Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Céard a tharla dhá bhliain ó shin?
- Cén léargas a thug próiseas ceapacháin an Cheann Comhairle dúinn?
- Céard atá ráite ag an Uachtarán Biden faoin ionsaí ar an Capitol?
- Céard a chreideann go leor daoine?
- Cén fáth a luaitear an figiúr 140.
- Cén fáth a luaitear an focal “soineantacht”?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
-
- bheidh le rá ag Níl aon sonraí méid a an Uachtarán breise tugtha faoin Biden.
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla d’ainm briathartha agus d’ainmfhocal san iolra.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- an coiste go gcuirfí ceithre chúis choiriúil in aghaidh Donald Trump as lucht an fhoréigin a ghríosú.
- Go dtí seo níl fógartha ach ag iarrthóir amháin go mbeidh sé san iomaíocht – Donald Trump.
- Ar ndóigh is iarracht a chinntiú nach ndearbhófaí eisean mar Uachtarán tar éis an toghcháin in 2020 a spreag an chíréib
- dhá bhliain ó shin. Tá an feachtas le toradh an toghcháin sin a chur ar neamhní fós ag déanamh imní do chuid de lucht
- leanúna Donald Trump agus fós ina ábhar imní ag iliomad fiosrúchán coiriúil. Tá muid ag fanacht le freagra freisin ó
- Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe faoi mholtaí an choiste Comhdhála faoi eachtraí Eanáir 6 2020. Mhol
- Bliain ón am seo cuirfear tús le séasúr na réamhthoghchán don chéad toghchán uachtaránachta eile.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Dhá Bhliain ó Chíréib an 6 Eanáir, Níl an Daonlathas Tagtha Chuige Féin go Fóill i SAM'