Cluichí Domhanda CLG faoi lán tseoil

Dá mairfidís, ní fhéadfadh céadbhunaitheoirí agus ceannródaithe CLG gan a bheith tógtha leis an gclaochló agus leis an bhfairsingiú a tháinig ar fhís na bliana 1884

paraic-duffy-3-630x420

Bhí Ard-Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy agus Iar-Uachtarán na heagraíochta, Liam Ó Néill, faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais ar Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil le déanaí.

Is éard a thug ann iad ná cás a dhéanamh do ról Chumann Lúithchleas Gael agus an teangbháil a bhíonn ag CLG leis an bpobal Gaelach atá buailte fúthu thar lear.

I gcaitheamh an tseisiúin, thagair Duffy do Chluichí Domhanda CLG, comórtas nuabhunaithe d’ocht gcinn fhichead de fho-chumainn ar fuaid an domhain atá le tosnú in Abu Dhabi inniu. Tá an comórtas á riaradh ag Bord Contae an Mheán-Oirthir agus é mar aidhm aige scéala, íomhá agus ‘branda CLG’, mar a thugtar coitianta anois air, a scaipeadh ar fuaid an domhain. Tá an feachtas tráthúil agus cuí toisc oiread daoine óga bheith dulta ar imirce le blianta beaga anuas.

I measc na bhfoirne a bheidh rannpháirteach ins na cluichí amárach agus amanathar, beidh foirne ón Airgintín, ón Áis, ón Astráil, ó Cheanada, Nua Eabhrac, ós na Stáit Aontaithe, ón Eoraip, ón Aifric Theas agus, gan dabht, ón Meán-Oirthear féin. Ní bheidh aon fhoirne ón bhfód dúchais in Éirinn san iomaíocht toisc go mbeidís, dar leis na húdaráis, róláidir dos na foirne idirnáisiúnta.

Thógas ana-cheann don méid a bhí le rá ag Páraic Duffy i dtaobh an fhóraim gnó atá le reáchtáil comhthreomhar leis na cluichí féin toisc gur anseo, i ndáiríre, a bhí príomhtheachtaireacht na cainte uaidh féin agus ó Liam Ó Néill ag an gComhchoiste.

Dúirt Duffy go dtugann CLG thar lear “deis do dhaoine cluichí Gaelacha a imirt ach, b’fhéidir níos tábhachtaí, go dtugann sé deis do dhaoine bualadh lena chéile, caidrimh a chruthú, gréasán a bhunú ar bhonn proifisiúnta agus fostaíocht d’fháil dóibh féin.”

Tá leithéidí Tourism Ireland, Connect Ireland agus Enterprise Ireland páirteach inniu sa bhfóram gnó seo agus an cúram ar fad urraithe ag Etihad, ceann de pháirtithe urraíochta chraobh iomána CLG (in éineacht le Centra agus Liberty Insurance) ag baile.

Ina chuid cainte féin, dúirt Liam Ó Néill leis an gComhchoiste go raibh ról ar leith ag CLG anois ag nascadh na gcluichí agus pobal CLG le cúrsaí gnó – go háirithe san Áis. “Céim mhór chun cinn í seo” a dúirt an tIar-Uachtarán. Tá cásanna tagtha faoina bhráid, a dúirt sé, go bhfuil daoine anois ag rá “táimid anseo, tá baint le cúrsaí gnó againn, canathaobh ná déanfaimis gnó eadrainn féin, go gcruthóimis deiseanna gnó d’Éirinn agus canathaobh ná déanfaimis breis gnó lena chéile?”

Thagair Ó Néill don gcomhfhiontar idir CLG agus Connect Ireland. Tá CLG ag dul i bhfeidhm ar mhórán daoine, a dúirt Ó Néill, atá ag obair lasmuigh de mhór-roinn na hEorpa ach iad ag cuimhneamh ar a ngnó a athlonnú san Eoraip. Tá Connect Ireland agus CLG ag iarraidh na daoine seo anois a mhealladh go hÉirinn.

