Cluichí ceathrú ceannais roimh fhoirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobhacha Sinsir Peile Dhún na nGall agus na Mí an deireadh seachtaine seo agus tá cluichí tábhachtacha ag foirne Mhúscraí freisin

Cluichí ceathrú ceannais roimh fhoirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí

Dún na nGall

Tá cluichí tábhachtacha i gcraobhacha sinsir agus idirmheánacha peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus na babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais á reáchtáil.

Sa Chraobh Shinsir, is iad Cill Charthaigh, Gaoth Dobhair, Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill roghanna láidre na coitiantachta chun a gcluichí ceathrú ceannais a bhuachan. Imreoidh Cill Charthaigh sa chéad chluiche an deireadh seachtaine seo agus iad ag casadh ar a gcomharsana, Na Cealla Beaga, i mbaile Dhún na nGall. Bhuaigh fir Bhaile an Droichid na ceithre chluiche a bhí acu i mbabhta an ghrúpa agus cuma láidir arís orthu i mbliana.

Foireann eile a bhuaigh gach cluiche go dtí seo ná Aodh Ruadh ó Bhéal Átha Seanaidh ach, mar sin féin, meastar go mbeidh Gaoth Dobhair róláidir dóibh. Níor chaill fir na Gaeltachta ach cluiche amháin go dtí seo, an ceann in aghaidh Naomh Conaill sa bhabhta deireanach, cluiche a bhí gan tábhacht, nach mór, agus tá Niall Ó Frighil agus Odhrán Mac Niallais ag filleadh ó ghortuithe, rud a chabhróidh go mór leo.

Tabharfaidh curaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnán, aghaidh ar Naomh Micheál sna Gleannta tráthnóna. Chríochnaigh fir Leitir Ceanainn ar bharr an ghrúpa agus tabharfaidh sé spreagadh breise dóibh gur sháraigh siad Naomh Micheál i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Amárach a imreofar an cluiche ceathrú ceannais deireanach sa Chraobh Shinsir agus Naomh Conaill agus Gleann tSúilí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Thit Gleann tSúilí ó Roinn 1 na sraithe níos luaithe i mbliana, ach  is mór an feabhas orthu don chraobh Michael Murphy a bheith anois ar imeall na cearnóige acu. Chríochnaigh siad ar comhscór le Naomh Conaill sa chéad bhabhta ach beidh obair mhór ag teastáil chun fir na nGleanntach a shárú amárach.

Imreofar na babhtaí leathcheannais sa Chraobh Idirmheánach chomh maith an deireadh seachtaine seo. Anocht a bheidh an cluiche idir An Clochán Liath agus An Tearmann. Chaill an Clochán Liath i gcluiche ceannais na bliana seo caite in aghaidh Chloich Cheann Fhaola ach tá dea-chuma orthu i mbliana agus iad dóchasach go mbainfidh an cluiche ceannais amach arís.

Amárach, casfaidh Naomh Columba agus Gaeil Fhánada ar a chéile sa chluiche eile. Tá Naomh Columba ar cheann de na foirne is fearr sa chomórtas le roinnt blianta anuas ach tá teipthe orthu cluiche ceannais a bhaint amach ó 2011 agus iad sáraithe sna babhtaí leathcheannais in 2021, 2020 agus 2018. Bhí Aaron Doherty, a d’aimsigh 1-7, agus Christopher Byrne, a fuair 2-2, ar fheabhas sa chluiche a bhuaigh siad ar Bhun Cranncha an deireadh seachtaine seo caite ach tá aithne mhaith acu ar Ghaeil Fhánada agus roinnt cluichí imeartha eatarthu le cúpla bliain anuas. Buille a bheadh ann d’fhir Fhánada mura mbeidh Bernard McGettigan agus Seán Kerr, beirt a gortaíodh in aghaidh na nDúnaibh, in ann imirt ach ní bheidh siad gan seans sa cheann seo.

Dé Sathairn, 17 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Na Cealla Beaga v Cill Charthaigh – Páirc Thír Chonaill, 12in

Aodh Ruadh v Gaoth Dobhair – Na Cealla Beaga, 3.30in

Naomh Adhamhnáin v Naomh Micheál – Na Gleannta, 5.30in

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

An Clochán Liath v An Tearmann – Ard an Rátha, 8in

Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Naomh Conaill v Gleann tSúilí – Páirc Uí Dhomhnaill, 2.30in (Beo ar TG4)

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Naomh Columba v Gaeil Fhánada – Páirc Mhic Cumhaill, 6in

Ciarraí

Imreofar an dara babhta de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo. Ní ligfear tada éasca le Ciarraí Thiar tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní 2021, Aibhistín de Staic, a bhuaigh ar Na Gaeil sa chéad bhabhta. Gortaíodh captaen Chiarraí Joe O’Connor agus leathchúlaí na foirne Jack O’Shea sa chluiche buacach sin, áfach, agus cé gur chaill Ciarraí Thiar in aghaidh Chiarraí Láir an deireadh seachtaine seo caite, bhí cuma mhaith orthu sa chéad leath.

