mhí seo chugainn. Seo í an dara leabhar ó pheann Phádraic ó d’fhág sé slán leis an bpolaitíocht i 2011.  Scéal a shaoil féin sa bpolaitíocht a bhí sa gcéad leabhar The Rocky Road to the Dáil. Bhí 22 bliain caite aige mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar agus scaitheamh de na blianta sin ina chathaoirleach ar Pháirtí Pairliminte Fhine Gael. Go deimhin, bhí Pádraic sa saol poiblí gan stopadh ar bith ó 1974.

Níl aon pholaitíocht sa leabhar is deireanaí seo. Go deimhin, ní gearrscéalta ar an mbealach a dtuigtear gearrscéalta go hiondúil iad na píosaí scríbhneoireachta seo; is cuntais iad ar eachtraí anonn agus anall agus iad inste ar bhealach taithneamhach ag an iar-theachta dála.

Mac feilméara é Pádraic Mac Cormaic a rugadh agus a tógadh faoin tuath i gcontae Longfoirt, agus sin é an saol, den chuid is mó, atá fite fuaite sna scéalta seo.

Tugann clúdaigh an leabhair léargas ar an ábhar taobh istigh agus ar an tráth den tsaol lena mbaineann sé. Fothrach tí a tógadh le clocha atá ar a chúl agus pictiúr de charr den déanamh Morris Minor atá ar an gclúdach tosaigh. Go deimhin, tosaíonn an leabhar leis an Morris Minor agus turas chuig Fleadh Cheoil sa gCábhán – Pádraig ina fhear óg agus feilméara béal dorais a raibh carr aige agus ar theastaigh comhluadar uaidh ar an aistear don Chábhán.

Is iomaí aistear mar sin a rinneadh faoin tuath agus tá slacht curtha ag Pádraic ar an scéal idir na heachtraí ar an mbealach ansin, an Fhleadh féin agus an bóthar abhaile. Ní raibh sé sa bplean ag an gcomharsa béal dorais go gcaithfeadh sé an oíche as baile, go háirithe agus é ráite aige le bean an tí nach mbeadh sé mall ar bóthar.

Ach ní hionann a dhul chun an bhaile mhóir agus é a fhágáil. B’éigean Pádraic a chur ar an stiúir ar an mbealach ar ais.  Ruainne beag den chomhrá lena chomharsa i suíochán an phaisinéara anois – idir a bheith ina chodhladh agus ina dhúiseacht:

“Cá bhfuil muid anois, a Josie”  (Le Pádraic a bhí sé ag caint ach bhí an inchinn agus an teanga ag dul in aimhréidh air).

Pádraic -“Tá muid ag teacht isteach go Béal Átha Liag”.

“Cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Josie” .

Pádraic – “Feicim an Powerhouse”.

“Tá an ceart agat mar sin a Josie. Sin é Béal Átha Liag”.

Agus leis sin, thit néal tromchodladh ar an bhfear bocht aríst.

Insíonn Pádraic dúinn i scéal eile gur cuireadh scéin ann i dturas síos míle go leith faoi thalamh i seanmhianach in Arizona. Ní raibh aon fhear beo chomh sásta go bhfaca sé solas lae arís, a deir sé.

In Inis Oirr in Árainn, ba é a mhalairt de scéal é; déanann sé cur síos ar an taithneamh a bhain sé as a bheith ag breathnú ar gharraí brea glasraí, fataí agus torthaí agus an claí cloiche brea néata a bhí thimpeall air.

Ach den chuid is mó, is faoin tuath i gcontae Longfoirt sna 1960aidí agus 70óidí atá fréamhacha an leabhair seo – saol atá imithe anois.

Tá beirt anois againn a bhí ina dTeachtaí Dála i nGaillimh Thiar in imeacht na mblianta a raibh raibh cúlra feilme acu agus a scríobh leabhra – Micheál D. Ó hUiginn as Co. an Chláir agus Pádraic Mac Cormaic as Contae Longfoirt.

Ní hionann an cineál scríbhneoireachta atá déanta ag an mbeirt ach ní shin le rá nach bhfuil a thréithe féin ag chaon duine acu mar scéalaí.

– Foillseofar leabhar nua Phádraic Mhic Cormaic i siopa leabhar Charlie Byrne i nGaillimh ar an 3 Meán Fómhair ag 6.30 pm. 

 

Fág freagra ar 'Cnuasach gearrscéalta le foilsiú ag an iartheachta dála Pádraig Mac Cormaic'