Cluichí ceannais an Chomórtais curtha ar ceal, díoma ar chách agus páirc Ard an Rátha ina ghreallach

Gan aon socrú déanta fós faoi atheagú na gcluichí ceannais. Cuireadh críoch tobann le cluiche ceannais sóisir na mban níos túisce inniu

ComPeil15-0006-6
Ag cruachan in aghaidh na hanachaine, Páirc Ard an Rátha trátnóna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Den chéad uair ó bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta i 1969 níor imríodh na cluichí ceannais sinsir nó sóisir i gcraobh na fir i mbliana, nuair a fágadh páirc Ard an Rátha ina ghreallach ag an drochaimsir.

Oíche aréir a thosaigh sé ag doirteadh báistí in Ard an Rátha agus nuair nár tháinig stad ná staonadh uirthi tráthnóna inniu, cinneadh go raibh an oiread sin uisce tógtha ag an bpáirc nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis na cluichí ceannais.

Údar díoma a bhí ann gan amhras do na foirne, dá lucht leanta agus do choiste eagraithe an chomórtais. Bhí gach duine ag súil go mór le cluichí ceannais an lae inniu, go háirithe an cluiche sinsir idir Cill Chartha agus Naomh Conaill, coimhlint a mheallfadh na sluaite fiú agus é ag greadadh báistí.

Ach ní raibh aon dul as sa deireadh ach an dá chluiche a chur ar ceal.

Deir Máire Nic Aoidh, rúnaí Chumann Ard an Rátha, gur mór an trua é nach raibh siad in ann críoch cheart a chuir leis an gcomórtas, go háirithe agus an oiread sin dua agus allais caite ag ullmhú don deireadh seachtaine.

“Tá an-díoma orainn nach bhfuil an dá chluiche anseo ag dul ar aghaidh. Tá muid cúig bliana ag fanacht ar an deireadh seachtaine seo agus dhá bhliain ag ullmhú dhó. Chuir muid coiste le chéile dhá bhliain ó shin agus d’oibrigh muid go han-diain chun a bheith anseo. Bhí gach rud réidh againn, seachas an aimsir,” a dúirt Nic Aoidh le Tuairisc.ie.

Cé nach mbeidh aon fhadhb ann an cluiche sinsir a eagrú an athuair agus an  dá chumann a cháiligh dó beagnach buailte ar a chéile, beidh sé i bhfad níos deacra an cluiche sóisir idir Oileáin Árainn agus Na Dúnaibh a chur ar siúl arís.

Fiú agus locháin uisce ar an bpáirc imeartha, bhí baill an choiste eagraithe ag ag súil go bhféadfaí ar a laghad an cluiche sóisir a imirt arís mar gheall ar na fadhbanna a bhainfeadh le foireann as Gaillimh agus foireann as Dún na nGall a thabhairt le chéile arís.

Ach deineadh dhá scrúdú ar an bpáirc tráthnóna, agus shocraigh an lucht eagraithe agus na réiteoirí an dá chluiche a chur ar ceal ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na n-imreoirí.

Níl aon dáta eile socraithe do na cluichí agus d’admhaigh Nic Aoidh nach bhfuil aon réiteach simplí le fáil ar an scéal.

“B’fhéidir go mbeadh muid in ann deireadh seachtaine éigin a fháil chun na ceithre foirne a thabhairt le chéile agus an dá chluiche a imirt arís. Ní bheidh sé sin éasca mar tá craobhacha an chontae ag dul ar aghaidh thíos i nGaillimh agus anseo i nDún na nGall fosta. Tá trua go háirithe againn d’fhoireann Oileáin Árainn nach raibh siad ábalta an comórtas a chríochnú.”

ComPeil15-0086-6

D’éirigh leo cluiche ceannais sóisir na mban idir Maigh Cuilinn agus Naomh Conaill a imirt níos túisce sa lá, ach níor tháinig an cluiche sin slán ar fad ón drochaimsir ach an oiread.

Toisc go raibh cosa n-imreoirí ag sleamhnú uathu agus go raibh an liathróid ag greamú den dromchla, chinn an réiteoir deireadh a chuir leis an gcluiche agus cúig nóiméad fós fanta ann. Bhí cailíní na Gaillimhe chun cinn ag an am, 3-10 in aghaidh 1-8, agus bronnadh an bua orthu, toradh a d’fhág gur choinnigh siad greim ar an gcorn a bhuaigh siad agus iad ag imirt sa bhaile ar pháirc an Bhaile Dóite anuraidh.

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais an Chomórtais curtha ar ceal, díoma ar chách agus páirc Ard an Rátha ina ghreallach'