Ceapfar comhrialtas nua i nDáil Éireann inniu agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin le filleadh ar oifig an Taoisigh ar feadh trí bliana nó go dtiocfaidh Simon Harris Fhine Gael i gcomharbacht air amach sa bhliain 2027.
I ndiaidh vóta sa Dáil rachaidh Micheál Martin go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air.
Agus séala a oifige aige, tabharfaidh Micheál Martin aghaidh ar a oifig nua i dTithe an Rialtais agus ceapfaidh sé a chuid airí.
Beidh a gcéad chruinniú ag an rialtas in Áras an Uachtaráin inniu.
Ochtar airí sinsearacha a bheidh ag Fianna Fáil, an páirtí is mó sa Dáil nua, agus seachtar a bheidh ag Fine Gael.
Beidh beirt mhór-airí stáit agus triúr airí stáit ag an ngrúpa neamhspleách a bheidh ag tacú leis an rialtas nua.
Ar na hathruithe atá beartaithe ag an rialtas nua a dhéanamh ar na ranna stáit tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta le haistriú go dtí an Roinn Tuaithe agus Pobail.
Beidh cúram nua ó thaobh infreastruchtúir ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus cuirfear gnóthaí baile agus imirce leis an Roinn Dlí agus Cirt.
Aistreofar roinnt cúraimí ó thaobh na trádála de ón Roinn Fiontraíochta go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar a mbeidh an Tánaiste nua, Simon Harris ina aire.
Ar na cúraimí atá á lua leis na hairí a bheidh ag Fianna Fáil tá an Roinn Caiteachais Phoiblí, an Roinn Tithíochta, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Iompair agus Timpeallachta, An Roinn Breisoideachais agus an Roinn Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas.
Meastar gurb é Jack Chambers a bheidh ina Aire Caiteachais Phoiblí. Tá caint ann go mbeidh an tAire Oideachais Norma Foley ina hAire Coimirce Sóisialaí agus go bhfanfaidh Darragh O’Brien sa Roinn Tithíochta. Sin mura mbogfaí O’Brien go dtí an Roinn Dlí agus Cirt, aireacht atá á lua chomh maith le James Browne agus Jim O’Callaghan.
Tá Dara Calleary, cainteoir Gaeilge a bhí tamall gearr ina aire stáit Gaeltachta, á lua leis an Roinn Iompair agus Timpeallachta nó an Roinn Breisoideachais. Meastar go mbeidh Mary Butler ó Phort Láirge, atá ina haire stáit ó 2020, ina hAire Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas.
Tuairiscítear go bhfuil Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta as Dún na nGall, Niall Collins agus Timmy Dooley san áireamh d’aireacht shinsearach chomh maith.
Meastar gur ag na hairí ó Fhine Gael a bheidh an Roinn Airgeadais, an Roinn Talmhaíochta, an Roinn Oideachais, an Roinn Sláinte, an Roinn Ealaíon agus Meán agus an Roinn Fiontraíochta agus Fostaíochta.
D’fhéadfadh go mbeidh Jennifer Carroll MacNeill ina haire sláinte agus go mbeidh Martin Heydon ina Aire Talmhaíochta.
Meastar go mbeidh Paschal Donohoe ag filleadh ar an aireacht airgeadais. Tá Helen McEntee, leascheannaire Fhine Gael, á lua leis an Roinn Oideachais, mar atá Hildegarde Naughten agus Patrick O’Donovan.
Tá Helen McEntee luaite chomh leis an roinn fiontraíochta ach más í an roinn oideachas atá i ndán di, d’fhéadfadh gur ag Peter Burke a bheadh fiontraíocht. Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan á lua le roinn eile chomh maith – an roinn cultúir agus meán.
Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe. Tá líon na n-airí stáit, a fhógrófar an tseachtain seo chugainn, á ardú ó 20 go dtí 23.
Idir an dá linn, tá sé i gceist ag páirtithe sa bhfreasúra aighneacht a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag cur i gcoinne an phlean go mbeadh cuid den Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách atá ag tacú leis an rialtas ag suí ar bhinsí an fhreasúra.
Tá míshástacht ann go mbeadh cuid d’am cainte an fhreasúra ag na neamhspleáigh atá ag tacú leis an rialtas ach nach bhfuil poist rialtais acu.
Fág freagra ar 'Comhrialtas nua le ceapadh i nDáil Éireann, Micheál Martin le toghadh ina Thaoiseach'