“Ní haon rún é,”a dúirt Ó Néill leis an gComhchoiste, “go bhfuil breis is míle post meallta go hÉirinn cheana féin ag an gcur chuige seo.”

Dúirt Ó Néill chomh maith go bhfuil CLG thar lear athraithe ó bhonn – gur bhain an sean-CLG le Londain, Birmingham, Nua Eabhrac, Boston agus Chicago ach go bhfuil préamhacha ar fuaid Mheiriceá go léir anois ag an eagraíocht.

Is léir ón méid a bhí le rá go bhfuil ag éirí go diail ar fad le forleathnú agus le forbairt na gcluichí Gaelacha thar lear. Dá mairfidís, ní fhéadfadh céadbhunaitheoirí agus ceannródaithe CLG gan a bheith tógtha leis an gclaochló agus leis an bhfairsingiú a tháinig ar fhís na bliana 1884.

Ní le cúngaigeantacht ná go deimhin, le maothchráifeacht a deirim, áfach, go mbeadh cuid eile a thug a saol ag obair go deonach don eagraíocht ag iompú béal fúthu sna reiligí leis an gcor is déanaí i scéala CLG.

Cuirim féin fáilte roimh aon ní, aon ghníomh nó aon ghléas a chraobhscaoilfidh soiscéal na caide is na hiomána ar ardán idirnáisiúnta. Ach bímis cúramach, aireach agus, go deimhin, amhrasach, i dtaobh na nithe atá ar bun ar chúl an stáitse.

Ón méid a bhí le rá aige ag Comhdháil CLG an deireadh seachtaine seo caite, tá a fhios againn go léir gur ghráin le Páraic Duffy go mbeifí de shíor ag lua CLG le cúrsaí corparáideacha ach nuair a úsáidtear téarmaíocht áirithe, nuair a luítear le madraí áirithe agus nuair a ghéilltear ar phrionsabail áirithe – caitear bheith ag súil go mbeidh daoine áirithe ag rá nár chríonna an obair do CLG a leithéid de ghéilleadh.

Is ins an limistéar seo a troidtear cuid mhaith des na cathanna atá á dtroid ag CLG i láthair na huaire agus an chosúlacht ar an scéal ná feadair aon bhuíon catha cá bhfuil triall na heagraíochta sa lá atá inniu ann.

Maidir le cluichí agus comórtas na seachtaine seo, tá Bord CLG an Mheán-Oirthir ag iarraidh an chuid is fearr dá limistéir féin a chur chun cinn sna laethanta amach romhainn ionas go mbeadh CLG chomh tógtha leis an rud go gcuirfí a leithéid ar bun geachaire bliain as seo amach ag lárionaid éagsúla ar fuaid an domhain.

Tá 83 fo-chumann sa Bhreatain, 9 gcinn i Nua Eabhrac, 97 lasmuigh de sin ins na Stáit Aontaithe, 20 i gCeanada, 63 san Astráil-Áis, 22 in aon cheann déag de thíortha eile san Áis, 11 sa Mheán-Oirthear agus 73 ar mhór-roinn na hEorpa. Tá 398 fo-chumann in iomláine in aon tír is daichead thar lear.

Níl aon easpa lárionaid orthu agus is ina thosach atá siad. N’fheadar aoinne cén treo a raghaidh Cluichí Domhanda CLG ach guím gach rath orthu idir seo agus an Domhnach.

Fág freagra ar 'Cluichí Domhanda CLG faoi lán tseoil'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    398 fo-chumann thar lear ag an GAA – agus an bhfuil focal amháin Gaeilge eadarthu? Is ar éigean go bhfeictear ainmneacha na contaetha ar chúl na geansaithe anois sa tír seo (tá siad i bhfolach thuas i mbónaí na geansaithe) tá an oiread sin ‘spás’ tugtha d’fhógraíocht na gcomhlachtaí/gcuideachtaí corpráideacha. Maith iad an GAA.