Cnuasach Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO

I measc an ábhair eile atá ar chlár UNESCO tá an Magna Carta, Dialann Anne Frank, Taipéis Bayeux agus Leabhar Cheanannais

Cnuasach Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO

Fógrófar inniu go bhfuil Cnuasach Choimisiún Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO.

Tá an cnuasach béaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”

Fágann an fógra seo go bhfuil Cnuasach Bhéaloideas Éireann, atá sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i measc an 427 cnuasach ós na ceithre hairde a bhfuil bheith istigh tugtha dóibh ar chlár UNESCO.

I measc an ábhair eile atá ar chlár UNESCO tá an Magna Carta, Dialann Anne Frank, Taipéis Bayeux agus Leabhar Cheanannais. Is é Leabhar Cheanannais an t-aon ábhar eile as Éirinn atá ar an gclár.

Bhí athrú mór ag teacht go tapa ar an saol in Éirinn faoin mbliain 1928.  Mar a dúirt TK Whitaker “bhí sean-nósanna, amhail cruinniú ar an teallach ag scéalaíocht, á dtréigean. Bhí cultúr ar leith i mbaol, gan cuntas, bheadh sé imithe go brách.”

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go ndearbhaíonn an gradam “tábhacht an chnuasaigh, ní hamháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta”.

“Tá an chartlann seo, a thiomsaigh Coimisiún Bhéaloideas Éireann le cúram agus le díograis, ar cheann de na cnuasaigh dá shórt is mó ar domhan. Áirítear os cionn 4,000 lámhscríbhinn, suas le 90,000 míle grianghraf agus os cionn 10,000 uaireanta an chloig de thaifid fuaime ann.

“Cuireadh an obair seo i gcrích fad is a bhí athruithe móra teanga, sóisialta agus cultúrtha ag tarlú in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil cuntas luachmhar, leithleach de shlí bheatha agus caitheamh aimsire dúchasach na ndaoine caomhnaithe dúinn.

“Le blianta beaga anuas tá míreanna suntasacha den chnuasach digitithe agus foilsithe ar an suíomh gréasáin www.duchas.ie, agus táim ag súil go leanfar leis an obair amach seo,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Bunaíodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann i 1935 chun béaloideas agus oidhreacht chultúir na hÉireann, a bhí faoin tráth sin i mbaol agus ag dul i léig, a bhailiú agus a chaomhnú. I 1971 aistríodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ar feadh na mblianta tugadh faoi na mílte taifeadtaí fuaime de chaint i nGaeilge, chomh maith le hamhráin agus ceol a thógáil. Bailíodh grianghraif, sceitsí agus léaráidí freisin.

Bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain i 1992 chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.

Fág freagra ar 'Cnuasach Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO'