Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cé mhéad scoláire a bheidh cead ag fir is mná tí a choinneáil as seo amach?
- Cén tAire/Roinn a rinne an fógra?
- Cén bhaint atá ag 2014 leis an scéal?
- Cén fáth a bhfuil an beart nua seo cabhrach?
- Cén fáth a luaitear an tsuim airgid €3,168?
- Cén t-ardú a tháinig ar an deontas anuraidh?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart:
a dúirt an tAire Stáit O’Donovan. “Is cúis áthais praiticiúil seo a cheadú ar leas na gcoláistí Gaeilge theaghlaigh na scéime agus chóras araon,” dom a bheith ábalta an beart
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach agus d’aidiacht.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- breise ar fáil, ach cabhróidh sé chomh maith leis na coláistí iad féin.
- De thoradh seo beidh tithe agus coláistí araon in ann
- Is gá freisin báisín níochán lámh in aghaidh gach seisear a bheith sa teach agus
- leithreas agus cithfholcadán do gach deichniúr, muintir an tí san áireamh.
- “Ní hamháin go gcuirfidh an t-athrú seo ar chumas tithe cáilithe na scéime breis ioncaim a fháil as a bheith ag cur lóistín
- deiseanna breise a chur ar fáil d’aos óg na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge i bhfearann dúchais na teanga, an Ghaeltacht – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar ndóigh.”
- De réir threoirlínte na Roinne, ní foláir do theaghlaigh a chinntiú go bhfuil 8.5 méadar ciúbach spáis urláir in aghaidh an scoláire
- ar fáil sna seomraí codlata agus ní féidir níos lú ná beirt ná níos mó ná seisear a bheith in aon seomra faoi leith.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féachaigí siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cead Faighte ag Mná Tí na gColáistí Samhraidh Níos Mó Scoláirí a Choinneáil'