Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén leithscéal a luaitear i dtosach an ailt?
- Cén fáth a luaitear Covid-19?
- Cad é an t-ábhar is mó a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine le tamall?
- Cén cur síos a thugtar ar chúrsaí tithíochta sa tír seo?
- Cad a tharlóidh ag deireadh an Earraigh?
- Cén fáth a luaitear Gardaí, altraí agus múinteoirí?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
fadhbanna a leigheas. Nach na himirce arís muinín le uafásach é go bhfuil muid, mar thír, ag dul i an scéal
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh ceithre shampla den tuiseal ginideach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- i bhfad ró-ard de réir rialacha na hEorpa agus ciallaíonn sin go mbeidh rátaí úis ag ardú tuilleadh.
- Cothóidh sin tuilleadh deacrachtaí don té atá ag íoc morgáiste.
- Cuireadh milleán ar Covid-19 freisin faoin easpa dul chun cinn le seirbhís sláinte níos fearr a chur ar fáil.
- Bheadh súil againn ar fad go ndéanfar iarracht na bearnaí sin a líonadh in 2023.
- Tá an costas maireachtála ag suaimhniú i dtús 2023 – an ráta boilscithe sa tír seo ag 9%. Tá sin fós
- Beidh billí fuinnimh ard i gcónaí de réir mar atá an ghéarchéim fuinnimh ag leanacht ar aghaidh, smachtbhannaí
- ar an Rúis agus comhlachtaí ag teacht i dtír ar chustaiméirí atá imníoch.
- Tá liostaí feithimh, brú ar ospidéil agus ganntanas seirbhísí chomh fairsing anois agus a bhí siad riamh. Níl aon
- áireamh déanta fós ar na deacrachtaí atá fágtha ina dhiaidh ag Covid i measc daoine atá tinn fadtéarmach dá bharr, gan trácht
- orthu siúd – páistí go háirithe – a ndeachaigh a gcuid tinnis agus fadhbanna thart i ngan fhios.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Nach Uafásach an Scéal é go Bhfuil Muid ag Dul i Muinín na hImirce Arís le fadhbanna a leigheas?'