Nach uafásach an scéal é go bhfuil muid ag dul i muinín na himirce arís le fadhbanna a leigheas?

Tá glúin nua d’óige na tíre ag dul ar imirce ar mhaithe le luach tí a shaothrú nó de bharr coinníollacha oibre níos fearr a bheith ar fáil ar fud na cruinne

Nach uafásach an scéal é go bhfuil muid ag dul i muinín na himirce arís le fadhbanna a leigheas?

Cé go séanfadh na polaiteoirí gur leithscéal atá ann tá go leor den phobal a mheasann gur baineadh aimhleas uaireanta as an ngéarchéim sláinte le míniú a thabhairt ar easpa gnímh agus dul chun cinn ó thaobh an rialtais seo.

Toghadh iad nuair a bhí Covid-19 ina neart agus caitheadh beagnach dhá bhliain ag iarraidh dul i ngleic leis an tinneas féin, an feachtas le vacsaíní a dháileadh agus an tionchar a bhí ag an dianghlasáil ar réimsí éagsúla den saol.

Bhí ceist na tithíochta ar an gceist is mó a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine le tamall. Gealladh dul chun cinn, tógáil bhreise agus soláthar tithíochta idir thithíocht shóisialta agus áitribh ar cíos. Ar gcúl a chuaigh an scéal ó shin.

Tá níos mó daoine ná riamh gan dídean agus ardú leanúnach ar na figiúirí míosúla. Tá an margadh cíosa ina chiseach – an cíos ag ardú as cuimse, tiarnaí talún ag éirí as an margadh príobháideach agus tiocfaidh deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú i ndeireadh an earraigh.

Níl altraí, Gardaí ná múinteoirí in acmhainn áit chónaithe a fháil, ar cíos ná le ceannach. Tá glúin nua d’óige na tíre ag dul ar imirce ar mhaithe le luach tí a shaothrú nó de bharr coinníollacha oibre níos fearr a bheith ar fáil ar fud na cruinne. Nach uafásach an scéal é go bhfuil muid, mar thír, ag dul i muinín na himirce arís le fadhbanna a leigheas.

Cuireadh milleán ar Covid-19 freisin faoin easpa dul chun cinn le seirbhís sláinte níos fearr a chur ar fáil. Tá liostaí feithimh, brú ar ospidéil agus ganntanas seirbhísí chomh fairsing anois agus a bhí siad riamh. Níl aon áireamh déanta fós ar na deacrachtaí atá fágtha ina dhiaidh ag Covid i measc daoine atá tinn fadtéarmach dá bharr, gan trácht orthu siúd – páistí go háirithe – a ndeachaigh a gcuid tinnis agus fadhbanna thart i ngan fhios.

Bheadh súil againn ar fad go ndéanfar iarracht na bearnaí sin a líonadh in 2023.

Tá an costas maireachtála ag suaimhniú i dtús 2023 – an ráta boilscithe sa tír seo ag 9%. Tá sin fós i bhfad ró-ard de réir rialacha na hEorpa agus ciallaíonn sin go mbeidh rátaí úis ag ardú tuilleadh. Cothóidh sin tuilleadh deacrachtaí don té atá ag íoc morgáiste. Beidh billí fuinnimh ard i gcónaí de réir mar atá an ghéarchéim fuinnimh ag leanacht ar aghaidh, smachtbhannaí ar an Rúis agus comhlachtaí ag teacht i dtír ar chustaiméirí atá imníoch.

Cothóidh sin fadhb bhreise don rialtas in 2023 – ní fadhb nua í an bhochtaineacht ach beidh sí níos géire. Tá tuairiscí cloiste cheana féin faoi sheandaoine agus daoine gan dídean atá in umar na haimléise.

Deir an rialtas go dtiocfaidh siad i gcabhair ar theaghlaigh atá ag fulaingt arís san earrach, más gá. An teacht isteach ollmhór ó cháin chorparáide atá ag cur ar a gcumas a leithéid a dhéanamh go fóill. Tá ceisteanna faoi sin féin anois mar gheall ar an éiginnteacht in earnáil na teicneolaíochta agus na poist atá á gcailleadh sna comhlachtaí móra atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Bheadh maolú ar go leor den éiginnteacht go hidirnáisiúnta agus sa mbaile dá dtiocfadh deireadh leis an gcogadh san Úcráin.

Thabharfadh sé deis díriú go pointeáilte ar fhadhbanna atá le réiteach againn anseo sa mbaile. Faraor agus tús na bliana nua buailte linn is amhlaidh atá muid ag teannadh le bliain eile den chogaíocht seachas a bheith ag díriú ar chríoch leis an achrann.

Beidh an cogadh lárnach arís sa gcaoi a rachaidh an saol dúinn in 2023.

Fág freagra ar 'Nach uafásach an scéal é go bhfuil muid ag dul i muinín na himirce arís le fadhbanna a leigheas?'

  • Gearóid Ó Fathaigh

    Cén fhoinse fianaise atá agat leis an maíomh go bhfuil glúin óg na tíre seo ag dul ar imirce ina dtáinte? Fianaise le do thoil?