An Dáil curtha ar athlá faoi dhó roimh thoghadh Taoiseach nua

Níos lú ná leathuair an chloig i ndiaidh thús na n-imeachtaí a chuir an Ceann Comhairle an Dáil ar athlá den chéad uair mar gheall ar raic faoi chearta cainte

An Dáil curtha ar athlá faoi dhó roimh thoghadh Taoiseach nua

Cuireadh an Dáil ar athlá faoi dhó ar maidin agus Teachtaí Dála bailithe le chéile chun vótáil do Thaoiseach agus rialtas nua.

Níos lú ná leathuair an chloig i ndiaidh thús na n-imeachtaí a chuir an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, an Dáil ar athlá den chéad uair mar gheall ar raic a tharraing páirtithe an fhreasúra faoi chead cainte a bheith ag an ngrúpa neamhspleách atá ag tacú le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Bhí sé ina raic freisin faoin sos coicíse i ndiaidh shuí an lae inniu atá á mholadh ag na páirtithe sin.

Chuir an Ceann Comhairle Verona Murphy an Dáil ar athlá i ndiaidh do Theachtaí Dála ó Shinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, Independent Ireland, Aontú, agus Pobal Seachas Brabús cur in aghaidh moladh go dtabharfaí cuid d’am cainte an fhreasúra do bhaill an Ghrúpa Réigiúnaigh Neamhspleách.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur “cleas soiniciúil nach bhfacthas a leithéid cheana” a bhí sa mholadh go gcuirfeadh Fianna Fáil agus Fine Gael a “gcomrádaithe neamhspleácha” ar bhinsí an fhreasúra. Dúirt sí nach raibh an beart “féaráilte” ná “neamhspleách” ach a mhalairt.

Nuair a d’fhill an Dáil thosaigh an raic arís láithreach agus chuir an Ceann Comhairle na himeachtaí ar athlá arís ar feadh 30 nóiméad eile.

Sular cuireadh imeachtaí ar athlá den chéad uair, dúirt Duncan Smith, aoire Pháirtí an Lucht Oibre, gur easaontaigh gach ball den fhreasúra leis an gcinneadh agus nach bhféadfaí leanacht ar aghaidh go dtí go réiteofaí an cheist. D’iarr sé ar an gCeann Comhairle a aithint go bhfuil easaontas ann agus spriocdháta a fhógairt “ar mhaithe leis an Dáil ar fad”.

Thosaigh ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, ag tabhairt amach faoin achar fada ama atá imithe tharainn ó tháinig an 34ú Dáil le chéile ach ba dheacair dó a cuid chainte a dhéanamh mar gheall ar an ngleo a tharraing sí ón bhfreasúra – a chuir ina leith go raibh sé ag tacú le páirtithe an rialtais trí thacaíocht a thabhairt don Ghrúpa Réigiúnach.

“Mugadh magadh” a thug ceannaire Phobal Seachas Brábus, Richard Boyd-Barrett, ar imeachtaí na Dála.

Dúirt sé nach raibh údar ar bith ann nach bhféadfaí an Clár Rialtais a aontaíodh an tseachtain seo caite a phlé sa Dáil an tseachtain seo chugainn agus nach raibh aon ghá le saoire coicíse le deis a thabhairt do na hAirí nua “socrú isteach”. Dúirt sé gur “ag caint ó chaon taobh dá mbéal” a bhí baill an Ghrúpa Réigiúnaigh agus gur “Fianna Fáil agus Fine Gael i mbréagriocht” a bhí iontu. Chuir sé i leith Fhianna Fáil agus Fhine Gael gur “stroke politics” a bhí ar bun acu.

Ba é an Teachta Dála Matt Carthy is mó a tharraing raic faoi na socruithe cainte do bhaill an Ghrúpa Réigiúnaigh agus é ar na boinn ag béiceach faoin gceist. D’iarr an Ceann Comhairle air cúpla babhta suí síos arís agus bhagair an Dáil a chur ar fionraí. Dúirt sé gur “tástáil” a bhí sa cheist agus gur “ag teip” a bhí an Ceann Comhairle.

Chuir Verona Murphy an Dáil ar fionraí ar feadh cúig nóiméad déag go gairid ina dhiaidh sin.

Tá socrú sealadach á mholadh go mbeadh cead cainte ar bhinsí an fhreasúra ag na neamhspleáigh atá ag tacú leis an rialtas ach nach bhfuil poist rialtais acu, ach deir an Ceann Comhairle nach féidir léi a rá cén uair a dhéanfar cinneadh críochnúil faoin scéal.

 

 

Fág freagra ar 'An Dáil curtha ar athlá faoi dhó roimh thoghadh Taoiseach nua'