CLUASTUISCINT: Nach Uafásach an Scéal é go Bhfuil Muid ag Dul i Muinín na hImirce Arís le fadhbanna a leigheas?

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén leithscéal a luaitear i dtosach an ailt?
  • Cén fáth a luaitear Covid-19?
  • Cad é an t-ábhar is mó a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine le tamall?
  • Cén cur síos a thugtar ar chúrsaí tithíochta sa tír seo?
  • Cad a tharlóidh ag deireadh an Earraigh?
  • Cén fáth a luaitear Gardaí, altraí agus múinteoirí?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

fadhbanna a leigheas. Nach na himirce arís muinín le uafásach é go bhfuil muid, mar thír, ag dul i an scéal

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh ceithre shampla den tuiseal ginideach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. i bhfad ró-ard de réir rialacha na hEorpa agus ciallaíonn sin go mbeidh rátaí úis ag ardú tuilleadh.
  2. Cothóidh sin tuilleadh deacrachtaí don té atá ag íoc morgáiste.
  3. Cuireadh milleán ar Covid-19 freisin faoin easpa dul chun cinn le seirbhís sláinte níos fearr a chur ar fáil.
  4. Bheadh súil againn ar fad go ndéanfar iarracht na bearnaí sin a líonadh in 2023.
  5. Tá an costas maireachtála ag suaimhniú i dtús 2023 – an ráta boilscithe sa tír seo ag 9%. Tá sin fós
  6. Beidh billí fuinnimh ard i gcónaí de réir mar atá an ghéarchéim fuinnimh ag leanacht ar aghaidh, smachtbhannaí
  7. ar an Rúis agus comhlachtaí ag teacht i dtír ar chustaiméirí atá imníoch.
  8. Tá liostaí feithimh, brú ar ospidéil agus ganntanas seirbhísí chomh fairsing anois agus a bhí siad riamh. Níl aon
  9. áireamh déanta fós ar na deacrachtaí atá fágtha ina dhiaidh ag Covid i measc daoine atá tinn fadtéarmach dá bharr, gan trácht
  10. orthu siúd – páistí go háirithe – a ndeachaigh a gcuid tinnis agus fadhbanna thart i ngan fhios.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Nach Uafásach an Scéal é go Bhfuil Muid ag Dul i Muinín na hImirce Arís le fadhbanna a leigheas?'