Cluichí cinniúnacha thuaidh agus theas agus deireadh seachtaine mór i ndán d’fhoirne na Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí móra craoibhe a imreofar i nDún na nGall, i gCiarraí agus i nGaillimh an deireadh seachtaine

Cluichí cinniúnacha thuaidh agus theas agus deireadh seachtaine mór i ndán d’fhoirne na Gaeltachta

Seán Ó Baoill ag imirt do Ghaoth Dobhair i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá deireadh seachtaine ollmhór peile romhainn sa Ghaeltacht agus cluichí móra craoibhe ar siúl i nDún na nGall, i gCiarraí agus i nGaillimh inniu agus amárach.

Is inniu a chuirfear tús le Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall ach seans gurb é cluiche an lae amáraigh an ceann is mó sa chéad bhabhta i dTír Chonaill agus Gaoth Dobhair agus Naomh Adhamhnáin ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Tá trí cinn de na foirne is láidre sa chraobh, Gaoth Dobhair, Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill, uilig le chéile i nGrúpa B na craoibhe, agus an Clochán Liath ina dteannta. Is maith is eol dóibh uilig go gcaithfidh siad tús maith a chur leis babhta na ngrúpaí más leo teacht slán as.

Bhain Gaoth Dobhair na babhtaí leathcheannais amach an bhliain seo caite. Ó tharla níos mó taithí a bheith anois ag a gcuid imreoirí óga, bheadh súil acu dul céim amháin níos faide i mbliana ar a laghad. Ba mhaith an comhartha gur thug siad Roinn 1 na sraithe leo cúpla seachtain ó shin.

Amárach freisin a chuirfidh seaimpíní na bliana seo caite, Cill Charthaigh, tús lena bhfeachtas ach ní beidh teacht acu ar bheirt de na himreoirí is fearr atá acu. Tá Patrick McBrearty fós ag teacht chuige féin tar éis gortú glúine a bhain dó i rith an tsamhraidh agus ní bheidh Ryan McHugh in ann dul chun páirce ach oiread agus iad in aghaidh na gCealla Beaga Dé Domhnaigh.

An deireadh seachtaine seo a chuirfear tús leis an gCraobh Idirmheánach i dTír Chonaill chomh maith. Imreoidh Naomh Muire in aghaidh Aodh Ruadh i nGrúpa B tráthnóna agus foireann na Rosann ag iarraidh áit a bhaint amach sa bpríomhghrád arís tar éis dóibh ísliú céime a fháil anuraidh.

Beidh athimirt againn amárach ar chluiche ceannais Chomórtas Sóisir Peile na Gaeltachta 2018 sa ghrúpa céanna agus na comharsana, Gaeil Fhánada agus Na Dúnaibh ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Imreoir na Gaeltachta, Óigí Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh cúpla cluiche tábhachtach i gCiarraí an deireadh seachtaine seo chomh maith.

Más faoin nGaeltacht aon ghaisce a dhéanamh i gCraobh Shinsir Chiarraí i mbliana, beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Dhúiche Neidín tráthnóna i nGallarus. Buadh go bog ar fhir na Gaeltachta i gcoinne Chiarraí Láir sa chéad bhabhta, rud a fhágann go gcaithfidh siad cluiche an lae inniu a bhuachan.

Tá foireann an Neidín ar cheann de na foirne dúiche is laige i gCiarraí agus gan teacht acu i mbliana ach ar imreoirí ón Teampall Nua, Cill Gharbháin agus Tuath Ó Siosta. Fágann sé sin gurb iad na himreoirí céanna den chuid is mó a bheidh roimh fhoireann na Gaeltachta agus a bhí rompu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Teampall Nua le haon phointe amháin i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí anuraidh. Beidh cuid de spiorad sin a léirigh siad anuraidh ag teastáil ó fhir na Gaeltachta inniu.

Beidh Daingean Uí Chúis ag dul chun páirce amárach i mBabhta na mBuaiteoirí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Fhánaithe na Sionainne cúpla seachtain ó shin. Is i gcoinne Ciarraí Thoir a bheidh fir an Daingin agus an cluiche á imirt i Staid an Ghearaltaigh.

Fiachra Ó Sé (An Cheathrú Rua) ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an chraobh peile faoi lán seoil i nGaillimh le tamaillín agus na foirne Gaeltachta uile ag imirt an deireadh seachtaine seo. Tá toradh na ngrúpaí uile sa Chraobh Shinsir fós idir dhá cheann na meá agus cúpla cluiche fós le himirt ag formhór na bhfoirne, ach tá cuid de chumainn Chonamara faoi bhrú cheana féin.

Ba mhór an misneach a thabharfadh sé do pheileadóirí na Ceathrún Rua dá mbeidís in ann an bua a fháil tráthnóna ar bhuachaillí na cathrach, Naomh Séamus. Buaileadh an Cheathrú Rua go dona in aghaidh Chora Finne coicís ó shin ach, bhuaigh siad cluiche níos luaithe sa chraobh agus tá deis fós acu áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá deis níos fearr fós ag Maigh Cuilinn, atá sa chéad áit i nGrúpa 4 agus an dá chluiche atá imeartha go dtí seo acu buaite acu. Beidh cluiche crua i ndán dóibh anocht, áfach, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile an Mhuilinn, foireann eile nach bhfuil cluiche ar bith caillte acu go dtí seo.

Teastaíonn bua go géar ó Bhearna agus ó Naomh Anna, Leitir Móir amárach. Tabharfaidh Bearna aghaidh ar Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i Staid an Phiarsaigh agus fir Bhearna ag iarraidh a gcéad chluiche a bhuachan i gcraobh na bliana seo.

An sprioc chéanna atá ag Naomh Anna tar éis dóibh deis iontach a chailleadh coicís ó shin nuair nár éirigh leo ach cluiche comhscóir a fháil i gcoinne Chill Fhir Iarainn. Is in aghaidh Chathair Loistreáin a bheidh foireann Leitir Móir amárach agus fios maith acu go mbeidh siad i mbaol ísliú céime a fháil má chailleann siad.

Imreofar cluichí sa Chraobh Idirmheánach i nGaillimh an deireadh seachtaine chomh maith. Tá dhá chluiche as péire buaite ag Oileáin Árann agus áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin. D’fhéadfadh an Spidéal an rud céanna a dhéanamh má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Naomh Breandán tráthnóna.

Tá foireann eile Chois Fharraige, Micheál Breathnach, sa ngrúpa céanna agus d’fhéadfaidís dul tríd chomh maith má éiríonn leo Uachtar Ard a chloí i Staid an Phiarsaigh. Imreoidh Carna-Caiseal i gcoinne Naomh Gabriel amárach ach ní féidir leosan dul níos faide.

Fág freagra ar 'Cluichí cinniúnacha thuaidh agus theas agus deireadh seachtaine mór i ndán d’fhoirne na Gaeltachta'