Bhí bua cuimsitheach ag Daingean Uí Chúis ar An Spá Dé Domhnaigh seo caite, toradh a thabharfaidh spreagadh dóibh agus cluiche tábhachtach eile le teacht amárach. Agus Ciarraí Thoir chomh láidir sin, seans gur san iomaíocht don dara háit i nGrúpa 2 atá fir an Daingin agus cumann Uí Chéirín-Uí Rathaille agus cluiche cinniúnach eatarthu an deireadh seachtaine seo. Bhuaigh Ciarraí Thoir go héasca ar fhir Thrá Lí seachtain ó shin ach tá áit bainte amach acu i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna cheana féin i mbliana agus beidh ar an Daingean a bheith i mbarr a maitheasa chun iad a chloí.

Ar an Domhnach freisin atá an cluiche idir Ciarraí Theas agus Fánaithe na Féile. Rinne Ciarraí Theas go maith agus an comhscór a bhaint amach in aghaidh an Teampaill Nua an deireadh seachtaine seo caite. Bhíodar sé phointe chun deiridh ag tráth amháin ach má éiríonn leo an cumas a léirigh siad sa chuid dheireanach den chluiche sin a léiriú ón tús amárach, tá seans maith acu.

Dé Sathairn, 17 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Aibhistín de Staic v Ciarraí Thiar – Páirc Uí Chonghaile, 6pm

Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Fánaithe na Féile v Ciarraí Theas – Lios Tuathail, 2.30in

Ó Céirín-Ó Rathaille v Daingean Uí Chúis – Sráid na Trá, 3.30in

Corcaigh

Agus iad fós ar mhuin na muice ó bhuaigh siad Comórtas Peile na Gaeltachta i mí an Mheithimh, tá na babhtaí díbeartha de Chraobh Shinsir Peile A Chorcaí bainte amach ag Béal Átha an Ghaorthaidh ach beidh siad ag iarraidh dul níos faide ná cluiche ceathrú ceannais. Níor chaill fir Mhúscraí cluiche go dtí seo sa chraobh, péire buaite acu agus ceann eile a chríochnaigh ar comhscór, agus beidh siad ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar Chnoc na Graí tráthnóna, dream a chaill péire de na trí chluiche a bhí acu i nGrúpa C.

Sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach, bhí Micheál Ó Deasúna ar fheabhas do Chill na Martra sa bhua a bhí acu ar Naomh Uinsionn coicís ó shin, an 2-5 a d’aimsigh an fear mór ag déanamh cinnte go mbeadh a fhoireann ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais. Is in aghaidh Áth Fhada atá Cill na Martra tráthnóna agus an-seans acu cluiche leathcheannais a bhaint amach. Tá an seanfhondúir Pearse O’Neill fós ag imirt d’Áth Fhada ach, in éineacht leis an Deasúnach, ba cheart go mbeadh Tadhg Ó Corcara agus muintir Uí Dhuinnín rómhaith dóibh.

Tá cluiche tábhachtach ag foireann eile Mhúscraí, Naomh Abán, freisin agus caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Naomh Uinsionn más leo fanacht sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach don bhliain seo chugainn.

Dé Sathairn, 17 Meán Fómhair

Craobh Shinsir A Peile Chorcaí

Cnoc na Graí v Béal Átha an Ghaorthaidh – Sráid an Mhuilinn, 3.30pm

Príomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí

Cill na Martra v Áth Fhada – Baile an Chollaigh, 3.30in

Naomh Abán v Naomh Uinsionn – An Chloch Dhubh, 4in

An Mhí

Imreoidh Bhulf Tón i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mí an deireadh seachtaine seo agus iad ag iarraidh an chraobh a bhuadar anuraidh a chosaint. Chríochnaigh Bhulf Tón ar bharr Ghrúpa A agus trí chluiche as trí cinn buaite acu agus is iad rogha na coitiantachta do chluiche an Domhnaigh agus iad ag imirt in aghaidh Gael Cholmcille san Uaimh.

Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile na Mí

Bhulf Tón v Gaeil Cholmcille – Páirc Tailteann, 4in

Gaillimh

Tá tús iontach curtha ag iománaithe Mhaigh Cuilinn lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir B na Gaillimhe agus trí chluiche as trí cinn buaite acu go dtí seo. Dá n-éireodh le fir Chonamara Cillín a’ Díoma-Liatroim a shárú tráthnóna i Staid an Phiarsaigh, bhainfeadh siad áit amach i réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe agus chinnteofaí áit i gCraobh Shinsir A an chontae don bhliain seo chugainn, gaisce iontach don dream a bhuaigh an Chraobh Idirmheánach anuraidh.

Tá cluiche tábhachtach ag An Spidéal freisin sa Chraobh Idirmheánach an deireadh seachtaine seo. Caithfidh fir Chois Fharraige an ceann is fearr a fháil ar an gCaisleán Gearr chun cluiche ceannais dícháilithe a sheachaint.

Dé Sathairn, 17 Meán Fómhiar

Craobh Shinsir B Iomána na Gaillimhe

Maigh Cuilinn v Cillín a’ Díoma-Liatroim – Staid an Phiarsaigh, 5pm

Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe

An Spidéal v An Caisleán Gearr – Staid an Phiarsaigh, 12in

Fág freagra ar 'Cluichí ceathrú ceannais roimh fhoirne Gaeltachta i nDún na nGall, Corcaigh agus contae na Mí'